Entradas

Mostrando entradas de marzo, 2016

Sodardhraíocht i bPluais na mBuabhall

Imagen
D'fhoghlaim mé an focal 'buabhall' blianta fada ó shin as an leabhar 'Laochra na Machairí' le Annraoi Ó Liatháin, an sárscríbhneoir Déiseach. Ainmhí mór trom láidir a mhair ar mhachairí fairsinge na hEorpa i Meiriceá Thuaidh agus na hEoráise go dtí gur tháinig an duine, an neach lag le hinchinn mhór, méara aclaí agus saint gan teorainn. Agus misneach, an chrógacht le aghaidh a thabhairt ar an ainmhí agus é a chloí. Samhlaímid anois na sealgairí ar chapaill agus bogha agus saigheada mar arm acu, ach thosaigh an duine ar a chuid seilge i bhfad sular raibh smacht aige ar an chapall. B'éigean dó aithne a chur ar na hainmhithe, a gcuid nósanna a thuiscint, bua a fháil ar sceon, an t-aimmhí a cheapadh. Labhair an Ríordánach faoin 'aigne linbh' agus ba í sin a bhí ag teastáil ón duine anallód le teacht slán agus teacht i gceannas ar an domhan.   ('líontar an saol de chapall-alltacht agus de shodardhraíocht. Sin bheith – bheith fé ghné eile.) Tá an sod

Seosamh Mac Grianna Míreanna Saoil le Pól Ó Muirí, Cló Iarchonnacht 2007.

Imagen
Seosamh Mac Grianna Míreanna Saoil le Pól Ó Muirí, Cló Iarchonnacht 2007. Má thráigh an tobar fadó bíonn corrdhuine ag triall air go fóill. Níos mó ná seachtó bliain ó shin chuir Seosamh Mac Grianna deireadh lena shaothar scríbhneoireachta, ag rá go raibh a dhícheall déanta agus gur chuma leis. Bhí gearrscéalta, aistriúcháin, aistí agus úrscéalta scríofa aige agus é molta go minic as an gcion a bhí déanta aige do litríocht na Gaeilge. Chuaigh sé as amharc ansin, ina othar tostach ar bheagán aird ar feadh bliana agus tríocha in Ospidéal Naomh Conaill i Leitir Ceannain. Níl dialanna ná páipéir phearsanta eile againn a thabharfadh níos mó eolais faoin duine ná mar a thug sé féin, ní féidir a bheith cinnte fiú cérbh í an bhean a phós sé, má phós. Ach ní dhearnadh dearmad go hiomlán riamh de. Bhí scéalta dá chuid ar chlár na hArdteiste agus tugadh gradam mór dó as An Droma Mór , leabhar a foilsíodh i bhfad tar éis dó é a scríobh. Ní haon iontas ar dhóigh é go mbeadh dúil ag dao