Entradas

Mostrando entradas de agosto, 2018

Triúr Ban

Imagen
Triúr Ban Stop na póilíní mé agus mé ag imeacht as Jimani. “Cá bhfuil do thriall?” “Santo Domingo.” “Ceart go leor, ar aghaidh leat. Ach ná tabhair síob do dhuine ar bith. Tá dream contúirteach ar na bóithre anseo cois teorann.” “Thug mé ceathrar saighdiúr isteach sa bhaile arú inné.” “Tá sin ceart go leor. Ní haon dochar síob a thabhairt do shaighdiúir. Ach ná stop do dhuine ar bith eile.” Ar aghaidh liom. Tá an taobh tíre sin chomh hálainn, chomh héagsúil ón bhfásach ar an taobh eile den teorainn. Ar aghaidh liom timpeall ar Lago Enriquillo, atá ag méadú, páirceanna agus crainn ag dul faoi uisce de réir a chéile le tamall de bhlianta, agus gan a fhios ag aon duine cén fáth.  Ag cé bheag bhí bád, agus na hainmhithe aisteacha míofara sin, iguana. Tá crogaill sa loch. Dúradh liom go mbeadh turas ar fáil nuair a bheadh ochtar paisinéir tagtha. Ach níor tháinig aon turasóir. Tar éis uaire chuaigh mé ar aghaidh. Bean lena hordóg in airde. Lig mé isteach sa

Go Tobann tá an Oíche i bhFad níos Fuaire

Imagen
Is dóigh liom gur in Ottawa a cheannaigh mé an t-albam Ten New Songs, ar mo chéad chuairt ar Québec sa bhliain 2001. Bhí aithne agam ar cheol Leonard Cohen le blianta, bhíodh cara liom ag canadh línte "the Sisters of Mercy have not departed or gone" agus shíl mé go raibh sé róghafa leis na mná rialta. Rinne cuid de mo chairde iontas de leabhar filíochta darbh ainm Suzanne sa Seomra Folctha, agus bhíodh Suzanne, Mariane agus amhráin eile ar an raidió go minic. Is dócha gur shásaigh na hamhráin sin uaigneas aobhinn an déagóra, an sásamh aisteach a bhain cuid againn as brón agus cumha agus éagóir agus éadóchas an tsaoil. Cé gur dhúradh gur ceol le caol na láimhe a ghearradh a bhí ann, déarfainn go bhfuair go leor daoine faoiseamh, agus gur chuir siad lá na cinniúna siar tamall eile tar éis éisteach le 'Lady Midnight'. 'That's no Way to say Goodbye' agus amhráin mar iad. De réir a chéile thug mé faoi deara go raibh go leor grinn sna hamhráin chomh