Seán Mac Mathúna - Blúire Cuimhne
Chuaigh mé chuig an teach ósta Seán Mac Mathúna a bhailiú agus síob a thabhairt dó go dtí An Cheathrú Rua. Bhí sé le bheith ina chomhstiúrthóir le Alan Titley ar cheardlann scríbhneoireachta. An bhliain 1983 a bhí ann, más buan mo chuimhne. Bh í sé luath go leor ar maidin agus ghlac mé leis go mbeadh sé ag ithe a bhricfeasta. Casadh Flann Ó Riain orm agus dúirt seisean nach mbeadh mórán seans ann go dtiocfadh Seán anuas óna sheomra go ceann tamaill fhada eile. ‘Bhí muid ag ól agus ag caint ar feadh na hoíche, níl sé ach uair nó dhó ó thug Seán an leaba air féin.’ Ach ní raibh orm fanacht i bhfad. Anuas le Seán agus spion iontach air. ‘Tá an bainisteoir anseo an-tuisceanach ar fad’, ar seisean. ‘Chuir sé ceist orm ar mhaith liom mo bhricfeásta roimh dhul a luí. Bhí amhras orm mar gheall ar ainm an óstáin, an Sacré Coeur, go gcuirfí a chodladh go luath sinn, ach an-oíche agam. Ar aghaidh linn siar go dtí an cheardlann.’ Rinne sé féin agus Alan an-jab den cheardlann agus ní ...