Entradas

Mostrando entradas de 2014

Fanacht san Aontas Eorpach nó dul ár mbealach féin.

Tá alt ag teachta dála de chuid an Rialtais in Éirinn san Independent inniu (30 DF 2014) ina ndeir sé go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach agus gur cheart dá rialtas féin agus do shaoránaigh na Poblachta tathaint go láidir ar ár gcomharsana béal dorais gan an nasc leis an 'Eoraip' a bhriseadh. Is léir go bhfuil fonn ar go leor sa Bhreatain, agus i Sasana go háirithe, neamhspleáchas a fhógairt ó chinntí na Bruiséile agus Frankfurt agus dul a mbealach féin i dtreo an tsaibhris agus a 'gcearta', agus bheadh sé deacair do go leor náisiúntóirí in Éirinn easaontú leo. Is é an fáth is mó go mbeadh polaiteoirí agus lucht gnó na hÉireann i bhfách leis an Bhreatain a choinneáil istigh, go bhfuil táirmheon chomh láidir in Éireannaigh nach féidir leo an saol a shamhlú gan na seanmháistrí. Tá siad dílis don Bhreatain, dá cultúr intleachtúil agus gnó, agus do mháistrí nua na Breataine ar an taobh thall den Atlantach 'a chuireann a

Críochdheighilt

' Tobar Bhríde é seo' arsa m'athair. Chuir sé méar san uisce agus chuimil ar mo shúile í. 'Deirtear go bhfuil leigheas san uisce do shúile tinne. Ní raibh sé i bhfad ó bhí orm péire gloiní a fháil. Chuaigh muid ar aghaidh, seisear páiste faoi dheich mbliana d'aois sa VW le mo mhuintir. Chonaic muid cloigeann dorcha fir i mbosca gloine i séipéal. Oilibhéar Beannaithe Pluincéad a bhí ann, nó a thaise, easpag a mharaigh na Sasanaigh fadó, mairtíreach. Amach faoin tuath linn arís, ar bhóithre beaga caola. Tar éis tamaill tháinig amhras ar m'athair faoi cá raibh muid. Stop sé an carr agus chuir ceist ar bheirt fhear a raibh droim le claí acu. D'fhreagair siad i mBéarla aduain é. 'Táimid imithe thar teorainn', arsa m'athair le mo mháthair. 'B'fhearr dúinn dul ar ais,' ar sise. 'Cad í an teorainn?' arsa mise. Níor chuala mé trácht riamh ar a leithéid a bheith ann. 'Tá Sasana i réim fós sa taobh ó thuaidh.' Thug

Caimiléireacht gan Teorainn.

Imagen
Nach deas an radharc é?  Loch os comhair caisleán Manzanares el Real lasmuigh de Madrid na Spáinne. Ach ar an taobh thall den loch tá príosún Soto de Real agus is ann atá cónaí ar dhuine a bhí cumhachtach cumasach tráth, cisteoir an pháirtí atá i gcumhacht le tamall de bhlianta, ó thit an ghéarchéim eacnamaíochta anuas go trom ar an Spáinn agus tíortha go leor eile. Bhí Luis Bárcenas Gutiérrez  a rugadh sa bhliain 1957, ina chisteoir ar an Partido Popular, páirtí coimeádach a tháinig i gcumhacht tar éis na géarchéime nuair a bhí muintir na tíre bréan de na polaiteoirí a chuir sa 'Crisis' iad. Ba é a bhí i mbun rannóg cuntasaíochta an pháirtí ón mbliain 1990, agus rinneadh Cisteoir de in 2008. Toghadh ina Sheanadóir é in 2004 mar ionadaí do Cantabria, agus d'éirigh sé as a phost mar Chisteoir go sealadach mar gheall ar líomhaintí gurb ionann é agus an coirpeach  "Luis el cabrón" agus go raibh sé ciontach as calaois chánach agus íocaíochtaí mídhl

Gleann Maighir

Tá Tomás Ó Cannain imithe ar shlí na fírinne. Léachtóir ollscoile, ceoltóir, scríbhneoir, Gael. Bhunaigh sé Buaic Teoranta sna Seascadaí le Fionntán Mac Aodha Bhuí, Séamus Ruiséal le Gaeltacht a bhunú in aice le cathair Chorcaí, agus daoine eile, agus thóg sé féin agus a bhean Helen teach in Ard Barra i 1967. Bhunaigh sé féin agus Matt Cranitch an grúpa Na Filí. Tá dea-chuimhne agam ar na trí bliana a chónaigh muid in Ard Barra. Slán leat go fóill Thomáis, tig leat dul siar ar na cuimhní le m’athair agus mo mháthair a chuaigh chuig an saol eile tamall beag romhat.

Pian na hImirce

1968. Ag fágáil Árainn Mhór. Fear agus bean i mbarróg bhrónach, gan aon chaint astu. Ba é an fear an duine deireanach ar bord agus chaith sé a chuid ama ag amharc siar ar a bhean ar an ché. Bhí sí ina seasamh léi féin agus í chomh gruama. Ní raibh focal as ceachtar acu. Thosaigh an bád ag tarraingt amach ón ché. Chuir an fear a lámh i bpóca a sheaicéid agus chaith bosca toitíní a thuirling ag a cosa. Ní raibh focal astu, ná croitheadh lámh ná comhartha ar bith eile. Chonaic an gasúr óg pian na himirce.
Imagen
Marbh leis an tart, isteach liom sa colmado le buidéal Gatorade a fháil. Dúradh liom go raibh sé go maith don aeráid thais mheirbh. Triúr fear ina suí ar a suaimhneas. ‘Suigh linn tamall agus eachtraigh dúinn.’ Cheannaigh mé mo bhuidéal, agus d’fhiafraigh díobh ar mhaith leo féin deoch. Ghlac siad le buidéal den deoch céanna agus roinn siad eatarthu é. ‘Poncán?’ ‘Ní hea ach Éireannach?” ‘An bhfuil sé sin áit éigin in aice le Meiriceá?’ ‘Níl, oileán in Iarthar na hEorpa, amach ón Fhrainc agus ó Shasana.’ ‘Agus an bhfuil teorainn agaibh le tír ar bith?’ – ‘Níl a amadáin, arsa duine acu, nár dhúirt sé oileán í a thír?’ Cé go bhfuil teorainn ar a n-oileán féin shíl mé nárbh é seo an t-am le míniú a thabhairt ar staid na hÉireann agus gan ach seachtain den chúrsa Spáinnise déanta agam. Chuir duine acu ceist eile orm. Níor thuig mé na focail, chuir mé ceist air an bhféadfadh sé é a litriú, nó a thaispeáint dom sa bhfoclóirín…. Ní raibh sé in ann…. Níor smaoinigh mé air go mb’fhéidir nac

Is Cuma linn sa Diabhal

Imagen
“Vamos” Rug sí greim uillinne orm agus mé ag siúl na sráide. Stop mé, ní raibh mé cinnte cad a bhí i gceist aici. Cailín álainn dubh ón Afraic, ag a deich a chlog ar maidin i bpríomhchathair na Spáinne. “Vamos” Tharraing sí ar m’uillinn arís agus meangadh ar a béal.  “Cad as duit?” ar sise.  “Cad as duitse? agus cén áit ar mhaith leat dul?” “As an Nigéir. An dtiocfaidh tú liom tamall?” Ar aghaidh liom. Cúpla méadar eile agus bhí cailín níos áille fós ina seasamh ar nós deilbh, stríocaí daite ar a haghaidh.  Tá siad le fáil i sráideanna na gcathracha ar fud na hEorpa. Ar tairiscint ar an idirlíon mar chompánaigh uaire nó oíche i dtithe ósta agus in árasáin. Cuid den saol agus den mhargadh laethúil nach dtugaimid aird ar de ghnáth ach nuair a theagmhaíonn sé go díreach linn, nó nuair a théimid ar a thóir.  Ar ndóigh dá mbeinn im iriseoir ba cheart dom glacadh le cuireadh na mná óige sin ar mhaithe le hagallamh a chur uirthi agus a scéal a fháil. B’fhéidir go bhfuil sí

Craoschuimhne

Ag deifriú leis go dtí an Busáras. Trí shráideanna cúnga, thrasnaigh sé an Laoi faoi dhó. Chonaic buachaillí ‘móra’ ag léamh coimicí do chailíní. Thar doras tí. Cailín beag, seacht nó ocht mbliana d’aois in a suí ag leac an dorais. Bosca mór seacláidí oscailte aici agus í ag ithe go craosach. Mhoilliigh sé le stánadh uirthi agus na milseáin á sá ina béal smeartha aici ceann i ndiaidh a chéile. Shamhlaigh sé é féin agus an seisear eile sa bhaile ag roinnt bosca chomh mór le chéile, in aon iarracht amháin. Ní cheadódh a mháthair choíche é. Conas a dfhéadfadh sí é sin a dhéanamh gan cead? Nach maródh a máthair í? Vicipéid

Cé air atá an mearbhall?

Imagen
Le tamall fada de bhlianta, fiú sular thit na bainc as a chéile cúig bliana ó shin, agus go raibh ar shaoránaigh na hEorpa agus an domhain iad a choinneáil beo go saorga le cánacha agus ‘fiacha’ nach nglanfar go brách, bhí an-chuid daoine óga dífhostaithe, agus ag an am céanna bhí brú á chur ar dhaoine a raibh a saol caite ag obair acu fanacht tamall eile chun ualach na bpinsean a laghdú. Anois tá os cionn leath na ndaoine faoi 25 bliana d’aois gan obair san Aontas Eorpach, nó i gcuid mhaith de. Agus tá na húdaráis i dtíortha éagsúla ag ardú aois an phinsin, sa dóigh go mbeidh orthu siúd a bhfuil daichead bliana nó níos mó caite ag obair acu leanúint ar aghaidh gan seans acu a scíth a ligean go dtí go mbeidh beagnach seachtó bliain slánaithe acu. Rinne na baincéirí praiseach ceart den gheilleagar, bhunaigh siad botháin chearrbhachais i Londain agus i mBaile Átha Cliath agus ar fud an domhain, ag úsáid cistí pinsin agus infheistíochta na gcéadta milliún oibrí le hiasachtaí o

I nDomhnach

Imagen
Ní raibh sí sásta dul leis in áit ar bith, in ainneoin gur dhúirt sí go raibh muinín aici as agus go mbeadh siad ina gcairde go deo. ‘Ach ba mhaith liom aithne a chur ar do chathairse’, ar seisean léi. ‘Nár dhúirt tú liom sa ríomhphost deireanach go mbeadh áthas ort do chomharsanacht agus do muintir a chur in aithne dom?’ ‘Ach níl mo mháthair go maith, caithfidh mé aire a thabhairt di.’ Bhí sé sin ráite aici cheana sa ríomhphost agus b’éigean dó glacadh lena leithscéal. Ní raibh barúil aige mar sin cad a dhéanfadh sé an mhaidin Domhnaigh seo. Bhí an Metro nua in aice láimhe, tuige nach rachadh sé go ceann scríbe air? B’fhéidir go bhfeicfeadh sé rud éigin spéisiúil.    Ní raibh mórán daoine sa stáisiún, nó paisinéirí ar aon chaoi. Bhí go leor daoine eile ann, agus níorbh fhada gur ordaigh duine acu dó a cheamara a chur uaidh mar nach raibh cead grianghrafanna a ghlacadh ar chúiseanna slándála. ‘Seafóid’ ar sé leis féin. ‘Ní féidir cosc a chur ar ghrianghrafanna agus ceamara ina

Nótaí Cuimhneacháin

Imagen
Fionntán Mac Aodha Bhuí 1924 – 2012 Rugadh Fionntán sa Mhuileann Cearr i mí an Mheithimh 1924, an dara duine de thriúr mac. Tógadh é sa bhaile mór, agus fuair sé a chuid meánscolaíochta le Bráithre na Toirbhirte. Rinne sé an Ardteist sa bhliain 1942 faoin ainm Murchadh Fionntán Mac Aodha Bhuí. Níor thaitin an t-ainm a thug a mhuintir air leis, Morgan nó Murchadh agus d’éirigh sé as é a úsáid go hóg. I measc na gcineálacha caitheamh aimsire a bhí aige agus é ina ghasúr bhí snámh agus tomadóireacht (dúirt sé gur caitheadh isteach sa chanáil é agus é timpeall 9 mbliana d’aois, gurb é sin an modh múinte snámha a bhí ag gasúir a linne. Luaigh sé go mbíodh gach cineál cluiche á n-imirt sa bhaile, an cruicéad féin san áireamh. Baile garastúin ba ea an Muileann Cearr agus d’fhág na reisimintí a lorg. Luaigh sé sean-saighdiúir a throid sa chéad chogadh domhanda mar dhuine a chuaigh i bhfeidhm air lena scéalta. Ceantar láidir feirmeoireachta a bhí mórthimpeall ar an bhaile agus rath ar lu