Entradas

Mostrando entradas de octubre, 2014

Fanacht san Aontas Eorpach nó dul ár mbealach féin.

Tá alt ag teachta dála de chuid an Rialtais in Éirinn san Independent inniu (30 DF 2014) ina ndeir sé go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach agus gur cheart dá rialtas féin agus do shaoránaigh na Poblachta tathaint go láidir ar ár gcomharsana béal dorais gan an nasc leis an 'Eoraip' a bhriseadh. Is léir go bhfuil fonn ar go leor sa Bhreatain, agus i Sasana go háirithe, neamhspleáchas a fhógairt ó chinntí na Bruiséile agus Frankfurt agus dul a mbealach féin i dtreo an tsaibhris agus a 'gcearta', agus bheadh sé deacair do go leor náisiúntóirí in Éirinn easaontú leo. Is é an fáth is mó go mbeadh polaiteoirí agus lucht gnó na hÉireann i bhfách leis an Bhreatain a choinneáil istigh, go bhfuil táirmheon chomh láidir in Éireannaigh nach féidir leo an saol a shamhlú gan na seanmháistrí. Tá siad dílis don Bhreatain, dá cultúr intleachtúil agus gnó, agus do mháistrí nua na Breataine ar an taobh thall den Atlantach 'a chuireann a

Críochdheighilt

' Tobar Bhríde é seo' arsa m'athair. Chuir sé méar san uisce agus chuimil ar mo shúile í. 'Deirtear go bhfuil leigheas san uisce do shúile tinne. Ní raibh sé i bhfad ó bhí orm péire gloiní a fháil. Chuaigh muid ar aghaidh, seisear páiste faoi dheich mbliana d'aois sa VW le mo mhuintir. Chonaic muid cloigeann dorcha fir i mbosca gloine i séipéal. Oilibhéar Beannaithe Pluincéad a bhí ann, nó a thaise, easpag a mharaigh na Sasanaigh fadó, mairtíreach. Amach faoin tuath linn arís, ar bhóithre beaga caola. Tar éis tamaill tháinig amhras ar m'athair faoi cá raibh muid. Stop sé an carr agus chuir ceist ar bheirt fhear a raibh droim le claí acu. D'fhreagair siad i mBéarla aduain é. 'Táimid imithe thar teorainn', arsa m'athair le mo mháthair. 'B'fhearr dúinn dul ar ais,' ar sise. 'Cad í an teorainn?' arsa mise. Níor chuala mé trácht riamh ar a leithéid a bheith ann. 'Tá Sasana i réim fós sa taobh ó thuaidh.' Thug