Entradas

Mostrando entradas de diciembre, 2015
Imagen
An Rí Gradlon An té a thugann cuairt ar chathair Kemper in Iarthar na Briotáine tabharfaidh sé faoi deara an ardeaglais le dhá thúr ard. Feicfidh sé chomh maith dealbh d’fhear ar mhuin capaill ar bharr na heaglaise. Dealbh é seo den rí Gradlon, bunaitheoir na cathrach agus ardlaoch de chuid na mBriotánach. Ach bhí cathair eile ag Gradlon agus is é seo a scéal.  Ba í Is príomhchathair ríocht Chornabhaíl agus bhí sí tógtha go díreach ar imeall na mara ar an cheann is faide siar de chósta na Briotáine, idir leithinis Crozon agus Rinn Sizun. Tháinig na longa móra thar sáile anoir agus aduaidh, lastaithe le síoda, fíonta, éadach agus cumhráin an Chianoirthir. Agus d’fhág siad arís agus iad luchtaithe le línéadach, le hairm chogaidh agus le criadóireacht na gCeilteach. Calafort beoga a bhí inti agus bhí mairnéalaigh an domhain le fáil ina cuid tábhairní. Ba láidir saibhir an chathair í agus mhair a muintir go sona.  Go sona a mhair siad go dtí gur ardaigh an mhuir agus gurbh éig