Entradas

Mostrando entradas de diciembre, 2016

Scéilín

Triúr ban óg ag doras na bialainne, ag comhrá.  Agus é ag dul timpeall orthu labhair bean díobh. “Cogar, cogar.” D’amharc sé uirthi.  Bhí sí slachtmhar go leor, ach folús éigin sna súile, amhail is nach raibh a dhath déanta riamh aici. Thug sé cluas di. “An rachfá a luí liom?” Labhair sí go réidh, amhail is dá mbeadh sí ag fiafraí de cén t-am é.   Níor lig sé aon iontas air. “Anois díreach, nó ar ball? Anseo nó in áit níos príobháidí?” “Anocht. Tar chuig m’árasán. Scríobh sí seoladh ar bhlúirín páipéir as a leabhar nótaí agus chuir isteach ina lámh é.  Lean sé air, an blúirín ina phóca aige, chaithfeadh sé sa bhruscar é níos déanaí. Ach bhí an blúirín páipéir ina phóca go fóill agus é ag baint de le dul a luí.  Ní raibh an t-árasán rófhada óna áras féin. Ghléas sé é féin arís agus amach leis. Ní raibh aon am luaite aici. Lig sí isteach é agus é ag druidim le meán-oíche.  Níor chuir sí aon am amú ag comhrá ná níor thagair sí bia ná deoch dó. 

Crois i láimh amháin, bábóigín adhmaid sa láimh eile

Imagen
Thabharfá suntas di agus í ina seasamh sa scuaine don eitleán go Santo Domingo. Bhí sí ard, i bhfad níos airde ná na fir agus na mná Doimineacacha a bhí ar a mbealach abhaile. Agus na cosa fada nochta, neamhchosúil leis na mná eile uilig a raibh brístí ró-theanna géine orthu. Ní raibh sí ag caint le duine ar bith acu oiread sa slua glórach meidhreach, a haghaidh druidte. Ar an eitleán thóg sí crois amach as a máilín, agus bábóigín adhmaid, agus choinnigh greim dhlúth ar an dá chomhartha de na creidimh atá ag spairn le chéile ar oileán Hispaniola leis na cianta. D'fhan sí socair ar an eitilt as Nua Eabhroc go dtí go raibh muid ag tuirling, agus tháinig an chrois agus an bhábóg amach aris, greim chomh teann aici orthu go sílfeá go mbrisfeadh siad.

Ag Filleadh ar na Meánaoiseanna

Nuair a bhí mé i mo ghasúr bhíodh páipéir nuachta na hÉireann lán de thuairiscí agus de thuairimíocht faoina raibh ag tarlú sa Bhreatain. Ba léir go raibh lár na cruinne i Londain Shasana dar le lucht ceannais na tíre. In ainneoin na hathbheochana cultúrtha agus intleachtaí a tharla ag deireadh an 19ú haois, ghlac an mhórchuid de na daoine leis na caighdeáin agus na sainmhínithe coilíneacha ar an saol i gcoitinne. Tá an dearcadh sin láidir i gcónaí agus is féidir a rá, creidim féin, go bhfuil an cultúr céanna in Éirinn, mar thír nó mar stát nó mar 'oileán' agus atá san oileán soir uainn. Ach níl sa Bhreatain anois ach coilíneacht de chuid na himpireachta is cumhachtaí a tháinig ann riamh, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá croílár na cumhachta le fada an lá ar an an leathchruinne lastall den Atlantach, ní in aon chathair amháin, mar a bhí croí Impireacht na Breataine, ach i dtrí nó i gceithre ollchathair nó lárionad éagsúil airgeadais, polaitiúil, agus cultúrtha. Bhíodh polai

An Rud a Rinne Hitler leis na Giúdaigh.

Áit éigin ar an Lagán a fuair mé an síob. In aice le Bealach Féich is dóigh liom, mé ar mo bhealach ó dheas. Thart fán bhliain 1977. Fear maol tuaithe ag tiomáint. An comhrá ceart go leor ar feadh tamaill, an aimsir, cá bhfuil do thriail, cad as duit.... Nuair a luaigh mé Gaoth Dobhair d'athraigh sé. Tháinig cuthach air. 'Sin an áit a bhfuil daoine ag troid faoi chearta teanga mar dhea, ag cur isteach ar an aifreann, ag scrios na gcomharthaí bóthair.... An boc sin as Doire, cén t-ainm atá air? Ó Mianáin? An bhfuil a fhios agat cad ba chóir a dhéanamh lena leithéid? An rud a rinne Hitler leis na Giúdaigh!' Céad slán le Proinias Ó Mianáin a fuair bás i rith an tsamhraidh. Duine síochánta caidreamhach cineálta. Sheas sé agus labhair sé amach faoi na rudaí ar chreid sé iontu. D'fhéadfá a rá gur tharraing sé trioblóid air féin, ach is iad na daoine a dhéanann an gníomh garbh a bhíonn ciontach, ní hiad siúd a labhraíonn amach. Nuair a bhí an tOireachtas ag tosú i nGaoth