Entradas

Mostrando entradas de 2023

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Imagen
  Trí bliana agus leathchéad ó shin, sa bhliain 1970, rinne lánúin cinneadh cúl a thabhairt leis an saol i gCorcaigh agus an turas a dhéanamh ó thuaidh go Tír Chonaill. Thug siad leo a n-ochtar clainne. Bhí an duine ba óige díreach tagtha ar an saol, ach ba é sin an duine den chlann a thuillfeadh aitheantas agus clú - agus a imeodh ón saol seo i bhfad roimh a am. D’fhéadfaí amharc ar an mbeirt seo mar lánúin choimeádach chráifeach Chaitliceach. Ní raibh lá nár dhúirt siad an paidrín agus ní raibh Domhnach nach mbeadh siad ar na binsí tosaigh ag an Aifreann. Níor cheadaigh siad teilifíseán sa teach agus bhí siad an-chúramach faoi na leabhair agus na foilseacháin eile a thabharfaí isteach sa teach. Staon siad ón ól agus ón tobac agus ó chuid mhór de shólaistí an tsaoil.  Ach féach orthu ar bhealach eile agus feicfidh tú gur réabhlóidithe iad an bheirt seo, Fionntán Mac Aodha Bhuí as an Muileann Cearr agus Eibhlín Ní Dhrisceoil as Cill Briotáin, mo thuismitheoirí. Tógadh an bheirt acu le

Slán le Berna

Imagen
Sa phictiúr thuas tá beirt de m'aintíní, Berna agus Treasa, mar a thug mo mháthair orthu. Bhí siad beirt ina mná rialta in ord Marie Reparatrice, ó bhí siad an-óg. Chaith siad na blianta ar mhisin éagsúla in Éirinn agus thar lear. Mar sin cé gur luaigh mo mháthair go minic iad ní raibh mórán teagmhála againn leo agus muid óg. Is cuimhin liom rud amháin, bhíodh duine acu á rá, ní cuimhin liom cén bhean acu, go raibh cuma easpaig ormsa agus déarfainn go raibh siad féin agus mo mháthair ag súil go ngabhfainn an treo sin. Faoin am go raibh mé i mo mhac léinn bhí siad beirt lonnaithe i gclochar i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. Bhuail mé féin agus mo dheartháir isteach acu anois agus arís. Chuiridís plátaí móra bia ar bhord romhainn i gcónaí agus ba mhór an fháilte a chuir beirt fhear óg síorocracha roimhe sin. Bhí an comhrá leo éirimiúil tuisceanach measúil i gcónaí, ach bhí siad sin, dar linne, istigh agus muide amuigh sa saol mór. Ar ndóigh bhí breall orainn. Bhí an bheir