Entradas

Castar na daoine ar a chéile

Bean ag siúl romham ar an gcosán. Caol, measartha ard, gruaig chatach ghearr liath, rud annamh na laethanta seo agus a bhfolt daite ag beagnach gach bean. Ní raibh spás ann le hí a scoitheadh nó bhí daoine ag teacht an treo eile. Ní raibh deifir ar bith orm ar an chaoi, ach gur shíl mé go mbeadh sí neirbhíseach dá mbeadh a fhios aici go raibh duine éigin á leanúint. Go tobann baineadh tuisle aisti, agus rug mé ar a sciathán agus í ag titim. Bhí iall a cuaráin briste. Chrom mé le cabhrú léi ach dúirt sí gur chuma, go raibh sí ceart go leor. Ar aghaidh liom gan amharc san aghaidh uirthi. Cheana féin bhí scuaine fada bailithe lasmuigh de na fuinneoigíní. Níorbh aon iontas é, ach bhí go leor ag gearán go raibh rudaí níos fearr cúpla bliain ó shin sular tháinig an rialtas caomhach 'Popular' i gcumhacht. Alt sa pháipéar saor '20 Minutos' faoi éadaí leapa salach agus easpa glaineachta go ginearálta ó cuireadh na seirbhísí glantóireachta amach ar conradh go cuideachtaí prío...

Poblacht agus Poblacht Eile

Imagen
Chuir mé an litir seo a leanas chuig an Irish Times tamall ó shin. Níor bhac siad lena fhoilsiú..... A eagarthóir, in Easter 1916 a Republic was declared. The only royal presence at the commemoration of that event should be in effigy - hanging from the lamp-posts. Cuireann sé múisc orm daoine a fheiceáil gléasta ar nós ainmhithe sorcais agus ag umhlú dóibh siúd a bhfuil cumhacht acu mar oidhreacht ó ghadaithe agus dúnmharaithe na haimsire atá caite. Ba náireach an rud é do pholaiteoirí na hÉireann na cultacha moncaí a chur orthu féin le béile a chaitheamh le banríon Shasana. Is náirí fós iad na meáin chumarsáide a deir gur dul chun cinn agus aibíocht agus fás suas a léirigh an lúitéis sin. Ach deirtear go bhfuil formhór an phobail i bhfách le cuireadh a thabhairt do chuid den teaghlach ríoga sin chuig comóradh céad bliain an Éirí Amach . . . . Mar a deirim thuas fógraíodh poblacht ar Luan Cásca 1916. Más poblacht atá againn, nó atá uainn, chuirfeadh sé déistin orainn ár nUachtarán ...

Stailc na nDílseoirí 1974

Stailc na Bealtaine 1974 Shiúl mé isteach i mbaile Chúil Raithin. Mhothaigh mé láithreach an teannas. Sráideanna folmha, siopaí druidte,  Slua fear ar an droichead ag cur bac ar thrácht. Fir gan aigheanna ag tabhairt cuairt ar na siopaí atá foscailte go fóill. Druidtear go gasta agus go suaimhneach iad. Póilíní ag siú-thart ar nós cuma liom agus an imeagú soiléir seo ar siúl.  Níl rian ann den arm Briotanach. D’fhág mé an baile go luath i ndiaih piléír a chluinstean á scaoileadh  - Níor chreid aon duine mé nuair a dúirt mé gur chuala mé urchair agus mé istigh i leabharlann an bhaile, an t-aon áit a bhí oscailte.  Bhí mórán rudaí eile sa nuacht, ba bheag iad eachtraí Chúil Raithin an lá sin. Mar seo a léirigh oibritheoirí Uladh a míshásamh le polaiteoirí uasaicmeacha a thréig iad. Fágadh scartha iad dá ndeoin féin ó na náisiúnaigh, tréigthe ag a gceannairí, agus shocraigh siad gan faic a dhéanamh agus leag siad an Comhthionól.  ...

Gunther - nótaí a ghlac mé blianta fada ó shin.

Gunther Bbí muid inár suí ag tábla i dteach beag leanna i mbaile i gcontae an Chláir. Bhí deireadh ag teacht leis an samhradh ach slua maith istigh mar sin féin ag baint suilt as ceol an chearthrar as iolscoil Chorcadh a bhí ag bualadh sa chúinne taobh linn. Bhí mná ansin, státseirbhísigh déarfá, anuas as Baile Átha Cliath ag cuartú fear, ag tabhairt na súl dúinn. Fear an bhodhráin ag baint scairt gháire as na daoine thart air, asainne, lena chur síos ar na gill uilig a chaill sé ar rásaí Lios Tuathail. Chonaic mé Gunthar ansin, Bhí sé ag teacht ón chuntar agus pionta Guinness i lámh amháín, buidéal pionta sa lámh eile. Fear ard, amharc fiáin ina shúile donna agus an ghruaig aimhréiteach dhubh agus an fhéasóg fhada ag cur lena ghealtdhreach. Tháinig sé fad linn agus shuigh ar  a ghogaide taobh linn lena phionta a ól. An bráisléad copair ar chaol a láimhe deise a chuir i gcuimhne dom go bhfaca mé an boc seo cheana i mBóthar na Trá i nGaillimh ag déanamh ornáidí copair...

Kurdi Béar i Jenin, fíorscéal

Scaoileadh linn as an teach ag bun na sráide, a deirtear liom. Níor chuala mise tada, conas a chloisfinn leis an ghleo a dhéanann an t-inneall seo? Stánaim tríd an fhuinneog bheag agus feicim romham sráid chaol. Seo liom tríd ar lánluas. Ar an dá thaobh tá fuinneoga beaga eile a thugann radharc dom den taobh istigh de na tithe ar dhá thaobh na sráide – ní fheicim na ballaí ar chor ar bith, tá siad ag titim romham agus mé ar mo bhealach go dtí an teach a dúradh liom a leagadh. An buicéad trí thonna ardaithe agus ag réabadh trí na tithe. Níor mhothaigh mé chomh maith riamh. Le sé mhí anuas níl i mo shaol ach frustrachas agus díomá agus fearg.  Seacht mbliana déag a chaith mé ag obair mar chigire don chathair, agus cé nach raibh rudaí i gcónaí i gceart bhí compánaigh gnaíúla agam, agus ní raibh aon chaill ar na conraitheoirí ach oiread. Cad a dhéanfá agus tú ag obair gach lá le daoine ach bia a chaitheamh leo agus deoch a ól anois agus arís? Ba bhreá liom é sin, siúl thart ar na ...