Entradas

Mostrando entradas de junio, 2018

Teampall i nDún Lúiche.

Imagen
Bíonn an chéad radharc againn ar Ghaobh Dobhair anseo. Faoi ghualainn an Aireagail, feicimid an Loch mór, tithe thíos lena chois, agus ballóga séipéil. Is annamh a smaoinimid ar an teampall sin, níl cuma ró-ársa air agus mealltar ár súile ag áilleacht an locha féin agus muid ag dul trí Dhún Lúiche, síos thar sean-stáisiún na móna, teach ósta nua na Cúirte mar a bhíodh a theach ag an tiarna talún fadó.  Ar aghaidh linn go dtí an Bun Beag, radharc anois agus arís ar Abhainn an Chláidí, agus ar an eastát tionsclaíoch ar a dtugtar An Screabán go háitiúil. Chuaigh m'athair ag obair i Leifear i 1970, tar éis a bheith i gCorcaigh agus in áiteanna eile. Am éigin sular aistrigh an teaghlach as Corcaigh bhí mé leis i dteach Mhary Neidí agus luaigh m'athair an séipéal cois locha. Teampall Protastúnach a bhí ann adúradh leis, ní raibh aon eolas eile acu faoi ach gur tréigeadh é agus gur thit an díon isteach blianta roimhe sin. Ar ndóigh chuaigh mé trí Dhún Lúic