Gleann Maighir

Tomás Ó Cannain imithe ar shlí na fírinne. Léachtóir ollscoile, ceoltóir, scríbhneoir, Gael. Bhunaigh sé Buaic Teoranta sna Seascadaí le Fionntán Mac Aodha Bhuí, Séamus Ruiséal le Gaeltacht a bhunú in aice le cathair Chorcaí, agus daoine eile, agus thóg sé féin agus a bhean Helen teach in Ard Barra i 1967. Bhunaigh sé féin agus Matt Cranitch an grúpa Na Filí. Tá dea-chuimhne agam ar na trí bliana a chónaigh muid in Ard Barra. Slán leat go fóill Thomáis, tig leat dul siar ar na cuimhní le m’athair agus mo mháthair a chuaigh chuig an saol eile tamall beag romhat.

Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne