Entradas

Mostrando entradas de 2016

Scéilín

Triúr ban óg ag doras na bialainne, ag comhrá.  Agus é ag dul timpeall orthu labhair bean díobh. “Cogar, cogar.” D’amharc sé uirthi.  Bhí sí slachtmhar go leor, ach folús éigin sna súile, amhail is nach raibh a dhath déanta riamh aici. Thug sé cluas di. “An rachfá a luí liom?” Labhair sí go réidh, amhail is dá mbeadh sí ag fiafraí de cén t-am é.   Níor lig sé aon iontas air. “Anois díreach, nó ar ball? Anseo nó in áit níos príobháidí?” “Anocht. Tar chuig m’árasán. Scríobh sí seoladh ar bhlúirín páipéir as a leabhar nótaí agus chuir isteach ina lámh é.  Lean sé air, an blúirín ina phóca aige, chaithfeadh sé sa bhruscar é níos déanaí. Ach bhí an blúirín páipéir ina phóca go fóill agus é ag baint de le dul a luí.  Ní raibh an t-árasán rófhada óna áras féin. Ghléas sé é féin arís agus amach leis. Ní raibh aon am luaite aici. Lig sí isteach é agus é ag druidim le meán-oíche.  Níor chuir sí aon am amú ag comhrá ná níor thagair sí bia ná deoch dó. 

Crois i láimh amháin, bábóigín adhmaid sa láimh eile

Imagen
Thabharfá suntas di agus í ina seasamh sa scuaine don eitleán go Santo Domingo. Bhí sí ard, i bhfad níos airde ná na fir agus na mná Doimineacacha a bhí ar a mbealach abhaile. Agus na cosa fada nochta, neamhchosúil leis na mná eile uilig a raibh brístí ró-theanna géine orthu. Ní raibh sí ag caint le duine ar bith acu oiread sa slua glórach meidhreach, a haghaidh druidte. Ar an eitleán thóg sí crois amach as a máilín, agus bábóigín adhmaid, agus choinnigh greim dhlúth ar an dá chomhartha de na creidimh atá ag spairn le chéile ar oileán Hispaniola leis na cianta. D'fhan sí socair ar an eitilt as Nua Eabhroc go dtí go raibh muid ag tuirling, agus tháinig an chrois agus an bhábóg amach aris, greim chomh teann aici orthu go sílfeá go mbrisfeadh siad.

Ag Filleadh ar na Meánaoiseanna

Nuair a bhí mé i mo ghasúr bhíodh páipéir nuachta na hÉireann lán de thuairiscí agus de thuairimíocht faoina raibh ag tarlú sa Bhreatain. Ba léir go raibh lár na cruinne i Londain Shasana dar le lucht ceannais na tíre. In ainneoin na hathbheochana cultúrtha agus intleachtaí a tharla ag deireadh an 19ú haois, ghlac an mhórchuid de na daoine leis na caighdeáin agus na sainmhínithe coilíneacha ar an saol i gcoitinne. Tá an dearcadh sin láidir i gcónaí agus is féidir a rá, creidim féin, go bhfuil an cultúr céanna in Éirinn, mar thír nó mar stát nó mar 'oileán' agus atá san oileán soir uainn. Ach níl sa Bhreatain anois ach coilíneacht de chuid na himpireachta is cumhachtaí a tháinig ann riamh, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá croílár na cumhachta le fada an lá ar an an leathchruinne lastall den Atlantach, ní in aon chathair amháin, mar a bhí croí Impireacht na Breataine, ach i dtrí nó i gceithre ollchathair nó lárionad éagsúil airgeadais, polaitiúil, agus cultúrtha. Bhíodh polai

An Rud a Rinne Hitler leis na Giúdaigh.

Áit éigin ar an Lagán a fuair mé an síob. In aice le Bealach Féich is dóigh liom, mé ar mo bhealach ó dheas. Thart fán bhliain 1977. Fear maol tuaithe ag tiomáint. An comhrá ceart go leor ar feadh tamaill, an aimsir, cá bhfuil do thriail, cad as duit.... Nuair a luaigh mé Gaoth Dobhair d'athraigh sé. Tháinig cuthach air. 'Sin an áit a bhfuil daoine ag troid faoi chearta teanga mar dhea, ag cur isteach ar an aifreann, ag scrios na gcomharthaí bóthair.... An boc sin as Doire, cén t-ainm atá air? Ó Mianáin? An bhfuil a fhios agat cad ba chóir a dhéanamh lena leithéid? An rud a rinne Hitler leis na Giúdaigh!' Céad slán le Proinias Ó Mianáin a fuair bás i rith an tsamhraidh. Duine síochánta caidreamhach cineálta. Sheas sé agus labhair sé amach faoi na rudaí ar chreid sé iontu. D'fhéadfá a rá gur tharraing sé trioblóid air féin, ach is iad na daoine a dhéanann an gníomh garbh a bhíonn ciontach, ní hiad siúd a labhraíonn amach. Nuair a bhí an tOireachtas ag tosú i nGaoth

Searmanas

Imagen
Bhí orainn éirí go luath an mhaidin sin, éiríonn an ghrian go luath i lár an tsamhraidh. Bhí ciorcal clocha tógtha ar imeall an bhaile agus bhí na draoithe agus na baird laistigh de. Daoine i róbaí fada de dhathanna éagsúla, an chuid is mó acu sean go maith. Tharraing duine acu claíomh as a thruaill agus ghlaoigh amach focal éigin ar nós 'Heddwch'. D'fhreagair an slua leis an fhocal céanna agus cuireadh an claomh ar ais sa truaill. Dúirt duine éigin liom do chogar nach bhféadfaí an fhéile a reáchtáil ach le linn síochána. Rinneadh a lán cainte agus fógraí i dteanga na tíre, agus tháinig scuainí daoine i láthair, isteach sa chiorcal. Bhí an fear as an Chorn ina measc, agus na Briotánaigh, ach na Gaeil ar leataobh mar nach raibh muid páirteach san eagraíocht. I ndiaidh d'fhir agus mná i róbaí gorma agus glasa a n-áít a ghalcach sa chiorcal tháinig slua isteach i róbaí fada bána. Bhí sé chomh sollúnta le haifreann. Ach nuair a chonaic mé na seanleadanna seo glé

Bhí Cathair ann uair.

Imagen
Chonaic an scríbhneoir leabhar ar díol, na céadta grianghraf de chathair cháiliúil na ngluaisteán. Bhí na pictiúir go hálainn cé gur léiriú iad ar mheath, ar bhás sibhialtachta, ar thréigean. Bhí Detroit ina ceanncheathrú ag na comhlachtaí ba mhó ar domhan ar feadh tamaill fhada sa bhfichiú haois, General Motors, Ford, Chrysler, d'fhostaigh siad na céadta míle Meiriceánach agus na sluaite imirceach ón iasacht agus ó stáit léanmhara bhochta an Deiscirt. Bhí saol na bhfuíoll acu ar feadh cúpla glúin, airgead le déanamh, tithe ar fáil do chách, oideachas agus dóchas. Chaith Thomas Reverdy laethanta fada ag stánadh ar na pictiúir agus chonaic sé iontu fothraigh na sibhialtachta a bhí ann nó a d'fhéadfadh a bheith ann. Chuimhnigh sé ar na húrscéalta cáiliúla le Orwell agus Huxley, an t-uafás a bhí laistiar den fhorbairt ábhartha, an dúshlán don duine aonair agus don daonlathas, a bhí mar an gcéanna faoi chaipitleachas an Iarthair agus faoi Chumannachas an Oirthir. Scríobh sé a úrs

'Mon école de théatre c'était la guerre.'

Imagen
Bhí Darina Al-Joundi i Madrid an tseachtain seo caite, ag caint le léitheoirí na Fraincise faoin aisteoireacht, faoin óige i mBéiriút agus faoin saol atá aici anois sa Fhrainc. Rugadh í i 1968, duine de thriúr iníon a bhí ag intleachtóir as an tSiria a thug tógáil aisteach dá chlann i bpríomhchathair na Liobáine. Ina leabhar 'Le Jour où Nina Simone a cessé de Chanter' tá a lán le rá aici faoin athair sin, Hassem al Joundi,  ach is ar éigean go luann sí a máthair, in ainneoin a ndeir sí faoin mháthair a bheith i gceannas ar shaol na leanaí i dtíortha Arabacha. Thuig sí go luath gur duine ar leith ba ea an t-athair seo a bhí aici, fear a dhiúltaigh do gach creideamh, a dúirt lena chailíní beaga nár cheart dóibh a dtóin a chur san aer le Dia a adhradh mar a dhéanann Moslamaigh ná dul ar a nglúine mar Chríostaithe. Ach cuireadh chuig scoil leis na mná rialta (bonne soeurs, mar dhea) í agus chuir sí dúil mhór sna paidreacha agus sna searmanais go dtí gur dhúirt duine de na mná r

'Mon école de théatre c'était la guerre.'

Imagen
Bhí Darina Al-Joundi i Madrid an tseachtain seo caite, ag caint le léitheoirí na Fraincise faoin aisteoireacht, faoin óige i mBéiriút agus faoin saol atá aici anois sa Fhrainc. Rugadh í i 1968, duine de thriúr iníon a bhí ag intleachtóir as an tSiria a thug tógáil aisteach dá chlann i bpríomhchathair na Liobáine. Ina leabhar 'Le Jour où Nina Simone a cessé de Chanter' tá a lán le rá aici faoin athair sin, Hassem al Joundi,  ach is ar éigean go luann sí a máthair, in ainneoin a ndeir sí faoin mháthair a bheith i gceannas ar shaol na leanaí i dtíortha Arabacha. Thuig sí go luath gur duine ar leith ba ea an t-athair seo a bhí aici, fear a dhiúltaigh do gach creideamh, a dúirt lena chailíní beaga nár cheart dóibh a dtóin a chur san aer le Dia a adhradh mar a dhéanann Moslamaigh ná dul ar a nglúine mar Chríostaithe. Ach cuireadh chuig scoil leis na mná rialta (bonne soeurs, mar dhea) í agus chuir sí dúil mhór sna paidreacha agus sna searmanais go dtí gur dhúirt duine de na mná r

Úll Réidh Aibí

Imagen
Fadó fadó nuair a bhí mé óg agus fonn orm tabhairt faoin scríbhneoireacht, chuir mé alt nó dhó chuig Gearóid Stockman a bhí ina eagarthóir ar An tUltach ag an am. Bhí, agus tá, mo chuid lámhscríbhneoireachta go fíordhona, agus d'iarr sé orm iad a athscríobh agus spás go leor a fhágáil idir na línte sa dóigh go mbeadh sé ábalta ceartúcháin a dhéanamh a bheadh inléite ag an té a bheadh á chlóscríobh. Bhí clóscríobháin ag cairde saibhre (mic léinn as na Sé Chontae a raibh deontas flaithiúil na Ríochta acu) agus shantaigh mé ceann de na hinnill sin, agus d'éirigh liom ceann a fháil ar iasacht ó rúnaí le cleachtadh sular cheannaigh mé mo Smith Corona leictreach cúig bliana is tríocha ó shin, ar mholadh chara. Bhíodh orainn an síneadh fada a scríobh isteach ar na leathanaigh an uair sin, ach ba ar inneall den chineál sin a scríobh mé an tráchtas M/Phil, ailt agus scéalta agus leabhar nó dhó. Rinne sé gnaithe breá ar feadh tamaill is dócha, ach bhí iriseoirí agus scríbhneo

Badajoz 1812

Imagen
Rinne mé trácht ar shléacht a rinne i gcathair Badajoz na Spáinne ag tús an chogaidh chathartha ochtó bliain ó shin, agus luaigh mé gur tharla a leithéid cheana, agus go raibh na mílte Éireannach páirteach. Agus thosaigh mé ag amharc ar an stair a bhaineann leis an eachtra agus chuaigh mé in abar na gcuntas éagsúla faoi Napoleon agus Wellington, an Spáinn agus an Phortaingéil, reisimintí agus airm agus gléasanna iomarbhá agus léigir agus leaganacha éagsúla den stair. Le scéal fada a dhéanamh gearr rinne Napoleon ionradh ar an Spáinn agus ar an Phortaingéil sa bhliain 1807 mar gheall ar an mbagairt go mbeadh Sasana ábalta an leithinis a úsáid le ionsaí a dhéanamh ar an Fhrainc. (Bhí cabhlach na Spáinne scriosta ag Nelson cúpla bliain roimhe sin agus smacht ar feadh seal ag Cabhlach na Breataine ar an Atlantach.  Ba chomhghuaillithe iad na Sasanaigh agus na Portaingéalaigh ón cheathrú haois déag i leith agus in ainneoin iarrachtaí na Fraince ní raibh moill ar Shasana cabhlach agus arm

Bliain agus an lá inniu, d'éag Jesús Neira.

Imagen
Bhí crith ina láimh agus é ag piocadh suas na bpiollaí a chuir a bhean ar an mbord dó. ‘Dá bhfeicfeá an méid a bhíonn orm a shlogadh gach oíche’ ar seisean. ‘ Ordaíonn na dochtúirí dom iad, ach cén mhaith a dhéanann siad dom? Is ar éigean go bhfuil mé in ann siúl.’ Chabhraigh muid leis éirí as a chathaoir agus siúl go dtí an carr. Coiscéimeanna gearranálacha seanduine.  Oíche Chinn Bhliana, d’ordaigh sé dá mhac óráid an rí a chur ar an teilifís. Chaith sé maslaí leis an ‘gran hijo de puta’ de Rí nach raibh fiú in ann Spáinnis a labhairt i gceart, dar le Jesús. Bhí an tsláinte go dona aige le blianta agus thagadh taomanna feirge air, fearg faoi staid na tíre, frustrachas faoina riocht féin, díomá faoi na srianta ar a chorp agus a intinn. Dúirt mé leis nach fada go mbeadh an rí imithe, ag ceapadh go raibh an bás ag Juan Carlos, ach níor chreid Jesus mé. Bhí rí eile ann an bhliain dár gcionn mar gur éirí an seanBorbónach as....   Rugadh Jesús Neira in Granada i 1953 ach bhí a

Sléacht (agus sléacht eile) i mBadajoz

Imagen
Sléacht (agus sléacht eile) i mBadajoz Ní thugtar mórán airde ar an chathair bheag seo ar theorainn na Portaingéile anois,  is ar éigin is féidir a rá go bhfuil teorainn ann níos mó agus an dá thír i leithinis na hIbéire le chéile san Aontas Eorpach le blianta. Ach ba chathair thábhachtach í ar feadh na gcéadta bliain, daingean cosanta agus ríthe na Portaingéile agus na Spáinne ag iarraidh smacht a fháil nó a choinneáil ar chúige Extremadura, nó é a ghabháil ó na Múraigh.  Sléacht Yagüe Tá an cur síos seo bunaithe ar alta l e Sol López-Barrajón a foilsíodh ar an 14 Lúnasa 2016.  Ar an 14 Lúnasa, timpeall mí tar éis do na faisistigh tús a chur lena n-éirí amach, thit cathair Badajoz faoi lámh an dúnmharfóra ba mhó a tháinig chun na cathrach ó thús na staire, an Ginearál Yagüe, a chuir tús leis an uafás agus an uirísliú is mó a d'fhulaing na daoine riamh. Shroich na náisiúnaithe an chathair ar an 13 Lúnasa, agus rinne siad ionsaí straitéiseach ó thrí thaobh.

Oíche chomh te le hIfreann

Imagen
Bhí mé ag cruinniú éigin i Háítí , cé go raibh cuma ró-ghalánta ar an halla. Ag plé rudaí éagsúla, deisiúchán ar na bóithre tar éis na stoirme, daoine as eagraíochtaí éagsúla, fíorbheagán de mhuintir na háite.  Tháinig bean chugam agus thug sí pláta beag dom, cosúil leis na plátaí beaga a bhíonn i mbialanna seapánacha don anlann soighe.  ‘Cad é seo?’ arsa mise ag amharc air. Ní raibh aon rud scríofa air. ‘Beidh tú ag fáil gradaim nuair a théann tú ar ais go Baile Átha Cliath’, ar sise. ‘Gradam? Tuige? Cé uaidh? ‘Ó Podemos na hÉireann.’ D’imigh sí. Bhí Ruairí Ó Brádaigh ag caint liom ansin.  Bhí dhá phláta aige sin. Ceann mór a raibh a lán scríbhneoireachta air, nach raibh mé ábalta a léamh.  Ceann beag le hainm scríofa air: ‘Nicaragua Ó Cualáin.’ ‘Duine éigin as Conamara a bhí i Meiriceá Láir ar son na cúise?’ arsa mise. ‘Ní hea. A mhac. D’ainmnigh sé a mhac tar éis dó seal a chaitheamh ag troid ar son na Saoirse i Nicaragua.’ ‘Ach nach é

Fadó fadó in Éirinn

An Spá, 1960: An leanbh ina shuí leis féin sa chistin. Gliogar ón tine, dorchadas ag titim,  fuaimeanna beaga, ainmhithe nó feithidí i mbun a ngnó,  an gasúr ar chathaoir adhmaid, ag machnamh.  Ach níl trí bliana slánaithe go fóill aige. An mbíonn leanbh ag machnamh? Tagann a athair isteach: "an bhfuil tú ansin leat féin, tá sé in am dul a chodladh".  Tuairim éigin go raibh faillí déanta, mé dearmadta, nach fiú a dhath a iarraidh.  Má imrím le haon rud go mbeidh sé briste,  má ithim aon rud go mbeidh siad ar buile liom,  níl cead,  ná déan,  ná bac,  fan ciúin,  má dhéanann tú iarracht imeacht amach béarfar ort,  coinneoimid súil ort i gcónaí,  níl sé in ndán duit a bheith sásta  ná déan iarracht ach nuair a ordaítear duit,  níl cead níl cead níl cead.  Ag teacht abhaile ón trá, cos clúdaithe le gaineamh.  Nuair a nitear í tá sí gearrtha go dona,  an craiceann oscailte mar bhéal, ach níor mhothaigh mé tada.  Cén fáth nár t