Bliain agus an lá inniu, d'éag Jesús Neira.
Bhí crith ina láimh agus é ag piocadh suas na bpiollaí a chuir a bhean ar an mbord dó. ‘Dá bhfeicfeá an méid a bhíonn orm a shlogadh gach oíche’ ar seisean. ‘ Ordaíonn na dochtúirí dom iad, ach cén mhaith a dhéanann siad dom? Is ar éigean go bhfuil mé in ann siúl.’ Chabhraigh muid leis éirí as a chathaoir agus siúl go dtí an carr. Coiscéimeanna gearranálacha seanduine. Oíche Chinn Bhliana, d’ordaigh sé dá mhac óráid an rí a chur ar an teilifís. Chaith sé maslaí leis an ‘gran hijo de puta’ de Rí nach raibh fiú in ann Spáinnis a labhairt i gceart, dar le Jesús. Bhí an tsláinte go dona aige le blianta agus thagadh taomanna feirge air, fearg faoi staid na tíre, frustrachas faoina riocht féin, díomá faoi na srianta ar a chorp agus a intinn. Dúirt mé leis nach fada go mbeadh an rí imithe, ag ceapadh go raibh an bás ag Juan Carlos, ach níor chreid Jesus mé. Bhí rí eile ann an bhliain dár gcionn mar gur éirí an seanBorbónach as.... Rugadh Jesús Neira in Granada i 1953 ach bhí a