Entradas

Mostrando entradas de enero, 2016

Meangadh

Imagen
Bhí mé ag amharc ar chúpla muince i siopa seodóra i gcathair bhréagach Carcasonne. Phioc bean an tsiopa ceann de na muincí agus chuir sí uirthi é, le meangadh. Cheannaigh mé an ceann sin. Ar mo bhealach amach a tuigeadh dom chomh hálainn is a bhí sí leis an meangadh sin. 'Nár bhreá liom cuireadh chun dinnéir a thabhairt di .... ' ach bhí mé amuigh ar an tsráid fholamh faoin am sin agus ní bheadh sé de dhánaíocht agam filleadh. Mí Mhárta a bhí ann, Lá Fhéile Pádraig go deimhin.  Bhí na sráideanna ciúin, gan aon turasóirí sa seanchathair, na bialanna folamh. Faoi dheireadh chuaigh mé isteach i gceann acu agus d'ith mo dhinnéar liom féin go haonarach, mé ag smaoineamh ar cad a tharlódh dá gcasfainn ar mo sháil agus cuireadh chun dinnéir a thabhairt don seodóir mná. Cinnte dhiúltódh sí, ach mura ndiúltódh? Má bhí fear aici, nach bhféadfainn cuireadh a thabhairt dó siúd fosta agus bheadh cuideachta agus comhrá agam seachas a bheith ag ithe liom féin. Léim cat mór dubh

Marion Gunn, cloch bheag ar a leacht

Imagen
Marion Gunn Fuair sí bás inné, scéal a cuireadh chuig an dream a úsáideann an liosta Gaeilge-A, bean a rinne an t-uafás ar son na Gaeilge, go háirithe trí úsáid a bhaint as an nuatheic, breis is fiche bliain ó shin, ag bunú gréasán ar nós Gaelic-L, Gaeilge B agus Gaeilge A agus roinnt eile nach raibh baint agam féin leo.  Is cuimhin liom í a theacht go dtí an ollscoil i nGaillimh fadó le córas oibre an Mac, cluichí agus feidhmchláir oibre a thaispeáint do dhaoine a raibh spéis acu ina leithéid, an leagan Gaeilge a bhí déanta aici féin agus Michael Everson . An uair sin ba ghnách le daoine íoc as leaganacha de na feidhmchláir, ach ní raibh go leor sásta leaganacha Everson Gunn a cheannach, agus ní raibh sí ábalta leanúint ar aghaidh leis an obair sin.  Ar ndóigh níor thug na heagraíochtaí stáit aon aird uirthi nuair a dúirt sí gur cheart go mbeadh an leagan Gaeilge de Office srl ar na ríomhaire i ngach oifig.  Tríd na liostaí ríomhphoist chuir mé aithne ar roinnt da