Entradas

Triúr Ban

Imagen
Triúr Ban Stop na póilíní mé agus mé ag imeacht as Jimani. “Cá bhfuil do thriall?” “Santo Domingo.” “Ceart go leor, ar aghaidh leat. Ach ná tabhair síob do dhuine ar bith. Tá dream contúirteach ar na bóithre anseo cois teorann.” “Thug mé ceathrar saighdiúr isteach sa bhaile arú inné.” “Tá sin ceart go leor. Ní haon dochar síob a thabhairt do shaighdiúir. Ach ná stop do dhuine ar bith eile.” Ar aghaidh liom. Tá an taobh tíre sin chomh hálainn, chomh héagsúil ón bhfásach ar an taobh eile den teorainn. Ar aghaidh liom timpeall ar Lago Enriquillo, atá ag méadú, páirceanna agus crainn ag dul faoi uisce de réir a chéile le tamall de bhlianta, agus gan a fhios ag aon duine cén fáth.  Ag cé bheag bhí bád, agus na hainmhithe aisteacha míofara sin, iguana. Tá crogaill sa loch. Dúradh liom go mbeadh turas ar fáil nuair a bheadh ochtar paisinéir tagtha. Ach níor tháinig aon turasóir. Tar éis uaire chuaigh mé ar aghaidh. Bean lena hordóg in airde. Lig mé is...

Go Tobann tá an Oíche i bhFad níos Fuaire

Imagen
Is dóigh liom gur in Ottawa a cheannaigh mé an t-albam Ten New Songs, ar mo chéad chuairt ar Québec sa bhliain 2001. Bhí aithne agam ar cheol Leonard Cohen le blianta, bhíodh cara liom ag canadh línte "the Sisters of Mercy have not departed or gone" agus shíl mé go raibh sé róghafa leis na mná rialta. Rinne cuid de mo chairde iontas de leabhar filíochta darbh ainm Suzanne sa Seomra Folctha, agus bhíodh Suzanne, Mariane agus amhráin eile ar an raidió go minic. Is dócha gur shásaigh na hamhráin sin uaigneas aobhinn an déagóra, an sásamh aisteach a bhain cuid againn as brón agus cumha agus éagóir agus éadóchas an tsaoil. Cé gur dhúradh gur ceol le caol na láimhe a ghearradh a bhí ann, déarfainn go bhfuair go leor daoine faoiseamh, agus gur chuir siad lá na cinniúna siar tamall eile tar éis éisteach le 'Lady Midnight'. 'That's no Way to say Goodbye' agus amhráin mar iad. De réir a chéile thug mé faoi deara go raibh go leor grinn sna hamhráin chomh ...

Teampall i nDún Lúiche.

Imagen
Bíonn an chéad radharc againn ar Ghaobh Dobhair anseo. Faoi ghualainn an Aireagail, feicimid an Loch mór, tithe thíos lena chois, agus ballóga séipéil. Is annamh a smaoinimid ar an teampall sin, níl cuma ró-ársa air agus mealltar ár súile ag áilleacht an locha féin agus muid ag dul trí Dhún Lúiche, síos thar sean-stáisiún na móna, teach ósta nua na Cúirte mar a bhíodh a theach ag an tiarna talún fadó.  Ar aghaidh linn go dtí an Bun Beag, radharc anois agus arís ar Abhainn an Chláidí, agus ar an eastát tionsclaíoch ar a dtugtar An Screabán go háitiúil. Chuaigh m'athair ag obair i Leifear i 1970, tar éis a bheith i gCorcaigh agus in áiteanna eile. Am éigin sular aistrigh an teaghlach as Corcaigh bhí mé leis i dteach Mhary Neidí agus luaigh m'athair an séipéal cois locha. Teampall Protastúnach a bhí ann adúradh leis, ní raibh aon eolas eile acu faoi ach gur tréigeadh é agus gur thit an díon isteach blianta roimhe sin. Ar ndóigh chuaigh mé trí Dhún Lúic...

Domhan na Leabhar

Imagen
Feicim go bhfuil an cheist seo á cíoradh arís eile ar na meáin agus á plé ar an idirlíon, mar a bhí is dócha leis na cianta. Samhlaítear dúinn go raibh daoine óga go háirithe ag léamh i bhfad níos mó fadó, roimh theacht na teilifíse abair, agus go raibh cumas teanga níos fearr acu dá bharr. Creidim gur fíor go raibh i bhfad níos mó á léamh ag daoine sa naoú haois déag agus ar feadh seasca bliain nó mar sin den bhfichiú haois, agus gur tháinig laghdú mór ar  an méid ama a chaith daoine le leabhair, coimicí, irisí, nuachtáin agus ábhar scríofa eile ó shin. Ach is léir chomh maith go bhfuil an t-uafás léitheoireachta á dhéanamh i gcónaí, agus go bhfuil níos mó scríbhneoireachta á dhéanamh ná mar a bhí riamh, mar thoradh ar na ríomhairí póca atá ag na céadta milliún daoine anois, fóin agus táibléid le scáileán ar féidir scríobh go furasta orthu agus a bhfuil scríofa a sheoladh go lucht aitheantas nó a chraobhscaoileadh go dtí an domhan mór fíorúil ar a dtugtar an gréasán n...

Dá mBeadh Milliún Agam

Imagen
Ceann de na haistí scoile a bhíodh le scríobh againn ó am go ham. 'Dá mBuafainn Milliún Punt/an Crannchur". Is dócha gur theastaigh ó na múinteoirí a fháil amach an raibh an Modh Coinníollach foghlamtha againn. Ach ar ndóigh tá an-chuid againn ag brionglóid i gcónaí agus ticéid á gceannach againn do chrannchuir, rásaí capaill, agus ag cur geall nó dhó ar chluichí, toghcháin agus mar sin de. Tugann sé tamall fantasaíochta dúinn. Cad a dhéanfainn leis na milliúin? An morgáiste a ghlanach, teach nua a cheannach, árasán i bPáras, Tesla, níl aon teorainn lenár mianta. Roinnt de na boic mhóra a bhfuil a gcuid airgid déanta acu, go hionraic nó ar bhealaí eile, is maith leo a gcuid flaithiúlachta a fhógairt le fundúireachtaí agus níl aon amhras ach go ndearna cuid acu leas mór don chúis ba ansa leo, leabharlanna, maoiniú don chath in aghaidh ailse, SEIF agus eile - tar éis dóibh an saibhreas ollmhór a dhéanamh ar dtús agus cánacha a sheachaint ar bhealaí dleathacha agus eile. In...

An Seoigheach

Fadó fadó bhí orm aonad faoi litríocht Bhéarla na hÉireann a dhéanamh mar chuid den chúrsa sa Léann Éireannach i gCúil Raithin, leis an ollamh Warner. Bhí orm leabhair le Somerville and Ross, Maria Edgeworth, George Moore, Williamh Carlton agus daoine eile a léamh. Ach níor chuir mé spéis dá laghad in The Real Charlotte, Castle Rackrent, Denis O'Shaughnessy Going to Maynooth, ná i mórán de na leabhair eile a luaigh an t-ollamh ina chuid léachtanna. Ba leor na nótaí léachta do chuid mhaith de na mic léinn, ach bhí ormsa na leabhair a léamh dom féin. Is cinnte go raibh tionchar ag dearcadh mo thuismitheoirí ar mo chuid léitheoireachta. Ní raibh aon mheas acu ar an Angla-Éireannachas. Ach mar gur tógadh mé le Gaeilge sa Ghaeltacht agus san IarGhaeltacht, bhí an cultúr a léiríodh sna leabhair a cuireadh faoinár mbráid aduain, aisteach, coimhthíoch, agus thar aon rud eile, bhí litríocht an naoú haois déag fíor-leadránach. Ba é leabhar Joyce, A Portrait of the Artist as a Young Man, ...