Fadó fadó bhí orm aonad faoi litríocht Bhéarla na hÉireann a dhéanamh mar chuid den chúrsa sa Léann Éireannach i gCúil Raithin, leis an ollamh Warner. Bhí orm leabhair le Somerville and Ross, Maria Edgeworth, George Moore, Williamh Carlton agus daoine eile a léamh. Ach níor chuir mé spéis dá laghad in The Real Charlotte, Castle Rackrent, Denis O'Shaughnessy Going to Maynooth, ná i mórán de na leabhair eile a luaigh an t-ollamh ina chuid léachtanna. Ba leor na nótaí léachta do chuid mhaith de na mic léinn, ach bhí ormsa na leabhair a léamh dom féin. Is cinnte go raibh tionchar ag dearcadh mo thuismitheoirí ar mo chuid léitheoireachta. Ní raibh aon mheas acu ar an Angla-Éireannachas. Ach mar gur tógadh mé le Gaeilge sa Ghaeltacht agus san IarGhaeltacht, bhí an cultúr a léiríodh sna leabhair a cuireadh faoinár mbráid aduain, aisteach, coimhthíoch, agus thar aon rud eile, bhí litríocht an naoú haois déag fíor-leadránach. Ba é leabhar Joyce, A Portrait of the Artist as a Young Man, ...
Bíonn an comhaireamh thart trí nó ceithre huair an chloig tar éis do na bothanna vótála dúnadh, rud atá an-aisteach don Éireannach. Ach ní hé sin an t-aon difríocht atá idir toghcháin na hÉireann agus na Spáinne. Sa bhothán vótála Spáinneach leagtar amach liostaí ar bhord, liosta ar leith do gach páirtí nó grúpa. Phioc daoine an liosta ba rogha leo, ceann do theach na dteachtaí agus ceann don seanad, agus chuir siad isteach i mbosca é tar éis dóibh a gcárta aitheantais a thaispeáint do na hoifigigh. Ní dóigh liom go dtaitneodh an modh vótála sin linne Éireannaigh. Sa chéad áit mar nach vóta ró-rúnda é, is féidir le hoifigigh na bpáirtithe éagsúla súil a choinneáil ar na liostaí atá a bpiocadh suas ag na vótóirí, agus sa dara háit ní thugann sé aon rogha don vótóir seachas a ghuth a chaitheamh ar son an pháirtí nó an ghrúpa sin. Beidh na hiarrthóirí tofa ansin de réir líon na vótaí a fhaigheann an páirtí agus a n-ionad ar an liosta. Agus is liosta náisiúnta é chomh maith, rud a chiall...
Bhí mé ag freastal ar ócáid éigin a eagraíodh do scríbhneoirí, ag caint le daoine a raibh aithne agam orthu, ag cur aithne ar chorrdhuine eile. Tríocha bliain ó shin ar a laghad, sílim. Mar ba iondúil ag an am, agus b'fhéidir go fóill, bhí ceapairí agus sólaistí eile ar fáil go flúirseach agus cuid againn ag ithe go hamplach. Tar éis tamaill, tháinig fear isteach a raibh cóta fada báistí air, bheannaigh sé do chúpla duine ach níor fhan sé ag comhrá le duine ar bith, chuir sé ceapairí ar phláta agus chonacthas dom gur le fíorocras a d'ith sé iad, sular imigh sé leis gan fanacht le cibé cainteanna nó searmanas a bhí le tosú. Tá mé cinnte gur aithin cuid de na daoine a bhí i láthair é, ach ba chosúil é le duine as ré eile, glúin a bhí an-ghníomhach tráth ach a bhí ag imeacht as slí na mbréag de réir a chéile. D'aithin mé é, mar dhuine a thagadh ar cuairt chuig m'athair ó am go ham, agus a gcuirfeadh m'athair suas lena chuid cainte gan argóint leis. Dhéanadh sé a ...
Comentarios
Publicar un comentario