Entradas

Ciníochas

Imagen
An metro i bPáras, sa bhliain 2000. Naíchóiste in aice leis an doras. Isteach le bean ghalánta.  Chrom sí, meangadh uirthi, leis an leanbh a fheiceáil. Tharraing siar le gramhas. Bhí aghaidh dhorcha ar an leanbh.

Cathair Calvin

Imagen
Tá an suíomh cois locha go hálainn.  Cathair ghlan, sráideanna glana agus crainn go leor. Tá cáil ar na huaireadóirí agus ar an daonlathas. Dar leis an scríbhneoir Argaintíneach ní raibh aon chathair ar domhan chomh deas le cónaí inti. Feicim cosúlachtaí le Bilbao na mBascach anseo: agus anseo: Bhí cáil ar an chathair tráth mar cheanncheathrú fhear an athrú creidimh, Jean Calvin  fear nach raibh mórán dúil aige sa damhsa,  san ealaíon,  ná san amharclann,  ná sna Giúdaigh. Tháinig siad slán in ainneoin na n-ainneon:  Agus tá an Ghinéiv ina tearmann do thuairimí éagsúla Agus ar ndóigh do lucht an rachmais: 

Scéilín

Triúr ban óg ag doras na bialainne, ag comhrá.  Agus é ag dul timpeall orthu labhair bean díobh. “Cogar, cogar.” D’amharc sé uirthi.  Bhí sí slachtmhar go leor, ach folús éigin sna súile, amhail is nach raibh a dhath déanta riamh aici. Thug sé cluas di. “An rachfá a luí liom?” Labhair sí go réidh, amhail is dá mbeadh sí ag fiafraí de cén t-am é.   Níor lig sé aon iontas air. “Anois díreach, nó ar ball? Anseo nó in áit níos príobháidí?” “Anocht. Tar chuig m’árasán. Scríobh sí seoladh ar bhlúirín páipéir as a leabhar nótaí agus chuir isteach ina lámh é.  Lean sé air, an blúirín ina phóca aige, chaithfeadh sé sa bhruscar é níos déanaí. Ach bhí an blúirín páipéir ina phóca go fóill agus é ag baint de le dul a luí.  Ní raibh an t-árasán rófhada óna áras féin. Ghléas sé é féin arís agus amach leis. Ní raibh aon am luaite aici. Lig sí isteach é agus é ag druidim le meán-oíche.  Níor chuir sí aon am amú ag comhrá...

Crois i láimh amháin, bábóigín adhmaid sa láimh eile

Imagen
Thabharfá suntas di agus í ina seasamh sa scuaine don eitleán go Santo Domingo. Bhí sí ard, i bhfad níos airde ná na fir agus na mná Doimineacacha a bhí ar a mbealach abhaile. Agus na cosa fada nochta, neamhchosúil leis na mná eile uilig a raibh brístí ró-theanna géine orthu. Ní raibh sí ag caint le duine ar bith acu oiread sa slua glórach meidhreach, a haghaidh druidte. Ar an eitleán thóg sí crois amach as a máilín, agus bábóigín adhmaid, agus choinnigh greim dhlúth ar an dá chomhartha de na creidimh atá ag spairn le chéile ar oileán Hispaniola leis na cianta. D'fhan sí socair ar an eitilt as Nua Eabhroc go dtí go raibh muid ag tuirling, agus tháinig an chrois agus an bhábóg amach aris, greim chomh teann aici orthu go sílfeá go mbrisfeadh siad.

Ag Filleadh ar na Meánaoiseanna

Nuair a bhí mé i mo ghasúr bhíodh páipéir nuachta na hÉireann lán de thuairiscí agus de thuairimíocht faoina raibh ag tarlú sa Bhreatain. Ba léir go raibh lár na cruinne i Londain Shasana dar le lucht ceannais na tíre. In ainneoin na hathbheochana cultúrtha agus intleachtaí a tharla ag deireadh an 19ú haois, ghlac an mhórchuid de na daoine leis na caighdeáin agus na sainmhínithe coilíneacha ar an saol i gcoitinne. Tá an dearcadh sin láidir i gcónaí agus is féidir a rá, creidim féin, go bhfuil an cultúr céanna in Éirinn, mar thír nó mar stát nó mar 'oileán' agus atá san oileán soir uainn. Ach níl sa Bhreatain anois ach coilíneacht de chuid na himpireachta is cumhachtaí a tháinig ann riamh, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá croílár na cumhachta le fada an lá ar an an leathchruinne lastall den Atlantach, ní in aon chathair amháin, mar a bhí croí Impireacht na Breataine, ach i dtrí nó i gceithre ollchathair nó lárionad éagsúil airgeadais, polaitiúil, agus cultúrtha. Bhíodh polai...

An Rud a Rinne Hitler leis na Giúdaigh.

Áit éigin ar an Lagán a fuair mé an síob. In aice le Bealach Féich is dóigh liom, mé ar mo bhealach ó dheas. Thart fán bhliain 1977. Fear maol tuaithe ag tiomáint. An comhrá ceart go leor ar feadh tamaill, an aimsir, cá bhfuil do thriail, cad as duit.... Nuair a luaigh mé Gaoth Dobhair d'athraigh sé. Tháinig cuthach air. 'Sin an áit a bhfuil daoine ag troid faoi chearta teanga mar dhea, ag cur isteach ar an aifreann, ag scrios na gcomharthaí bóthair.... An boc sin as Doire, cén t-ainm atá air? Ó Mianáin? An bhfuil a fhios agat cad ba chóir a dhéanamh lena leithéid? An rud a rinne Hitler leis na Giúdaigh!' Céad slán le Proinias Ó Mianáin a fuair bás i rith an tsamhraidh. Duine síochánta caidreamhach cineálta. Sheas sé agus labhair sé amach faoi na rudaí ar chreid sé iontu. D'fhéadfá a rá gur tharraing sé trioblóid air féin, ach is iad na daoine a dhéanann an gníomh garbh a bhíonn ciontach, ní hiad siúd a labhraíonn amach. Nuair a bhí an tOireachtas ag tosú i nGaoth...

Searmanas

Imagen
Bhí orainn éirí go luath an mhaidin sin, éiríonn an ghrian go luath i lár an tsamhraidh. Bhí ciorcal clocha tógtha ar imeall an bhaile agus bhí na draoithe agus na baird laistigh de. Daoine i róbaí fada de dhathanna éagsúla, an chuid is mó acu sean go maith. Tharraing duine acu claíomh as a thruaill agus ghlaoigh amach focal éigin ar nós 'Heddwch'. D'fhreagair an slua leis an fhocal céanna agus cuireadh an claomh ar ais sa truaill. Dúirt duine éigin liom do chogar nach bhféadfaí an fhéile a reáchtáil ach le linn síochána. Rinneadh a lán cainte agus fógraí i dteanga na tíre, agus tháinig scuainí daoine i láthair, isteach sa chiorcal. Bhí an fear as an Chorn ina measc, agus na Briotánaigh, ach na Gaeil ar leataobh mar nach raibh muid páirteach san eagraíocht. I ndiaidh d'fhir agus mná i róbaí gorma agus glasa a n-áít a ghalcach sa chiorcal tháinig slua isteach i róbaí fada bána. Bhí sé chomh sollúnta le haifreann. Ach nuair a chonaic mé na seanleadanna seo glé...