Gleann na Marbh

Tá Valle de los Caidos conspóideach, go háirithe ó d'fhógair an Príomhaire Pedro Sanchez gur bhfuil sé ar intinn ag a rialtas corp an deachtóra Franco a bhaint amach as agus a chur in áit éigin eile. 


Os cionn an ionad cuimhneacháin seo tá an chros is mó sa domhan 'críostaí' le feiceáil ón mbóthar. 


Tá an suíomh seo in ainm comóradh a dhéanamh ar na daoine a d'éag le linn an chogaidh chathartha. Tá basilica, mainistir, brú agus an chrois is airde san Eoraip ar an láthair. Dar leis an Deachtóir, ionad cuimhneacháin ar na sluaite a maraíodh  i rith an chogaidh a bhí ann, agus comhartha aontachta agus athmhuintearais. caitheadh ocht mbliana déag á thógáil, agus bhí idir oibrithe saora agus príosúnaigh i mbun na hoibre. Íocadh as le crannchuir agus síntiúis. 

Tá an basilica chomh mór le hEaglais N. Peadair sa Róimh, ach í gearrtha amach as an charraig. 

Tá an suíomh tábhachtach, mar go bhfuil sé in aice le mainistir San Lorenzo del Escorial, mar a bhfuil tuamaí ríthe agus banríona na Spáinne. Sílim go bhfuair na Spáinnigh spreagadh éigin ó Ghleann na Rí san Éigipt. Ní le hómós dóibh a thug mé cuairt ar an mhainistir i San Lorenzo ach le fiosracht. Is dócha gur fiú na tuamaí ornáideacha a fheiceáil ach ní mór machnamh a dhéanamh fosta ar an méid ama, airgid, agus óir a caitheadh agus a cuireadh faoi thalamh. Má tá oidhreacht shaibhir iontach ag tíortha na hEorpa is le fuil agus le hallas a tógadh í. Dhoirt an Spáinn a lán fola ar son an chreidimh agus na sibhialtachta.

Theastaigh ó Franco cur leis an oidhreacht ornáideach mhórtasach fheiceálach agus chuir sé tús leis an obair i nGleann na Marbh go luath tar éis dó teacht i gcumhacht. Is siombal láidir i gcónaí é dá lucht leanúna, agus tá siad ann i gcónaí sa Spáinn, daoine a chreideann go raibh gach rud níos fearr le linn réimeas an deachtóra. 


Taobh leis an bhaisleac tá mainistir de chuid ord Bheinidict, Mainistir na Croise Naofa, a thugann aire don teampall. Ba iad na manaigh a d'eagraigh na coirp, a rinne comhaid dá n-ainmneacha a d'fhéadfaí a dhearbhú, nó a rinneadh taifeadadh dá n-áit dhúchais má bhí siad gan ainm. Cuireadh iad in olluaigheanna faoin eaglais. 

I bhfoirgneamh eile tugtar oiliúint do chaoga buachaill idir 9 agus 14 bliana d'aois mar chór. Dar leis an suíomh gréasán is é seo an t-aon scoil do chór ar domhan ina mbíonn an chantaireacht Ghréagóireach á cleachtadh gach lá. Cantar an liotúirge gach lá ag a 11 a chlog ar maidin. Déanann na buachaillí staidéar ar reiligiún, ceol agus ábhair eile. Téann an chuid is mó acu abhaile don deireadh seachtaine.

Os comhair na mainistreach, tá teach lóistín, agus fógraítear san Idirlíon gur féidir an oíche a chaitheamh ann nó cúrsa spioradálta a dhéanamh ann. Bhíodh sé de nós ag an iar-Aire Gnóthaí Baile Jorge Fernández Díaz cúrsaí spioradálta a dhéanamh anseo. Tá 220 seomra leapa ann, ar dhá urlár, bialann, beár-caifé, 8 seomra cruinnithe, seirbhís glantacháin agus iarnála, innill bhia agus dí, ardaitheoir, teileafón i roinnt de na seomraí, teileafón poiblí, siopa leabhar agus biotáille na mainistreach, séipéal agus garáiste in aisce. 

Gnóthaíonn an t-ionad ómóis do lucht Franco a maraíodh sa chogadh 2 mhilliún euro sa bhliain, chomh maith leis an ioncam ón teach lóistín, a chosnaíonn 45€. Tá an dealbhadóireacht agus an chros déanta d'aolchloch a bhí in ainm a bheith buan, ach tá siad ag titim as a chéile, mar atá an tollán agus huaimheanna sa bhaisleac. is í seo an uaigh choitianta is mó sa Spáinn, le 33,000 corp, agus tuama Franco san áit a chuirtear ar leataobh do phápaí agus easpaig de réir an chirt chanónda. 

Is dual don Eaglais Chaitliceach sa Spáinn a bheith bródúil as oidhreacht impiriúil na tíre agus as an misean 'sibhialtachta' a bhí aici, agus níl aon fhadhb acu le corp an deachtóra, agus a réamhtheachtaí, bunaitheoir pháirtí an falange, a bheith cois altóra. 

Tagann na huaimheanna agus na cnámhlanna faoi chúram an stáit mar reilig phoiblí. Tá teideal ag an stát ar an chuid eile den Ghleann chomh maith, é á bhainistiú ag an Oidhreacht Náisiúnta, faoi stiúir Aireacht an Phríomhaire. 

Ach tá eisceacht amháin ann: an baisleac. Tá sé in i seilbh na heaglaise agus is féidir leis an mhainistir é a bhainistiú mar is áil léi. Is ag an mhainistir atá an t-údarás cead isteach a thabhairt, fiú más laistigh den bhaisleac atá na huaimheanna ina bhfuil na coirp, atá faoi chúram an stáit. 

Le tamall de bhlianta anuas tá daoine ag iarraidh teacht ar iarsmaí a ngaolta agus iad a athadhlacadh ina bpobail féin, agus is mian leis an rialtas corp an deachtóra a bhaint amach. 


I gcomhaontú le húdaráis na Vatacáine i 1979, conradh idirnáisiúnta le cumhacht sár-dhlithiúil, tá an Baisleac saor ó údarás an stáit ach amháin le cead na hEaglaise. Is é sin, tig leis na manaigh cosc a chur ar údaráis an stáit ó dhul isteach chuig na tuamaí, rud a rinne  príoir na mainistreach le teicneoirí a bhí ag iarraidh mioncheamara a chur isteach in uaigh le teacht ar iarsmaí na ndeartháireacha Lapeña*.

Tá na manaigh go láidir in aghaidh aon chur isteach ar chorp an deachtóra, ach má tá sé le dí-adhlacadh, is mian le clann Franco é a chur in Ardeaglais Almudena in aice leis an phálás ríoga i lár Madrid. Is léir go gcruthódh a leithéid aighneas agus go leor costais slándála. Bhí sé seo a leanas le rá ag an Sagart Joaquin Sanchez, fear neamhghnách a sheasann leis an ghnáthphobal seachas leis na huaisle mar fhreagra ar sheasamh an Phríora: 

Ó tharla gur labhair tú go láidir i gcoinne dhí-adhlacadh chorp Francisco Franco nuair a d'iarr údaráis na heaglaise ort a bheith neodrach agus nár thug tú aitheantas d'údarás an Rialtais ná na hArdchúirte - measaim gur shíl tú gur bhain na breithiúna le Opus Dei agus go gcuirfidh siad stop leis - is cosúil nach bhfuil mórán amhrais ann - ní theastaíonn uait an deachtóir a dhí-adhlacadh agus b'fhearr leat é a choinneáil laistigh den teampall.  Tá dearcadh soiléir trodach agat agus ní mór duit é a mhíniú. An é go bhfuil tú do d'ionannú féin le Francisco Franco nó go bhfuil ómós agat dó?


"Leacht cuimhneacháin don bharbaracht agus don danarthacht"

Go pearsanta, ní rachaidh mé chun catha faoi seo ná ní bheidh imní orm faoi, ach tuigtear dom gur leacht cuimhneacháin don bharbaracht agus don danarthacht é Gleann na Marbh, leacht don chogadh, do na mílte duine a cuireadh faoi chois, faoi ghlas, a chéasadh, a cuireadh chun báis, do na mná a éigníodh agus do na leanaí a fuadaíodh tar éis na coimhlinte.

Is ráiteas é de chuid bhuaiteoirí an chogaidh sin nár cheart a thosú riamh, den éirí amach in aghaidh an stáit agus d'fhoréigean nár cheart d'aon duine a chleachtadh. Móradh ar thíoránach is ea Gleann na Marbh, móradh ar an dúnmharfóir atá curtha cois na haltóra. Nach gceapann tú gur masla é sin? Creidim nach féidir go bhfuil Dia i láthair ansin, go mbeadh Dia as láthair ón áit ina ndéantar an bás agus fulaingt an duine a mhóradh. Dúnmharfóirí ba ea Hitler, Stalin agus Franco dar liomsa, gach duine díobh agus a idé-eolaíocht féin aige, le cos ar bolg a dhéanamh ar bheatha agus ar dhínit an duine.

Tá súil agam go dtiocfadh an lá a mbeidh daoine saor ó na smaointe sin, go mbeidh meas, bráithreachas, síocháin agus tuiscint ann in áit an fhoréigin, an sárú, na cumhachta agus na sainte. Tá súil agam go dtiocfaidh gach duine, ón eite dheis agus ón eite chlé, lucht creidimh de gach cineál, lucht díchreidimh agus iad siúd gan ghuth, le chéile i gcaidreamh síochánta.

Feicim gur dhúirt tú gur cuimhneachán atá ann  ar na mairbh uile ach déanann tú dearmad gur leacht é a mhórann "na mairbh a thit inár gcrosáid ghlórmhar", agus tugann tú le fios go bhfuil na daoine a thit ar gach taobh á gcomóradh. Nach dtuigeann tú, agus tá mise cinnte de seo, gur bealach é seo le rá go raibh an cogadh riachtanach agus cóir.

Tá na mairbh ann mar go raibh cogadh, ár agus díoltas ann, agus ní ceart a bheith ag iarraidh a mheas cén taobh ba mheasa mar go mbíonn an cogadh cruálach. Is olc an rud an cogadh agus ní ceart dlisteanú a dhéanamh air, fiú trí chomóradh a dhéanamh ar na mairbh ón dá thaobh. Dála an scéil, is dóigh liom gurb iad lucht leanúna Franco amháin, iad siúd a bhfuil bá acu lena theagasc, agus turasóirí, na daoine a théann go dtí an láthair seo; ní chreidim go mbíonn teaghlaigh na ndaoine a maraíodh le linn réimeas Franco ag dul ann, agus ní deacair a dhéanamh amach cad a mhothaíonn an dá dhream.

Deir tú nach ceart créachtaí a oscailt, gur cheart nithe a fhágáil mar atá, gan iad a bhogadh, go gcaithfear dul ar aghaidh, ach creidim go bhfuil tú á rá go bunúsach gur bhuaigh taobh amháin, nach féidir é seo a athrú, agus go bhfuil gach mar is ceart.

An é do bharúil go bhfuil muid go breá, agus muid ar cheann de na tíortha is mó a bhfuil oll-reiligí iontu? Dar liomsa is náireach an rud é ach gceadaíonn tú na coirp a bhaint amach as na trinsí agus iad a chur le dínit, le toil Dé mar a chreideann a lán de na teaghlaigh. Ní bhaineann sé le créachtaí a oscailt, ach le dínit agus le cóir. Tá athghabháil agus athshlánú na cuimhne stairiúla tuilte ag a lán daoine; dúnadh créachtaí a bheadh ann seachas oscailt. Bhí buaiteoir míleata ann, ach caillimid go léir i gcónaí, fiú na buaiteoirí.


"tógadh Gleann na Marbh le saothar na bpríosúnach"

Is mian liom a mheabhrú gur tógadh Gleann na Marbh le saothar na bpríosúnach. Sclábhaithe a bhí iontu a fuair íde na muc agus na madraí. Is leacht don duairceas, don uafás, d'olcas an duine é Gleann na Marbh, fiú má tá sé faoi choimirce na heaglaise. Is láthair ceiliúrtha é do lucht leanúna Franco, ach do Dhia na beatha is láthair ifreanda é."


Tá an scéal seo ina phaidir capaill anois le blianta, rialtas an lae inniu meáite ar an deachtóir a chur in áit éigin nach mbeadh chomh feiceálach, agus clann Franco, agus a lucht leanúna, atá i mbun an-chuid de phostanna cumhachtacha agus de rachmas na Spáinne i gcónaí, ag cur ina choinne le cabhair na hEaglaise, agus munar féidir leo an dí-adhlacadh a stopadh is mian leo é a chur i dtuama i gcroílár na príomhchathrach agus na cumhachta. 


* D'ordaigh réimeas Franco iarsmaí na n-iobairteach a aistriú go huaimheanna Ghleann na Marbh.
Thosaigh an rialtas ar ollaistriú corp. Má bhí siad i reiligí gan ainm, rinneadh é gan dul i gcomhairle le duine ar bith. Is mar sin a tharla do chlann Lapeña, a fuair amach cúig bliana ó sin nach raibh Ramiro agus Manuel Lapeña curtha sa reilig a raibh siad ag cur bláthanna innti le seasca bliain anuas, ach sa Ghleann, mar a aistrigh an rialtas iad gan a gcead. Tá ordú cuairte faighte acu leis an bheirt dheartháir a bhaint as an Ghleann agus iad a chur le dínit. 


Má bhí ainm na gcorp ar eolas, iarradh cead na muintire. Má bhí coirp ainmnithe agus gan ainm sa reilig chéanna, iarradh cead na dteaghlach má bhí na hainmneacha ar eolas, agus aistríodh iad go léir gan idirdhealú chun an Ghleanna.


Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne