An Cuinneagánach
Bhí mé ag freastal ar ócáid éigin a eagraíodh do scríbhneoirí, ag caint le daoine a raibh aithne agam orthu, ag cur aithne ar chorrdhuine eile. Tríocha bliain ó shin ar a laghad, sílim. Mar ba iondúil ag an am, agus b'fhéidir go fóill, bhí ceapairí agus sólaistí eile ar fáil go flúirseach agus cuid againn ag ithe go hamplach. Tar éis tamaill, tháinig fear isteach a raibh cóta fada báistí air, bheannaigh sé do chúpla duine ach níor fhan sé ag comhrá le duine ar bith, chuir sé ceapairí ar phláta agus chonacthas dom gur le fíorocras a d'ith sé iad, sular imigh sé leis gan fanacht le cibé cainteanna nó searmanas a bhí le tosú. Tá mé cinnte gur aithin cuid de na daoine a bhí i láthair é, ach ba chosúil é le duine as ré eile, glúin a bhí an-ghníomhach tráth ach a bhí ag imeacht as slí na mbréag de réir a chéile. D'aithin mé é, mar dhuine a thagadh ar cuairt chuig m'athair ó am go ham, agus a gcuirfeadh m'athair suas lena chuid cainte gan argóint leis. Dhéanadh sé a