Entradas

Mostrando entradas de 2020

Dubh agus Geal

Imagen
Áit éigin sa Bhriotáin blianta ó shin chonaic mé 'France Blanche' i litreacha móra ar bhalla. Thíos faoi i litreacha níos lú, scríobh duine éigin 'Breizh: Gwenn ha Du'. Bhí Jean-Marie le Pen in ard a réime mar cheannaire ar ghluaiseacht Fronta Náisiúnta na Fraince ag an am, é ag maíomh gur cheart eachtrannaigh a dhíbirt as an tír agus an cine geal a chosaint. Ní haon iontas é gur de bhunadh na Briotáine é le Pen (an Ceann), an náisiúntóir ciníoch is mó a raibh rath air sa Fhrainc le leathchéad bliain anuas - is minic gur daoine as lasmuigh de thalamh naofa na náisiúntóirí a bhaineann ceannas amach (Hitler an tOstarach, Franco as an Ghailís, Napoleon an Corsach....) nó a shéideann trumpa an fhorlámhais. Ba as baile beag sa Bhriotáin do mhuintir le Pen ó thús, La Trinité sur Mer. Nuair a chonaic mé an 'Gwenn ha du' sin faoin mana ciníoch shíl mé gur freagra é a bhí báúil do na himircigh agus dá sliocht, ach le gairid agus mé ag fiosrú faoi na heagraíochtaí beaga

Síogaí Beag Linbh

I mbruíon cheart na n-ollamh Na crainn arda ag luascadh, siosarnach trí na géaga agus na duilleoga. Na cosa trom, mar a bhí an mála beag ar a dhroim, mála nach raibh ann ach peann luaidhe nó dhó, duilleoga páipéir, scríbhinní nach gcuirfeadh greim lena bhéal, ualach léinn agus samhlaíochta.  Bhí a fhios aige nárbh fhada uaidh sráidbhaile na croise, ach bhí barraíocht tuirse air, ní fhéadfadh sé an cúpla míle eile sin a shiúl, aghaidh a thabhairt ar na madaí a bheadh scaoilte amach le titim na hoíche. Níorbh aon mhaith dó teach leanna, teas na tine, comhluadar a shamhlú, ní raibh an dé fágtha ann ach ar éigean.  Na crainn arda sin, an chill, seantuamaí chlanna Néill. Bhí a fhios aige cá raibh sé. Bheadh foscadh le fáil ón ghaoth ar a laghad, agus b'fhéidir ón fhearrthainn a bheadh ag stealladh anuas arís go luath.  Ní raibh sé ábalta siúl ní b'fhaide. Lúb ceann dá ghlúine, agus chuir sé lámh amach le taca a bhaint as an bhalla cloiche. Theagmhaigh a mhéara l

An Cuinneagánach

Imagen
Bhí mé ag freastal ar ócáid éigin a eagraíodh do scríbhneoirí, ag caint le daoine a raibh aithne agam orthu, ag cur aithne ar chorrdhuine eile. Tríocha bliain ó shin ar a laghad, sílim. Mar ba iondúil ag an am, agus b'fhéidir go fóill, bhí ceapairí agus sólaistí eile ar fáil go flúirseach agus cuid againn ag ithe go hamplach. Tar éis tamaill, tháinig fear isteach a raibh cóta fada báistí air, bheannaigh sé do chúpla duine ach níor fhan sé ag comhrá le duine ar bith, chuir sé ceapairí ar phláta agus chonacthas dom gur le fíorocras a d'ith sé iad, sular imigh sé leis gan fanacht le cibé cainteanna nó searmanas a bhí le tosú. Tá mé cinnte gur aithin cuid de na daoine a bhí i láthair é, ach ba chosúil é le duine as ré eile, glúin a bhí an-ghníomhach tráth ach a bhí ag imeacht as slí na mbréag de réir a chéile. D'aithin mé é, mar dhuine a thagadh ar cuairt chuig m'athair ó am go ham, agus a gcuirfeadh m'athair suas lena chuid cainte gan argóint leis. Dhéanadh sé a