Entradas

Mostrando entradas de agosto, 2017

Dá mBeadh Milliún Agam

Imagen
Ceann de na haistí scoile a bhíodh le scríobh againn ó am go ham. 'Dá mBuafainn Milliún Punt/an Crannchur". Is dócha gur theastaigh ó na múinteoirí a fháil amach an raibh an Modh Coinníollach foghlamtha againn. Ach ar ndóigh tá an-chuid againn ag brionglóid i gcónaí agus ticéid á gceannach againn do chrannchuir, rásaí capaill, agus ag cur geall nó dhó ar chluichí, toghcháin agus mar sin de. Tugann sé tamall fantasaíochta dúinn. Cad a dhéanfainn leis na milliúin? An morgáiste a ghlanach, teach nua a cheannach, árasán i bPáras, Tesla, níl aon teorainn lenár mianta. Roinnt de na boic mhóra a bhfuil a gcuid airgid déanta acu, go hionraic nó ar bhealaí eile, is maith leo a gcuid flaithiúlachta a fhógairt le fundúireachtaí agus níl aon amhras ach go ndearna cuid acu leas mór don chúis ba ansa leo, leabharlanna, maoiniú don chath in aghaidh ailse, SEIF agus eile - tar éis dóibh an saibhreas ollmhór a dhéanamh ar dtús agus cánacha a sheachaint ar bhealaí dleathacha agus eile. In