Tabarca

Seachas cóip de cheann de mhórlonga cogaidh chabhlach na Spáinne a cuireadh go tóin tar éis chath Trafalgar,

bia den scoth, agus neart ceoil ar na sráideanna, ní fhéadfaí a rá gur chathair tharraingteach í Alicante i gcúige Valencia.

Ach amuigh sna sléibhte, i Santuario de Pla de Petrarcos, tá saothair ealaíne sna carraigeacha, a rinneadh ocht míle bliain ó shin. http://arqueologiaalicante.blogspot.com.es/2011/02/conjunto-de-arte-rupestre-de-pla-de.html


Agus amuigh sa Mheánmhuir tá oileán beag a bhfuil daoine ina gcónaí fós ann,  seanteanga Valencia á labhairt acu go fóill (is Catalóinis í ach ná habair sin le muintir Valencia ... ), iad beo ar an iascaireacht agus ar an turasóireacht, oileán a bhí i seilbh na Múrach ar feadh i bhfad, na Críostaithe ina sclábhaithe acu, nach mbíonn ann sa gheimhreadh ach timpeall fiche duine, ach na mílte ar cuairt gach lá i rith an tsamhraidh. Tearmann éan agus bláthanna.



Fuarthas iarmsaí Rómhánacha ar an oileán, agus tá fianaise ann go raibh na Gréagaigh ansin fadó, ach sa lá atá inniu ann is iad iarsmaí an 18ú haois is mó atá le feiceáil. Bhí tuairim is míle duine ina gcónaí ar Tabarca san ochtú haois déag nuair a cuireadh garastún buan ann leis na foghlaithe mara ón Ailgéir a choinneáil amach, agus tá tionchar láidir ag ailtireacht chóilíneach Mheiriceá ar leagan amach agus ar bhallaí an aon bhaile atá ar an oileán. 




Céad bliain ó shin bhí Éirí Amach ar oileán eile.... 







Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne