Gunther - nótaí a ghlac mé blianta fada ó shin.
Gunther
Bbí muid inár suí ag tábla i dteach beag leanna i mbaile i gcontae an Chláir. Bhí deireadh ag teacht leis an samhradh ach slua maith istigh mar sin féin ag baint suilt as ceol an chearthrar as iolscoil Chorcadh a bhí ag bualadh sa chúinne taobh linn. Bhí mná ansin, státseirbhísigh déarfá, anuas as Baile Átha Cliath ag cuartú fear, ag tabhairt na súl dúinn. Fear an bhodhráin ag baint scairt gháire as na daoine thart air, asainne, lena chur síos ar na gill uilig a chaill sé ar rásaí Lios Tuathail.
Chonaic mé Gunthar ansin, Bhí sé ag teacht ón chuntar agus pionta Guinness i lámh amháín, buidéal pionta sa lámh eile. Fear ard, amharc fiáin ina shúile donna agus an ghruaig aimhréiteach dhubh agus an fhéasóg fhada ag cur lena ghealtdhreach. Tháinig sé fad linn agus shuigh ar a ghogaide taobh linn lena phionta a ól. An bráisléad copair ar chaol a láimhe deise a chuir i gcuimhne dom go bhfaca mé an boc seo cheana i mBóthar na Trá i nGaillimh ag déanamh ornáidí copair agus airgid agus á ndíol leis na cuairteoirí. D'admhaigh sé nuair a chuir mé ceist air gurb é an duine céanna.
Dhearc mé níos grinne ar an mbanda copair ar a chuisle. Bhí comharthaí greanta air nach bhfaca mé in aon áit eile ach i leabhar seandálaíochta. Dúirt sé gur seanchomharthaí draíochta a bhí iontu, comharthaí cosúil leis an swastika a bhí ag na seanHionduach. Crois a raibh ciorcail bheaga ar gach línd di agus ciorcail eile thart timpeall uirthi. Comhartha na síoraíochta a bhí ann dar leis, grian agus domhan agus spéir agus ceirhte hairde na cruinne ceaptha sna línte ar an bhraisléad.
Nádúrtha go leor, thosaigh muid ag caint fá dhraíocht augs na seanchreidimh a bhí san Eoraip roimh theacht na Críostaíochta. Creideann Gunther go bhfuil an seanchreideamh beo go fóill, ceillte faoi ghnásanna na Críostaíochta. Luaigh mo chara, mac léinn seandálaíochta, na tobair bheannaithe agus Cruach Phádraig agus nósanna págánacha eile atá againn in Éirinn faoi bhréagriocht. Chuir Gunther a mhallacht ar na heolaithe agus ar lucht eaglaise, ag rá gurb iadsan a mhill an sean-léann a bhí san Eoraip agus a d'fhág ciníocha in aineolas leis na mílte bliain faoi fhíorchumhachtaí an dúlra agus an duine.
D'fhág sé an Ghearmáin cúpla bliain ó shin mar go raibh sé tuirseach den chineál saoil neamhphearsanta atá sa tír sin anois. Níor fhoghlaim sé féin le linn a óige faic faoin seanléann ach an méid a bhí ar eolas ag a mhuintir fá phlandaí agus luibheanna. Níor shásaigh creideamh críostaí a mhuintire é agus thosaigh sé ag triail creidimh eile. Ní raibh sna creidimh eagraithe uilig, ó oirthear nó ó iarthar an domhain ach neamhdhaonnacht. An neamhdhaonnacht a chruthaigh na fórsaí millteanacha míleata agua frithchomhshaoil a chuirfeadh deireadh gan mhoill leis an sibhialtacht as a d'fhás sé. Bhain sé triail as drogaí, agus d'fheicfeá ar a shúile go ndearna siad dochar go leor dó. Níor shásaigh an chineál sin éalúchais ach oiread é agus cúpla bliain ó shin chaith sé uaidh a raibh aige sa Ghearmáin agus thug aghaidh ar Éirinn mar a bhfuil, dar leis, iarsmaí de sheanchultúr na hEorpa agus dóchas éigin don todhchaí.
In Éirinn fosta, adúirt sé, tá flúirse plandaí a chuidíonn le duine dul i dteagmháil leis an saol eile, más é sin an dóigh lena chur. An dóigh ar labhair sé chuir sé mé ag smaoineamh ar dhraoi-dhochtúirí agus seamain a úsáideann luibheanna le físeanna a mhúscailt san intinn. D'aontaigh sé gurb iad na rudaí céanna iad, gurb iad na luibheanna seo a chuidigh leis dearcadh céadrata an duine a thabhairt i dtreise ann féin, chomh maith le léitheoireacht fá rúndiamhra na seandálaíochta. Shíl mé go raibh sé ag dul thar fóir nuair a thosaigh sé ar an chaint sin.
Ach ansin labhair sé faoi na rudaí a chonaic sé agus é fá thionchar na luibheanna. Chonaic sé an Ghearmáin scriosta ag cogadh agus Iartha na hEorpa ina dhiaidh sin faoi ionradh ón domhan thoir. 'Ach' adúirt sé, 'tháinig Éire slán.' Bhain sin stad asam. B'iomaí uair a chonaic mé féin a leithéid ag tarlú i mbrionglóid, amhail is dá mbeadh teachtaireacht sa bhrionglóid á rá liom fanacht i mo thír féin nó nach mbeadh slánú in aon áit eile.
Thug muid síob do Gunther ar ais go Bóthar na Trá ag deireadh na hoíche agus i gcean cúpla lá bhí dearmad á dhéanamh againn ar ár gcomhrá leis. Ach aréir agus mé i mo leaba thosaigh mé ag smaoineamh ar an méid gearmánaigh óga atá ag teacht go hÉirinn le cúpla bliain anuas. Iad uilig á rá nach bhfuil todhchaí ar bith ann dá dtír féin ach lobhadh sa rachmas go dtí go gcuirfidh an cogadh mór deireadh leis an tír go hiomlán. Níl a fhios agam cad chuige ar thosaigh mé ar an rud seo a scríobh inniu, anseo i m'árasán nuair ba chóir dom a bheith ag staidéar. Ach mothaím go gcaithfidh sé a bheith scríofa anois nó nach ligfidh na himeachtaí atá le teacht dom cuimhneamh air. Ach cad iad na himeachtaí atá le teacht?
Tá briseadh ar an gceol ar an raidió.
Tá dath aisteach ar an spéir.
Tá an ghaoth ag séideadh níos láidre. B'fhearr dom
Comentarios
Publicar un comentario