Montréal – An Taobh Dorcha

Montréal – an Taobh Dorcha


Fógra ar fhuinneog fá dhlúthdhioscaí agus leabhair athláimhe a mheall síos an staighre mé go dtí an siopa mór faoin talamh. Seanchluichí ríomhaire, seancheirníní, dlúthdhioscaí, T-léinte agus postaeirí, gléasanna raidió mar a bheadh ag do dhaideo leathchéad bliain ó shin, corrrcheamara, páirteanna de chórais fuaime agus a leithéid. Pluais Aladdin nó carn bruscair. Fear ramhar le gloiní dorcha air, ruball capaill liath ceangailte ar chúl a chinn lasitiar den chuntar, é le haithint ar a chuid Fraincise gur Béarlóir é.
Bheadh sé ag dúnadh i gceann leathuaire, agus mar sin ba dheacair amharc mar ba cheart ar na mílte agus na mílte ceirnín scaipthe ar bhoird fhada, cuid acu ar an urlár, boscaí cartchláir faoi do chosa, sean Mac LCIII nach mbeadh aon mhaith ann do dhuine ar bith go deo arís, cáblaí fuaime agus araile ar fud na háite ionas go raibh sé deacair do bhealach a dhéanamh timpeall. Shiúil timpeall go mear agus thug faoi deara na hirisí graosta agus na fístéipeanna, na DVDnna ‘crua’ ina gcúinne féin i bhfad ón doras.
Bhí fonn cainte ar an fhear
Cheistigh mé é faoi roinnt grúpaí Éireannacha. Bíonn an-tóir orthu, ar seisean. ‘Faigheann daoine amach gur ag Thin Lizzie a bhí an t-amhrán sular chuala aon duine faoi Metallica’ ar seisean faoi Whiskey in the Jar. Mar an gcéanna le grúpa eile. Díolaim iad chomh luath is a fhaighim iad.’
Dúirt mé leis gurbh é seo mo dhara cuairt ar Mhontréal, go raibh mé ann ar feadh seachtaine dhá bhliain ó shin agus go raibh mé an-tógtha le háilleacht na cathrach, leis an gcanúint Fraincise a labhraítear, leis an Biodome agus leis an Oratoire St–Joseph, agus le hionaid stairiúla na seanchathrach. Ach an uair seo, arsa mise leis, bhí níos mó de dhrochthréithe na cathrach le feiceáil.
 Samhlaímid i gcónaí gur tír ghlan gheanmnaí shaibhir í Ceanada, arsa mise. Ach tá an salachar agus an bochtanas nochtaithe ar phríomhsráid na cathrach agus gan aird ag daoine orthu. Shílfeá go mbeadh na clubanna gnéis níos discréidí, go gcuirfeadh daoine ina n-éadan. Agus fiú sa siopa seo agat féin, tá irisí porn ar taispeáint ar na boird agus ar na cuntair. Nach mbeadh déagóirí ag teacht isteach anseo ag ceannach dlúthdhioscai agus postaeirí? An ligfeá dóibh dul ag póirseáil trí na hirisí sin?
“Ní bhíonn aon spéis acu iontu” ar seisean ina ghuth géar ard. “Níl ann ach páipéar daite. Is cur amú spáis iad dáirire mar níl daoine ag ceannach a leithéid níos mó. Tá an t-ábhar sin uilig ar fáil ar an idirlíon in aisce agus níl daoine sásta íoc as. Ach níl mise ar son na cinsireachta. Bíodh cead ag daoine rud ar bith is mian leo a cheannach nó a dhíol.’
“Cad faoi na clubanna seo atá ar fud na sráide?” arsa mise. “Nach bhfuil daoine á ndíol is á gceannach iontu sin? Nach bhfuil dúshaothrú á dhéanamh ar mhná go háirithe?”
“Níl iontu sin ach frontaí do na bikers, díolann siad drugaí. Cinnte tá éileamh áirithe ar striapacha ach is ar na drugaí a dhéantar an t-airgead.”
“Chuala mé faoi na bikers seo a bheith i gceannas ar na clubanna. Agus chonaic mé sna páipéir gur gabhadh drong díobh le gairid.”
“Tháinig siad isteach ó California. Bhí sé ina chogadh ansin idir an seandream agus dream óg a bhí ag iarraidh a gcuid gnó a bhaint díobh. Tá na Hell’s Angels i gceannas ar mhargadh na ndrugaí agus an striapachais. Earcaíonn siad baill úra agus uaireanta éiríonn na boic óga sotalach agus síleann siad gur féidir leo an gnó uilig a ghabháil dóibh féin. Maraíodh cúpla céad duine sa chogadh a bhí acu i gCalifornia agus ar fud na Stáit Aontaithe, agus theith cuid acu go Montréal. Ghabh siad seilbh ar an striapachas. Is cuid den striapachas an tionscal físe, agus déanfaidh siad airgead beag éigin as. Ach is iad na drugaí is tábhachtaí, agus níl sé de mhisneach ag na húdaráis a ndúshlán a thabhairt. Tá an-chuid airgid á dhéanamh saor ó cháin acu agus is furast dóibh póilíní agus polaiteoirí a cheannach. Féach – bhí mé mbialann an lá cheana, ag ithe liom féin. Bhí triúr ban in aice liom, gan aon aithne agam orthu, gan eolas agam fúthu. Tháinig beirt phóilín isteach agus chuir siad i leith bhainisteoir na bialainne go raibh teach striapachais á reachtáil aige, agus iad ag díriú ar an triúr a bhí in aice liomsa. Ní raibh mé róshásta caithfidh mé a rá leat. Shíl mé go gcuirfidís i mo leith go raibh baint agamsa leis an ngnó sin chomh maith. Ach ní raibh imní ar bith ar an bhainisteoir. Bhí aithne aige ar an bhfear ba shine de na póilíní agus thagair sé béile don bheirt acu. ‘Ar mhaith libh feoil gheal nó feoil dhubh le sin’ ar sé, agus é a sméideadh ar an triúr ban – bhí duine acu dubh. Bhí na póilíní ag amharc inár dtreo, agus is cosúil gurb é sin an chéad uair a thug siad mise faoi deara, agus nach raibh aithne acu orm. D’fhág siad gan focal eile a rá, eagla orthu go mbeinn i m’fhínné. Má tá lucht bialanna agus clubanna chomh hoscailte sin lena mbreabanna samhlaigh cad tá ag tarlú faoi choim. Ba chóir an dlí a athrú, ligint do dhaoine aon rud is mian leo a dhíol agus a cheannach, a fhad is go n-íocann siad cáin air agus go bhfuil gach duine sa ghnó páirteach dá dheoin féin. Dá mbeadh sé uilig dleathach ní bheadh aon áit ná spreagadh ann do na bikers ná do choirpigh eile.”

Is fada siar a théann ceangal Mhontréal agus Québec le coirpigh Mheiriceá. Mar gheall ar iarracht eile chun cosc a chur le tógáil drugaí, an Prohibition, tugadh an-spreagadh do thábharnóirí ar thaobh Cheanada den teorainn idirnáisiúnta. Bhí drúthlanna in aontíos leis na tábhairni go minic, chun freastal ar an dúil sa pheaca a bhí ag na mílte a thiomáin thar teorainn as Boston, Nua Eabhroc, agus cathracha eile. Eagraíodh smugláil biotáille ar scála ollmhór, agus chuaigh an-chuid daoine i dtaithí ar an dlí a bhriseadh ar an dá thaobh den teorainn. Nuair a baineadh an toirmeasc den alcól bhí tóir i gcónaí ar na striapachaí agus ar dhrugaí mídhleathacha. Tá Casino mór i Montréal a mheallann na milliún cuairteoirí chomh maith, agus is ann a dhéantar ‘glanadh’ ar chuid mhaith d’airgead na coiriúlachta. Cailleann daoine a saibhreas uile sa Chasino, agus bíonn daoine deasa ansin chun teacht ‘i gcabhair’ orthu le hiasachtaí. Tá Éireannaigh (an West End Gang, a bhíodh/bhíonn ag iomportáil drugaí trí chalafort Mhontreal i measc rudaí eile), Iodálaigh agus dreamanna eile i mbun coiriúlachta eagraithe de chineálacha éagsúla, ach measann seirbhís faisnéis choiriúlachta Cheanada go bhfuil na Hell’s Angels, a bunaíodh i gCalifornia i 1948, níos má ná drong ar bith eile sa tír. Tá timpeall dhá chéad caoga ball acu, a chaitheann a ndathanna go poiblí, a úsáideann foiréigean agus imeaglú go rialta. Tá struchtúr cliarlathach acu a fhágann na coireanna faoi na hearcaigh óga úra a fhad is atá an lucht ceannais ábalta an ‘luach saothair’ a choinneáil dóibh féin. Mar gheall ar an struchtúr seo tá na cinnirí ábalta maireachtáil gan phíonós agus íomhá na cumhachta a úsáid chun earcaigh úra a mhealladh i dtreo na coiriúlachta.
Ciontaíodh Maurice Boucher as dúnmharú bheirt oifigeach príosúin i mí Bealtaine 2002, tar éis dó na blianta a chaitheamh mar cheannaire ar na Hell’s Angels i Montréal. Tugadh fianaise sa chúirt go raibh eolas ag na bikers faoi fhaisnéis na bpóilíní agus go raibh feachtas imeaglaithe ar bun acu ionas nach dtabharfaí fianaise ina gcoinne. Bhí canabas á fás i ngortanna min bhuí ar fud Québec, agus deirtear go bhfuil go fóill, agus an-éileamh ar an ‘Québec Gold’ ar shráideanna Nua Eabhroc. Rinneadh imeaglú ar fheirmeoirí a chuir i gcoinne na gcoirpeach, agus b’éigean garda ceithre huaire fichead sa ló a chur ar fáil do pholaiteoir tuaithe a labhair amach. Bhí sé ina chogadh idir na Angels agus bikers eile a thugann an ‘Rock Machine’ orthu féin chun smacht a fháil ar an tionscal mídhleathach seo, agus maraíodh os cionn 150 duine sa chogadh sin ó 1994 i leith. Nuair a bhí ceannaire an Machine i bpríosún sna Stáit Aontaithe rinne na Hell’s Angels iarracht dul i gceannas orthu. Úsáideadh pléascáin agus piléir i gcogadh nár tháinig críoch go fóill air, in ainneoin an oiread sin de na gaingstéirí a bheith i bpríosún nó marbh. Maraíodh iriseoirí fiosracha chomh maith.
Bunaíodh grúpa speisialta póilíní, Carcajou nó Wolverine, chun deireadh a chur le gníomhaíochtaí na mbikers tar éis do ghasúr óg bás a fháil in ionsaí, agus d’éirigh leo roinnt áirithe daoine agus airgid a ghabháil.  I Meán Fómhair 2003 cuireadh naonúr Hell’s Angels sa phríosún nuair a phléadáil siad ciontach i gcomhcheilg dúnmharaithe, díol drugaí agus ‘gangsterism’. Tá cuid den airgead a gabhadh le húsáid chun cabhrú le striapacha a bhfuil fadhbanna drugaí acu. Meastar go bhfuil os cionn 500 ban ar shráideanna Mhontréal, agus gur andúlaigh drugaí a bhformhór. Is annamh a tháinig na póilíní i gcabhair orthu mar gheall ar a ngairm . Ar a suíomh idirlín cuireann an RCMP, póilíní Cheanada, béim ar an dochar a dhéanann na coirpigh, ar an drochíde a thugtar do dhaoine, an cháin nach n-íoctar agus an t-airgead á úsáid chun comhlachtai dlisteanacha a cheannach, an iomaíocht neamhchothrom a bhíonn ann dá bharr sin agus a dhéanann tuilleadh dochair dóibh siúd a chloíonn leis an dlí. Ach níl ach céatadán beag den airgead a gabhadh ar fáil le cabhrú leis na híobairtigh. 
“Ba chóir deireadh  a chur leis an toirmeasc ar dhrugaí  agus cáin a ghearradh orthu siúd a dhíolann é. Bheadh i bhfad níos lú coiriúlachta againn ansin” adúirt an siopadóir san íoslach agus an áit á chur faoi ghlas don deireadh seachtaine aige. Ach fiú má tá an ceart aige ní ligfeadh rialtas Mheiriceá d’údaráis Cheanada é sin a dhéanamh. 
Amuigh ar an Rue St-Catherine, príomhshráid siopadóireachta Mhontréal, bhí sé ag éirí dorcha agus soilse néoin á lasadh ar fud na háite. Ag fógairt ‘contact dancing’ agus clubanna striopála a bhí an-chuid díobh, agus bhí daoine suite i ndoirse siopaí, blaincéidí timpeall orthu, madra beag ina mbaclainn ag tabhairt beagán teasa dóibh, iad ag iarraidh déirce. Labhair fear deaghléasta téagartha ag doras néonlasta liom. “Nár mhaith leat ár gcuid cailíní a fheiceáil?”  Cúpla slat ar aghaidh bhí cúilfhionn ghleoite i gcóta geal gearr ag súil le custaiméirí a mhealladh. Agus bhí na mílte ag triall ar scannáin agus ar thábhairní agus ar chlubanna oíche, agus gan oiread is póilín amháin le feiceáil ar mhórshráid na cathrach seo ina maireann breis is trí mhilliún duine. 

Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne