Marion Gunn, cloch bheag ar a leacht

Marion Gunn

Fuair sí bás inné, scéal a cuireadh chuig an dream a úsáideann an liosta Gaeilge-A, bean a rinne an t-uafás ar son na Gaeilge, go háirithe trí úsáid a bhaint as an nuatheic, breis is fiche bliain ó shin, ag bunú gréasán ar nós Gaelic-L, Gaeilge B agus Gaeilge A agus roinnt eile nach raibh baint agam féin leo. 

Is cuimhin liom í a theacht go dtí an ollscoil i nGaillimh fadó le córas oibre an Mac, cluichí agus feidhmchláir oibre a thaispeáint do dhaoine a raibh spéis acu ina leithéid, an leagan Gaeilge a bhí déanta aici féin agus Michael Everson. An uair sin ba ghnách le daoine íoc as leaganacha de na feidhmchláir, ach ní raibh go leor sásta leaganacha Everson Gunn a cheannach, agus ní raibh sí ábalta leanúint ar aghaidh leis an obair sin.  Ar ndóigh níor thug na heagraíochtaí stáit aon aird uirthi nuair a dúirt sí gur cheart go mbeadh an leagan Gaeilge de Office srl ar na ríomhaire i ngach oifig. 



Tríd na liostaí ríomhphoist chuir mé aithne ar roinnt daoine spéisiúla agus tá mé cinnte gur tháinig cuid mhaith den ghluaiseacht ar son leaganacha Gaeilge de na brabhsálaithe agus de na gréasáin shóisialta as na díospóireachta a bhí ar na liostaí sin. Bhínn i dteagmháil anois agus arís agus casadh ar a chéile muid ó am go ham ag ócáidí agus cruinnithe, chaith muid beirt tréimhse ar choiste Bhiúró Eorpach na dTeangacha Neamhfhorleathana, agus nuair a bhunaigh sé a gnó aistriúcháin rinne mé roinnt oibre léi. 


Bhí sí ag plé le cartlanna agus mar 'chaitheamh aimsire' bhí sí an-ghníomhach sa Chomhdháil Cheilteach. 

Nuair a bhí an scrúdú cáiliúil sin le déanamh ag na haistritheoirí bhuail mé léi ar an Luas amach go Tamhlacht. Bhí sí ar na daoine a d’fhan go dtí an nóiméad deireanach le teacht amach as an halla scrúdaithe (sílim gur mise an dara duine a d’fhág an halla, shíl mé go raibh an scrúdú gearr agus éasca). Dúirt sí liom gur féidir feabhas a chur i gcónaí ar do chuid oibre ach dul siar arís agus arís uirthi, rud a d’fhoghlaim sé ón Ollamh de Bhaldraithe…. 

Bhí a tuairimí á roinnt aici i gcónaí ar na seanliostaí rómhphoist, ar fhóram na n-aistritheoirí agus i ngach áit a raibh deis aici sin a dhéanamh, gan dul chun cantail agus maslaí mar a rinne corrdhuine. Caithfidh sé go raibh foighid iontach aici….


Rinne sí lán, agus rinne sí go maith é. 

Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide