Seosamh Mac Grianna Míreanna Saoil le Pól Ó Muirí, Cló Iarchonnacht 2007.
Seosamh Mac Grianna Míreanna Saoil
le Pól Ó Muirí, Cló Iarchonnacht 2007.
Má thráigh an tobar fadó bíonn corrdhuine ag triall air go fóill.
Níos mó ná seachtó bliain ó shin chuir Seosamh Mac Grianna deireadh
lena shaothar scríbhneoireachta, ag rá go raibh a dhícheall déanta agus gur
chuma leis. Bhí gearrscéalta, aistriúcháin, aistí agus úrscéalta scríofa aige
agus é molta go minic as an gcion a bhí déanta aige do litríocht na
Gaeilge. Chuaigh sé as amharc ansin, ina othar tostach ar bheagán aird ar
feadh bliana agus tríocha in Ospidéal Naomh Conaill i Leitir Ceannain. Níl
dialanna ná páipéir phearsanta eile againn a thabharfadh níos mó eolais
faoin duine ná mar a thug sé féin, ní féidir a bheith cinnte
fiú cérbh í an bhean a phós sé, má phós. Ach ní dhearnadh dearmad go
hiomlán riamh de. Bhí scéalta dá chuid ar chlár na hArdteiste agus tugadh
gradam mór dó as An Droma Mór,
leabhar a foilsíodh i bhfad tar éis dó é a scríobh. Ní haon iontas ar
dhóigh é go mbeadh dúil ag daoine óga i saothar an duine seo a chuir é
féin in iúl go hiomlán ina
shaothar liteartha, gan ligint do dhaoine aithne a chur air. Chruthaigh sé
scéalta a thuill clú dó mar mhórscríbhneoir chúige Uladh, a chorraigh
an tsamhlaíocht agus a réitigh go maith leis an fhonn laochais agus eachtraíochta
a bhíonn ar an óige.
Duine corr a bhí ann ó thús, gasúr óg aigeantach láidir a chuir dúil
sna leabhair agus i laochas a mhuintire, a bhí faoi dhraíocht ag an
mbeagán de léann na leabhar a bhí ar fáil dó in iarthar Thír Chonaill.
Mhothaigh sé go rabhthas ag tromaíocht air, go rabhthas á lochtú as rudaí
nach raibh neart aige orthu:
“Dá dtigeadh slaghdán ar dhuine eile dhéanfaí trua de; dá dtigeadh
slaghdán ormsa ba mhór an náire dom é. Dá dtigeadh fearg ar dhuine eile ba sin
an té nach ligfeadh a chnámh leis an mhadadh; dá dtigeadh fearg ormsa ba mé an
tarbh de dhuine fiáin.”
Bhí ochtar den chlann níos sine ná é agus b’fhéidir nach iontas ar
bith é nach raibh an oiread sin foighde fágtha ag a mháthar nuair a tháinig ann
do Sheosamh, buachaill láidir leathan éirimiúil nach nglacfadh le comhairle. Ní
raibh sé i ndán dó dul ag obair ar an Lagán ina ghasúr - nó go hAlbain
agus é ina stócach - mar a rinne formhór na ndaoine óga as Rann na Feirste lena
linn. D’fhág sin é ina éan corr sa bhaile ag staidéar ‘ón ceathar déag go dtí
an sé déag, an dá bhliain ba phianmhaire de mo shaol’ agus a chomhaoisigh
bailithe leo. Aithníodh go raibh éirim ann agus ba mhian lena mhuintir
múinteoir a dhéanamh de, agus mar sin chaith sé tamall ina dhalta cónaithe i
Leitir Ceannain agus i nDoire sula ndeachaigh sé go Coláiste Phádraig i nDroim
Chonrach ar scoláireacht nuair a bhí sé naoi mbliana déag d’aois. Ach is
cinnte nach raibh a dhúil ná a chroí sa mhúinteoireacht agus gur
shamhlaigh sé go raibh níos mó ná sin tuillte aige.
Saol fileata a theastaigh uaidh, eachtraíocht agus taisteal agus aitheantas
mar ‘rí-éigeas na nGael’.
Chaith sé tamall ag múineadh i gcontaetha éagsúla in Éirinn, ach ba ghairid
na tréimhsí a chaith sé in aon scoil, agus is cosúil gur ghoill an obair go mór
air. Bhí sé deacair go leor d’iarchime Poblachtánach obair a fháil sa
Saorstát agus tá noda go leor ann ón chur síos a thugann Pól Ó Muirí ar óige an
scríbhneora nár dhuine é a ghéillfeadh go réidh d’údarás bainisteoirí ná
cigirí.
Is ar bhlianta deireannacha Mhic Grianna a dhíríonn Ó Muirí sa chéad
chaibidil dá leabhar, na blianta fada brónacha uaigneacha a chaith an t-údar
clúiteach ó d’imigh sé as aithne isteach san otharlann i 1959, na blianta
fada tar éis dó éirí as an
scríbhneoireacht chruthaitheach. Chuir a dheartháir Seán Bán chuig an otharlann
é mar go mbíodh sé ag fánaíocht leis féin ar bhóithre na Rosa tar éis dó
filleadh ar a cheantar dúchais as Baile Átha Cliath.
Tar éis cur síos a dhéanamh ar na blianta deireanacha sin agus an seanchas
a bhaineann leo, téann Ó Muirí siar ar óige Mhic Grianna i gcaibidil a dó, agus
leanann ar aghaidh caibidil ar chaibidil ansin le tuairisc faoina shaol agus a
shaothar go dtí gur tháinig an díchuimhne, go dtí gur chúlaigh
Seosamh ó shaol na cathrach agus óna lucht aitheantais.
Scéal brónach a instear faoin duine lúfar aigeantach a rinne gaisce lena
chuid scríbhneoireachta ina óige, agus a ghlac páirt ghníomhach i nGluaiseacht
na Poblachta le linn Chogadh na Saoirse agus Chogadh na gCarad, a rinne a
oiread de ghaisce mar údar óg go raibh sé aitheanta mar dhuine den triúr
‘fíorscríbhneoirí’ a bhí againn sa chéad leath den bhfichiú haois, mar a
adúirt Máirtín Ó Cadhain faoi i 1949. Bhí scéalta agus ailt leis foilsithe in
irisí éagsúla ó 1924 ar aghaidh agus nuair a bunaíodh an Gúm chuir sé a
shaothar faoina mbráid. Ghlac eagarthóirí an Ghúm lena shaothar ach níor
réitigh sé go maith lena ndearcadh státseirbhísiúil malltriallach agus an
mhoilleadóireacht is dual d’eagraíocht stáit ó thaobh foilsitheoireachta agus díolaíochta.
Aisteach go leor is beag adeirtear faoin aistriúchán sa leabhar seo, nuair a
chuimhnímid air gur aistrigh Mac Grianna timpeall milliún go leith focal don
Ghúm agus gur cháin sé a rátaí díolaíochta, agus a nósanna eagarthóireachta, go
poiblí.
“Bhí mé trí bliana go leith ag obair don Ghúm” a scríobh sé sa bhliain
1932. “Is é an chuimhne atá agam air go raibh mé mar a bheinn i bpríosún, agus
lucht mo choimhéadta ag déanamh úsáide de rialacha an phríosúin ar gach dóigh a
mb’fhéidir le masla agus easonóir agus anró a thabhairt dom”. (‘Scríbhneoirí Gaeilge agus an Gúm’, 1932 )
Ba í sin an bhliain a chuir sé a mhórshaothar An Droma Mór faoina mbráid, ach ní ligfeadh an eagla roimh
chás clúmhillte do na heagarthóirí an saothar sin a fhoilsiú.
Rinne sé an t-uafás oibre i
dtréimhse gearr agus is cinnte nach ndearna sé sin féin maith dó. Chaith sé
tamall in aonteach lena dheartháir Séamus agus bhí corrchara eile as a cheantar
dúchais aige sa phríomhchathair, ach ní raibh mórán foighde aige le daoine a chuaigh
le postanna sábháilte inphinsean. Ba iomaí seoladh a bhí aige i rith na
mblianta i mBaile Átha Cliath agus ba dhoiligh don Ghúm é a íoc uaireanta mar
nach raibh a fhios acu cá raibh sé, agus an fhadhb chéanna ag lucht an cháin
ioncaim nuair a theastaigh uathu siúd dul i dteagmháil leis. Chaith sé seal ag
fánaíocht sa Bhreatain agus nuair a d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath sa bhliain
1934 tháinig bean anoir leis darbh ainm Peig. Bhí mac acu ach ní raibh an
lánúin in ann aire a thabhairt dó agus ba iad na Bráithre Críostaí a thóg é.
Scríobh sé Mo Bhealach Féin an bhliain dár gcionn agus “Dá mBíodh Ruball ar an
Éan”, an t-úrscéal cáiliúil neamhchríochnaithe a foilsíodh in aon leabhar leis
an saothar dírbheathaisnéiseach sa bhliain 1940. Ach bhí moilleadóireacht
an Ghúm faoin Droma Mór ag goilliúint go mór air agus chuaigh sé ar seachrán
arís, é ina chónaí leis féin agus é doicheallach gruama leis an gcorrchara
a thug cuairt air.
Bhí Seosamh in ospidéal meabharshláinte ó am go ham, agus rinne a bhean a
dícheall ar a shon, ach is beag eolais atá ann faoi na blianta deireannacha a
chaith sé i mBaile Átha Cliath go dtí gur chuir bean agus mac lámh ina mbás
féin ar dhátaí éagsúla i 1959. D’fhill sé ar Rann na Feirste ina strainséar
agus as sin go Leitir Ceannain.
Leabhar spéisiúil é seo ina n-éiríonn le Pól Mac Muirí portráid den
ealaíontóir cumasach cróga uaigneach a chruthú as míreanna neamhiomlána dá
shaol, sa dóigh go mothaíonn an léitheoir go bhfuil oiread aithne aige ar an
nGriannach is a bhí ag duine ar bith air lena bheo. D’fhág Seosamh Mac Grianna
saothar sárealaíonta ina dhiaidh, agus ba bhreá an rud é dá spreagfadh leabhar
seo Uí Mhuirí muid chun an saothar sin a léamh agus a athléamh.
Comentarios
Publicar un comentario