Bascach a d'fhág a lorg in Ail Finn

 Tá sráidbhaile Ail Finn suite timpeall leath bealaigh idir Ros Comáin agus Mainistir na Buaille, baile scoite nach bhfeicfidh tú fiú aon mbóthar mór. D'fhéadfá tiomáint thairis gan é a thabhairt faoi deara ar chor ar bith, murach an cuimhneachán mór ar Chogadh na Saoirse atá le feiceáil ar do dheis agus tú ag tiomáint ó thuaidh. Déantar comóradh go rialta ar na hóglaigh a throid agus a fuair bás i gceantar Ros Comáin timpeall céad bliain ó shin agus ar dhaoine nach iad. 



I mo bharúil féin ní haon saothar mór ealaíonta é ach tá sé feiceálach. Níl sé deacair teacht ar íomhánna den saothar dealbhadóireachta ar an ngréasán, anseo mar shampla. I gceann de na ballaí tá an gnáthíomhá den Phiarsach:


Tá roinnt eolais le fáil ar Wikipedia an Bhéarla faoin láthair, ach níl aon rud ráite faoin duine nó na daoine a rinneadh an dearadh. Is trí thimpist a tháinig mé ar scéal suimiúil faoi dhuine den bheirt a bhí freagrach, ailtire Bascach a chaith cuid mhaith dá óige i mBaile Ghib na Mí.

Ba i Meicsiceo a rugadh Lander Gallastegi, mar go raibh ar a athair, Elías, teitheadh lena chlann ó réimeas an deachtóra Primo de Rivera. Bhí Elías Gallastegi an-ghníomhach sa ghluaiseacht náisiúnta Bascach i dtús an chéid sa caite, agus an t-ainm cleite 'Gudari' (gaiscíoch) in úsáid aige ina chuid scríbhinní. Rugadh é sa bhliain 1892 agus chaith sé tamall ina mhúinteoir Bascaise agus é go mór faoi thionchar chogadh na saoirse in Éirinn (mar a bhí Briotánaigh agus a lán dreamanna mionlaigh eile san Eoraip agus ar fud an domhain). B'éigean dó teitheadh lena chlann ón deachtóireacht, chun na Fraince ar dtús agus as sin go Meicsiceo mar ar chuir sé faoi go dtí gur fógraíodh poblacht sa Spáinn in 1931. Chuaigh Elías ag obair mar riarthóir in oibreacha cruaiche i mBilbao agus d'fhill sé ar an pholaitíocht. Cháin sé eachtraí cóilíneacha na Spáinne san Afraic agus d'fhógair sé go raibh an neamhspleáchas céanna tuillte ag muintir Mharacó agus a bhí ag a mhuintir féin. 

Sa bhliain 1933 nuair a bhí an Saorstát ag iarraidh neamhspleáchas eacnamaíoch a bhaint amach i rith an chogadh trádála leis an Bhreatain, bhunaigh Ambrose Martin, a rugadh san Argaintín agus a raibh aithne mhaith aige ar Bhascaigh sa tír sin ina óige, an Irish Iberian Trading Company i bpáirt le comhlacht Euskerin, a raibh Elías Gallastegi ina stiúrthóir air. Easpórtáladh eallach, muiceoil, prátaí, uibheacha agus earraí eile as Éirinn go Bilbao agus go calafoirt i ndeisceart na Spáinne. Ar ndóigh mar a bhfeifí ag súil leis, cháin páirtí nua Fhine Gael, go háirithe an teachta Patrick Belton an ceangal seo le poblacht aindiach
na Spáinne agus thug sé "one of the most pronounced and prominent Communists in this country" ar Martin. Casadh Martin agus Gallastegi ar a chéile i mBilbao tamall de bhlianta roimhe sin nuair a thug an tÉireannach léacht faoi Chumann na mBan sa chathair. 

Mar gheall ar an cheangal cairdis agus gnó thug Gallastegi aghaidh ar Éirinn nuair b'éigean dó éalú arís as a cheantar dúchais tar éis ionsaithe Franco ar Gernika. Thug Ambrose Martin dídean dóibh i dTeach Bhaile Ghib. Nuair a dhiúltaigh an Roinn Trádála agus Tionscail a iarratas chun monarcha rothar a bhunú ar suíomh chuaigh sé i mbun na feirme agus bhunaigh sé muileann adhmaid. Cuireadh na leanaí chuig an scoil áitiúil mar ar fhoghlaim siad Gaeilge agus peil Ghaelach. Bhíodh glasraí á ndíol acu i mbaile na hUaimhe i rith an tsamhraidh. Ligeadh Bascaigh eile isteach go hÉirinn nuair a theith siad ó réimeas Franco nó ó réimeas Vichy na Fraince agus tugadh dídean dóibh siúd chomh maith sa teach i mBaile Gib. Bhí beirt agus fiche san iomlán ina gcónaí sa teach ar feadh tamaill. Ní raibh aon easpa airgid ar na Bascaigh, tuairiscíodh go raibh £60,000 i dtaisce i Sasana ag duine acu, Jose Camina, ach ní raibh fáil ar an airgead i rith an chogaidh. Bhíodh orthu dul ag seilg colúr agus coiníní le greim bia a fháil.  
Tar éis tamaill chuaigh go leor den ghrúpa go Baile Átha Cliath nó d'fhág siad an tír. D'fhan teaghlach Gallastegi i mBaile Ghib go dtí an bhliain 1945 nuair a chuaigh siad a chónaí in árasán i bhFaiche Stiabhna. Cuireadh na buachaillí ar scoil i gColáiste na Carraige Duibhe mar a raibh Lander ina imreoir cumasach rugbaí (Tá grianghraf de ag fáil an Junior Schoos Cup óna mháthair i 1945 in eagrán den Irish Independent de chuid na linne. Rinneadh saoránaigh de chuid na hÉireann de bhaill uile an teaghlaigh i rith an ama sin. 

Rinne Lander agus a dheartháir Iker staidéar ar an ailtireacht agus ar an innealtóireact i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus lena chara Gerry Trimble, rinne Lander an dearadh do Chuimhneachán na nÓglach in Ail Finn. D'éirigh Iker as a chúrsa ollscoile agus d'fhill sé ar a thír dhúchais in 1952. Bhí sé i dtrioblóid le póilíní Franco agus chuaigh sé a chónaí i mBiarritz. Cúpla bliain tar éis do Franco bás a fháil chuir sé faoi i mbaile Algorta agus chaith sé tamall ag obair i longchlósanna i mBilbao, ag scríobh go rialta do nuachtáin Bhascacha. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí ETA. Bhí an chlann gníomhach sa ghluaiseacht neamhspleáchais agus cuireadh a iníon i bpríosún. 

Chuir Lander go leor de scríbhinní a athar in eagar agus é ag obair mar ailtire i mBilbao. 

Tá súil agam roinnt eolais eile a bhailiú faoi agus faoin teaghlach spéisiúil seo. 


Nascanna:


https://medium.com/@stewreddin/irish-citizens-of-basque-origin-the-story-of-ireland-s-basque-refugees-during-the-spanish-civil-b8e4ad0ac3a2


https://borrokagaraia.wordpress.com/2014/07/13/la-muerte-de-un-patriota/

https://www.resumenlatinoamericano.org/2018/02/14/euskal-herria-iker-gallastegi-una-vida-dedicada-a-enaltecer-la-lucha/

Comentarios

  1. Is airgead mé ó Garman, bhí mé pósta 8 mbliana ó shin gan leanbh, bhí mé ag lorg réiteach go géar mar dúirt an dochtúir nach féidir liom a bheith torrach, ach threoraigh cara liom mé chuig caster litrithe darb ainm Dr white, agus mise mhínigh sé mo chuid fadhbanna dó agus gheall sé go mbeidh gach rud ceart go leor liom i gceann 12 lá, thug sé roinnt treoracha dom a rinne mé go foirfe, chuaigh mé chuig an ospidéal le haghaidh tástála agus dheimhnigh siad go raibh mé 1 sheachtain ag iompar clainne, agus anois tá mé Tá toircheas eile ag mo mhac álainn agus anois, go raibh maith agat, a Dr bán, déan teagmháil leis le réiteach de gach cineál,

    1) más mian leat do Ex.
    2) más mian leat geasa a bheith torrach.
    3) más mian leat stop a chur le breith anabaí.
    4) más mian leat go mbeadh grá ag duine duit.
    5) geasa chun gach cineál breoiteachta nó galair a leigheas.
    Agus Daoine eile.
    tá sé an chuid is fearr agus an-fhírinne ,. wightmagicmaster@gmail.com. WhatsApp: +17168691327

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne