Entradas

Bascach a d'fhág a lorg in Ail Finn

Imagen
 Tá sráidbhaile Ail Finn suite timpeall leath bealaigh idir Ros Comáin agus Mainistir na Buaille, baile scoite nach bhfeicfidh tú fiú aon mbóthar mór. D'fhéadfá tiomáint thairis gan é a thabhairt faoi deara ar chor ar bith, murach an cuimhneachán mór ar Chogadh na Saoirse atá le feiceáil ar do dheis agus tú ag tiomáint ó thuaidh. Déantar comóradh go rialta ar na hóglaigh a throid agus a fuair bás i gceantar Ros Comáin timpeall céad bliain ó shin agus ar dhaoine nach iad.  I mo bharúil féin ní haon saothar mór ealaíonta é ach tá sé feiceálach. Níl sé deacair teacht ar íomhánna den saothar dealbhadóireachta ar an ngréasán, anseo mar shampla. I gceann de na ballaí tá an gnáthíomhá den Phiarsach: Tá roinnt eolais le fáil ar Wikipedia an Bhéarla faoin láthair, ach níl aon rud ráite faoin duine nó na daoine a rinneadh an dearadh. Is trí thimpist a tháinig mé ar scéal suimiúil faoi dhuine den bheirt a bhí freagrach, ailtire Bascach a chaith cuid mhaith dá óige i mBaile Ghib na Mí. Ba i

Dubh agus Geal

Imagen
Áit éigin sa Bhriotáin blianta ó shin chonaic mé 'France Blanche' i litreacha móra ar bhalla. Thíos faoi i litreacha níos lú, scríobh duine éigin 'Breizh: Gwenn ha Du'. Bhí Jean-Marie le Pen in ard a réime mar cheannaire ar ghluaiseacht Fronta Náisiúnta na Fraince ag an am, é ag maíomh gur cheart eachtrannaigh a dhíbirt as an tír agus an cine geal a chosaint. Ní haon iontas é gur de bhunadh na Briotáine é le Pen (an Ceann), an náisiúntóir ciníoch is mó a raibh rath air sa Fhrainc le leathchéad bliain anuas - is minic gur daoine as lasmuigh de thalamh naofa na náisiúntóirí a bhaineann ceannas amach (Hitler an tOstarach, Franco as an Ghailís, Napoleon an Corsach....) nó a shéideann trumpa an fhorlámhais. Ba as baile beag sa Bhriotáin do mhuintir le Pen ó thús, La Trinité sur Mer. Nuair a chonaic mé an 'Gwenn ha du' sin faoin mana ciníoch shíl mé gur freagra é a bhí báúil do na himircigh agus dá sliocht, ach le gairid agus mé ag fiosrú faoi na heagraíochtaí beaga

Síogaí Beag Linbh

I mbruíon cheart na n-ollamh Na crainn arda ag luascadh, siosarnach trí na géaga agus na duilleoga. Na cosa trom, mar a bhí an mála beag ar a dhroim, mála nach raibh ann ach peann luaidhe nó dhó, duilleoga páipéir, scríbhinní nach gcuirfeadh greim lena bhéal, ualach léinn agus samhlaíochta.  Bhí a fhios aige nárbh fhada uaidh sráidbhaile na croise, ach bhí barraíocht tuirse air, ní fhéadfadh sé an cúpla míle eile sin a shiúl, aghaidh a thabhairt ar na madaí a bheadh scaoilte amach le titim na hoíche. Níorbh aon mhaith dó teach leanna, teas na tine, comhluadar a shamhlú, ní raibh an dé fágtha ann ach ar éigean.  Na crainn arda sin, an chill, seantuamaí chlanna Néill. Bhí a fhios aige cá raibh sé. Bheadh foscadh le fáil ón ghaoth ar a laghad, agus b'fhéidir ón fhearrthainn a bheadh ag stealladh anuas arís go luath.  Ní raibh sé ábalta siúl ní b'fhaide. Lúb ceann dá ghlúine, agus chuir sé lámh amach le taca a bhaint as an bhalla cloiche. Theagmhaigh a mhéara l

An Cuinneagánach

Imagen
Bhí mé ag freastal ar ócáid éigin a eagraíodh do scríbhneoirí, ag caint le daoine a raibh aithne agam orthu, ag cur aithne ar chorrdhuine eile. Tríocha bliain ó shin ar a laghad, sílim. Mar ba iondúil ag an am, agus b'fhéidir go fóill, bhí ceapairí agus sólaistí eile ar fáil go flúirseach agus cuid againn ag ithe go hamplach. Tar éis tamaill, tháinig fear isteach a raibh cóta fada báistí air, bheannaigh sé do chúpla duine ach níor fhan sé ag comhrá le duine ar bith, chuir sé ceapairí ar phláta agus chonacthas dom gur le fíorocras a d'ith sé iad, sular imigh sé leis gan fanacht le cibé cainteanna nó searmanas a bhí le tosú. Tá mé cinnte gur aithin cuid de na daoine a bhí i láthair é, ach ba chosúil é le duine as ré eile, glúin a bhí an-ghníomhach tráth ach a bhí ag imeacht as slí na mbréag de réir a chéile. D'aithin mé é, mar dhuine a thagadh ar cuairt chuig m'athair ó am go ham, agus a gcuirfeadh m'athair suas lena chuid cainte gan argóint leis. Dhéanadh sé a

Rocío agus Iván, scéal grá

Níl an tIdirlíon cinnte cár rugadh Rocío, sa Spáinn nó i gCúba, ach is iníon í le fear gnó Cúbach a bhí ina bhainisteoir ginearálta ar KFC na Spáinne tar éis do a thír dhúchais a fhágáil. Dar leis an nuachtán El Español rugadh í i Madrid i mí Mheithimh 1974, ach bhí a sinsir ina dtiarnaí talún i gCúba fadó. [https://www.elespanol.com/reportajes/20190616/enigma-rocio-monasterio-latifundista-vox-sonrisa-impasible/404709657_0.html].  Bhí comhlacht siúcra ag a seanmhuintir i ndeisceart Chúba, an  Compañía Azucarera Atlántica del Golfo, le longa, traenacha agus a stáisiún leictreachais féin, agus bhí siad an-mhór leis príomhpholaiteoirí na tíre, an Deachtóir Fulgencío Bautista in measc, agus bhí sealúchas acu sna Stáit Aontaithe chomh maith, go háirithe i Nua Eabhroc. Nuair a ghlac lucht na réabhlóide seilbh ar thalamh na dtiarnaí chuaigh teaghlach Monasterio go Meiriceá ar feadh tamaill agus as sin tháinig an t-athair chun na Spáinne mar bhainisteoir ar an gcéad bhialann de chuid Kent

Gleann na Marbh

Imagen
Tá Valle de los Caidos conspóideach, go háirithe ó d'fhógair an Príomhaire Pedro Sanchez gur bhfuil sé ar intinn ag a rialtas corp an deachtóra Franco a bhaint amach as agus a chur in áit éigin eile.  Os cionn an ionad cuimhneacháin seo tá an chros is mó sa domhan 'críostaí' le feiceáil ón mbóthar.  Tá an suíomh seo in ainm comóradh a dhéanamh ar na daoine a d'éag le linn an chogaidh chathartha. Tá basilica, mainistir, brú agus an chrois is airde san Eoraip ar an láthair. Dar leis an Deachtóir, ionad cuimhneacháin ar na sluaite a maraíodh  i rith an chogaidh a bhí ann, agus comhartha aontachta agus athmhuintearais. caitheadh ocht mbliana déag á thógáil, agus bhí idir oibrithe saora agus príosúnaigh i mbun na hoibre. Íocadh as le crannchuir agus síntiúis.  Tá an basilica chomh mór le hEaglais N. Peadair sa Róimh, ach í gearrtha amach as an charraig.  Tá an suíomh tábhachtach, mar go bhfuil sé in aice le mainistir San Lorenzo del Escorial, mar a bhfuil tuama

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne

Imagen
Bíonn an comhaireamh thart trí nó ceithre huair an chloig tar éis do na bothanna vótála dúnadh, rud atá an-aisteach don Éireannach. Ach ní hé sin an t-aon difríocht atá idir toghcháin na hÉireann agus na Spáinne. Sa bhothán vótála Spáinneach leagtar amach liostaí ar bhord, liosta ar leith do gach páirtí nó grúpa. Phioc daoine an liosta ba rogha leo, ceann do theach na dteachtaí agus ceann don seanad, agus chuir siad isteach i mbosca é tar éis dóibh a gcárta aitheantais a thaispeáint do na hoifigigh. Ní dóigh liom go dtaitneodh an modh vótála sin linne Éireannaigh. Sa chéad áit mar nach vóta ró-rúnda é, is féidir le hoifigigh na bpáirtithe éagsúla súil a choinneáil ar na liostaí atá a bpiocadh suas ag na vótóirí, agus sa dara háit ní thugann sé aon rogha don vótóir seachas a ghuth a chaitheamh ar son an pháirtí nó an ghrúpa sin. Beidh na hiarrthóirí tofa ansin de réir líon na vótaí a fhaigheann an páirtí agus a n-ionad ar an liosta. Agus is liosta náisiúnta é chomh maith, rud a chiall