Entradas

Oíche chomh te le hIfreann

Imagen
Bhí mé ag cruinniú éigin i Háítí , cé go raibh cuma ró-ghalánta ar an halla. Ag plé rudaí éagsúla, deisiúchán ar na bóithre tar éis na stoirme, daoine as eagraíochtaí éagsúla, fíorbheagán de mhuintir na háite.  Tháinig bean chugam agus thug sí pláta beag dom, cosúil leis na plátaí beaga a bhíonn i mbialanna seapánacha don anlann soighe.  ‘Cad é seo?’ arsa mise ag amharc air. Ní raibh aon rud scríofa air. ‘Beidh tú ag fáil gradaim nuair a théann tú ar ais go Baile Átha Cliath’, ar sise. ‘Gradam? Tuige? Cé uaidh? ‘Ó Podemos na hÉireann.’ D’imigh sí. Bhí Ruairí Ó Brádaigh ag caint liom ansin.  Bhí dhá phláta aige sin. Ceann mór a raibh a lán scríbhneoireachta air, nach raibh mé ábalta a léamh.  Ceann beag le hainm scríofa air: ‘Nicaragua Ó Cualáin.’ ‘Duine éigin as Conamara a bhí i Meiriceá Láir ar son na cúise?’ arsa mise. ‘Ní hea. A mhac. D’ainmnigh sé a mhac tar éis dó seal a chaitheamh ag troid ar son na...

Fadó fadó in Éirinn

An Spá, 1960: An leanbh ina shuí leis féin sa chistin. Gliogar ón tine, dorchadas ag titim,  fuaimeanna beaga, ainmhithe nó feithidí i mbun a ngnó,  an gasúr ar chathaoir adhmaid, ag machnamh.  Ach níl trí bliana slánaithe go fóill aige. An mbíonn leanbh ag machnamh? Tagann a athair isteach: "an bhfuil tú ansin leat féin, tá sé in am dul a chodladh".  Tuairim éigin go raibh faillí déanta, mé dearmadta, nach fiú a dhath a iarraidh.  Má imrím le haon rud go mbeidh sé briste,  má ithim aon rud go mbeidh siad ar buile liom,  níl cead,  ná déan,  ná bac,  fan ciúin,  má dhéanann tú iarracht imeacht amach béarfar ort,  coinneoimid súil ort i gcónaí,  níl sé in ndán duit a bheith sásta  ná déan iarracht ach nuair a ordaítear duit,  níl cead níl cead níl cead.  Ag teacht abhaile ón trá, cos clúdaithe le gaineamh.  Nuair a nitear í tá sí gearrtha go dona,...

Machnamh an duine doilíosaigh

Scríobh bean nár chuala mé iomrá riamh uirthi alt san Irish Times tamall ó shin agus tá Gaeilgeoirí ag at agus ag pléascadh le fearg mar go ndúirt sí nach bhfuil aon ghá le Gaeilge. An comhartha seanaoise é nár bhac mé leis an alt a léamh, ná an díospóireacht a lean é? Bíonn ailt dá leithéid sna páipéir 'náisiúnta' ó am go ham, agus leagan éigin den argóint chéanna iontu. Ní amháin gur cur amú ama é Gaeilge a fhoghlaim ach déanann sé dochar d'intinn agus d'anam an linbh, a mhaítear, agus ar aon nós níl aon ghá le Gaeilge le bheith i d'Éireannach. Fanaim amach as an díospóireacht agus an argóint de ghnáth mar gur fáinne fí an mhearbhaill é a bheith ag spairn le naimhde agus 'cairde' na Gaeilge. Cinnte is féidir le duine a bheith ina Éireannach gan Gaeilge, ach ní haon ábhar bróid é a bheith Éireannach, go deimhin is náire a chuireann an tÉireannachas orm féin de ghnáth. Is Gael mise, ní féidir le hÉireannach gan Gaeilge a bheith ina Ghael.  Ar an droch...

Tabarca

Imagen
Seachas cóip de cheann de mhórlonga cogaidh chabhlach na Spáinne a cuireadh go tóin tar éis chath Trafalgar, bia den scoth, agus neart ceoil ar na sráideanna, ní fhéadfaí a rá gur chathair tharraingteach í Alicante i gcúige Valencia. Ach amuigh sna sléibhte, i Santuario de Pla de Petrarcos, tá saothair ealaíne sna carraigeacha, a rinneadh ocht míle bliain ó shin.  http://arqueologiaalicante.blogspot.com.es/2011/02/conjunto-de-arte-rupestre-de-pla-de.html Agus amuigh sa Mheánmhuir tá oileán beag a bhfuil daoine ina gcónaí fós ann,  seanteanga Valencia á labhairt acu go fóill (is Catalóinis í ach ná habair sin le muintir Valencia ... ), iad beo ar an iascaireacht agus ar an turasóireacht, oileán a bhí i seilbh na Múrach ar feadh i bhfad, na Críostaithe ina sclábhaithe acu, nach mbíonn ann sa gheimhreadh ach timpeall fiche duine, ach na mílte ar cuairt gach lá i rith an tsamhraidh. Tearmann éan agus bláthanna. Fuarthas iarmsaí Rómhánacha ar an oileán, agus ...

Sodardhraíocht i bPluais na mBuabhall

Imagen
D'fhoghlaim mé an focal 'buabhall' blianta fada ó shin as an leabhar 'Laochra na Machairí' le Annraoi Ó Liatháin, an sárscríbhneoir Déiseach. Ainmhí mór trom láidir a mhair ar mhachairí fairsinge na hEorpa i Meiriceá Thuaidh agus na hEoráise go dtí gur tháinig an duine, an neach lag le hinchinn mhór, méara aclaí agus saint gan teorainn. Agus misneach, an chrógacht le aghaidh a thabhairt ar an ainmhí agus é a chloí. Samhlaímid anois na sealgairí ar chapaill agus bogha agus saigheada mar arm acu, ach thosaigh an duine ar a chuid seilge i bhfad sular raibh smacht aige ar an chapall. B'éigean dó aithne a chur ar na hainmhithe, a gcuid nósanna a thuiscint, bua a fháil ar sceon, an t-aimmhí a cheapadh. Labhair an Ríordánach faoin 'aigne linbh' agus ba í sin a bhí ag teastáil ón duine anallód le teacht slán agus teacht i gceannas ar an domhan.   ('líontar an saol de chapall-alltacht agus de shodardhraíocht. Sin bheith – bheith fé ghné eile.) Tá an sod...

Seosamh Mac Grianna Míreanna Saoil le Pól Ó Muirí, Cló Iarchonnacht 2007.

Imagen
Seosamh Mac Grianna Míreanna Saoil le Pól Ó Muirí, Cló Iarchonnacht 2007. Má thráigh an tobar fadó bíonn corrdhuine ag triall air go fóill. Níos mó ná seachtó bliain ó shin chuir Seosamh Mac Grianna deireadh lena shaothar scríbhneoireachta, ag rá go raibh a dhícheall déanta agus gur chuma leis. Bhí gearrscéalta, aistriúcháin, aistí agus úrscéalta scríofa aige agus é molta go minic as an gcion a bhí déanta aige do litríocht na Gaeilge. Chuaigh sé as amharc ansin, ina othar tostach ar bheagán aird ar feadh bliana agus tríocha in Ospidéal Naomh Conaill i Leitir Ceannain. Níl dialanna ná páipéir phearsanta eile againn a thabharfadh níos mó eolais faoin duine ná mar a thug sé féin, ní féidir a bheith cinnte fiú cérbh í an bhean a phós sé, má phós. Ach ní dhearnadh dearmad go hiomlán riamh de. Bhí scéalta dá chuid ar chlár na hArdteiste agus tugadh gradam mór dó as An Droma Mór , leabhar a foilsíodh i bhfad tar éis dó é a scríobh. Ní haon iontas...

Níl aon duine ag léamh, deirtear

"Cén fáth nach bhfuil leabhair Ghaeilge á léamh? Feicim go bhfuil an cheist seo á cíoradh arís eile ar na meáin agus á plé ar an idirlíon, mar a bhí is dócha leis na cianta. Samhlaítear dúinn go raibh daoine óga go háirithe ag léamh i bhfad níos fadó, roimh theacht na teilifíse abair, agus go raibh cumas teanga níos fearr acu dá bharr. Creidim gur fíor go raibh i bhfad níos mó á léamh ag daoine sa naoú haois déag agus agus ar feadh seasca bliain nó mar sin den bhfichiú haois, agus gur tháinig laghdú mór ar  an méid ama a chaith daoine le leabhair, coimicí, irisí, nuachtáin agus ábhar scríofa eile ó shin. Ach is léir chomh maith go bhfuil an t-uafás léitheoireachta á dhéanamh i gcónaí, agus go bhfuil níos mó scríbhneoireachta á dhéanamh ná mar a bhí riamh, mar thoradh ar na ríomhairí póca, glúine agus deisce atá ag na céadta milliún daoine anois, fóin agus táibléid le scáileán ar féidir scríobh go furast orthu agus an toradh a sheoladh go lucht aitheantas nó a chraobh...