Entradas

Mostrando entradas de agosto, 2023

Slán le Berna

Imagen
Sa phictiúr thuas tá beirt de m'aintíní, Berna agus Treasa, mar a thug mo mháthair orthu. Bhí siad beirt ina mná rialta in ord Marie Reparatrice, ó bhí siad an-óg. Chaith siad na blianta ar mhisin éagsúla in Éirinn agus thar lear. Mar sin cé gur luaigh mo mháthair go minic iad ní raibh mórán teagmhála againn leo agus muid óg. Is cuimhin liom rud amháin, bhíodh duine acu á rá, ní cuimhin liom cén bhean acu, go raibh cuma easpaig ormsa agus déarfainn go raibh siad féin agus mo mháthair ag súil go ngabhfainn an treo sin. Faoin am go raibh mé i mo mhac léinn bhí siad beirt lonnaithe i gclochar i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath. Bhuail mé féin agus mo dheartháir isteach acu anois agus arís. Chuiridís plátaí móra bia ar bhord romhainn i gcónaí agus ba mhór an fháilte a chuir beirt fhear óg síorocracha roimhe sin. Bhí an comhrá leo éirimiúil tuisceanach measúil i gcónaí, ach bhí siad sin, dar linne, istigh agus muide amuigh sa saol mór. Ar ndóigh bhí breall orainn. Bhí an bheir