Entradas

Mostrando entradas de febrero, 2016

Níl aon duine ag léamh, deirtear

"Cén fáth nach bhfuil leabhair Ghaeilge á léamh? Feicim go bhfuil an cheist seo á cíoradh arís eile ar na meáin agus á plé ar an idirlíon, mar a bhí is dócha leis na cianta. Samhlaítear dúinn go raibh daoine óga go háirithe ag léamh i bhfad níos fadó, roimh theacht na teilifíse abair, agus go raibh cumas teanga níos fearr acu dá bharr. Creidim gur fíor go raibh i bhfad níos mó á léamh ag daoine sa naoú haois déag agus agus ar feadh seasca bliain nó mar sin den bhfichiú haois, agus gur tháinig laghdú mór ar  an méid ama a chaith daoine le leabhair, coimicí, irisí, nuachtáin agus ábhar scríofa eile ó shin. Ach is léir chomh maith go bhfuil an t-uafás léitheoireachta á dhéanamh i gcónaí, agus go bhfuil níos mó scríbhneoireachta á dhéanamh ná mar a bhí riamh, mar thoradh ar na ríomhairí póca, glúine agus deisce atá ag na céadta milliún daoine anois, fóin agus táibléid le scáileán ar féidir scríobh go furast orthu agus an toradh a sheoladh go lucht aitheantas nó a chraobhscaoilead

Port au Prince

Imagen
Tar éis dom na saighdiúirí a thabhairt go dtí a gceann scríbe threoraigh an duine deireanach díobh, an 'comandante' mar a thug siad air Hotel Jimani mé, tar éis dom m'amhras a léiriú faoin gcéad áit a mhol sé. Bhí amhras orm faoin áit chomh maith,  cailíní sna déaga sa linn snámha. . . balla ard os a chomhair amach, geata fada ard miotail ar rotha.  Dheimhnigh an comandante nach nach ionad striapachais a bhí ann, gur cailíní áitiúla a bhí iontu a raibh cead acu an linn snámha a úsáid. Bhí fear óg as Háití a bhí ar dualgas. Theastaigh uaidh a fháil amach an Críostaí a bhí ionam. Dúirt sé gur sábháileadh é féin le miorúilt le linn an chrith talún an bhliain roimhe sin, gur tharraing a aintín isteach ón tsráid é díreach agus teach ar tí titim sa mhullach air, gur tháinig sé slán mar gheall ar a chreideamh, go raibh a lán drochdhaoine i Port au Prince agus go raibh an tubaiste tuillte acu. Ní fhéadfainn aontú leis ar ndóigh ach bhí ár ndíospóireacht sibhialta agus