Seán Mac Mathúna - Blúire Cuimhne
Chuaigh mé chuig an teach ósta Seán Mac Mathúna a bhailiú agus síob a thabhairt dó go dtí An Cheathrú Rua. Bhí sé le bheith ina chomhstiúrthóir le Alan Titley ar cheardlann scríbhneoireachta. An bhliain 1983 a bhí ann, más buan mo chuimhne.
Bhí sé luath go leor ar maidin agus ghlac mé leis go mbeadh sé ag ithe a bhricfeasta.
Casadh Flann Ó Riain orm agus dúirt seisean nach mbeadh mórán seans ann go dtiocfadh Seán anuas óna sheomra go ceann tamaill fhada eile.
‘Bhí muid ag ól agus ag caint ar feadh na hoíche, níl sé ach uair nó dhó ó thug Seán an leaba air féin.’
Ach ní raibh orm fanacht i bhfad. Anuas le Seán agus spion iontach air.
‘Tá an bainisteoir anseo an-tuisceanach ar fad’, ar seisean. ‘Chuir sé ceist orm ar mhaith liom mo bhricfeásta roimh dhul a luí. Bhí amhras orm mar gheall ar ainm an óstáin, an Sacré Coeur, go gcuirfí a chodladh go luath sinn, ach an-oíche agam. Ar aghaidh linn siar go dtí an cheardlann.’
Rinne sé féin agus Alan an-jab den cheardlann agus ní raibh aon rian den ragairne air ar feadh an lae. Phléigh sé ár saothar agus cuid dá shaothar féin, go háirithe an difríocht a bhí idir scríobh i nGaeilge agus i mBéarla.
Agus is é a bhain gáire asainn.
Tugadh ticéidí dúinn chuig dráma éigin sa Druid. D’fhág mé tar éis gníomh amháin den dráma, bhí a fhios agam go mbeadh an Mathúnach i mbeár éigin sa chomharsanacht agus go mbeadh a chomhluadar níos spéisiúla.
Bhí sé i gcónaí spéisiúil, dearcadh sceamhach aige ar an saol agus tuiscint ghéar ghreannmhar. Mar scríbhneoir agus mar chainteoir ní raibh a shárú le fáil. Nuair a bhuail an tUachtarán le scata scríbhneoirí Gaeilge in áras Fhoras na Gaeilge uair, d'amharc sé uirthi agus dúirt de chogar liom: Nach bhfuil sí an-leatharúil?'
Ba mhór an sult a chuid scéalta. Go maire a shaothar go deo.
Tá cuid dá shaothar i gcló i gcónaí.
https://leabharbreac.com/?s=Mac+Math%C3%BAna&post_type=product&dgwt_wcas=1&lang=ga
D'éag sé Oíche Chinn Bhliana 2025
Comentarios
Publicar un comentario