Entradas

Imagen
"Tá fearg ort le Dia," arsa m'aintín, an mháthair ab. - Conas a bheadh fearg orm le neach nach ann dó? "Tá fearg ort le do mhuintir mar sin....." Blianta ina dhiaidh sin, i mbrionglóid -  "Ar chaoin tú do mhuintir go fóill" arsan béarlóir. "Níor chaoin." "Tá tú i bhfeirg leo go fóill mar sin....." 

"Tá an Ghaeilge ag fáil bháis, tá an Ghaeilge ag fáíl bháis...."

Tuarascáil eile foilsithe faoi mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Seanscéal agus meirg air a déarfadh go leor againn.  Bhí m’ athair á chrá féin faoi mheath agus bás na Gaeltachta chomh fada le mo chuimhne. Chaith sé seal le Roinn na Gaeltachta agus le húdaráis áitiúla a raibh ceantair Ghaeltachta faoina gcúram ar feadh na mblianta fada, tríocha bliain agus breis, agus lean sé ar aghaidh lena chuid díospóireachta agus a chuid stocaireachta a fhad is a bhí sin ar a chumas go ceann blianta tar éis dó dul ar phinsean.  Nuair a bhí mé i mo ghasúr beag chuir sé isteach i gcomórtas bréag-éadaí mé, leis an chuid eile den chlann, rolla mór páipéir timpeall orm, “Mair a Ghaeilge agus gheobhaidh tú mise” mar mhana air. Hataí ‘bowler’ ar dhuine no beirt eile againn, ‘An tEl-Ef-Em’, agus manaí eile á n-iompar acu sin, an duine ba shine dínn i bhfalaing Mhuimhneach a fuair muid ar iasacht ó mo mhamó, ‘ Mo Chlann féin do dhíol a Máthair ’ an mana a bhí ar a droiim siúd. Cai...

Comhrá beag aréir

Bíonn siad le feiceáil lasmuigh d'ospidéal mór Ramon y Cajal, fir ón Afraic a 'chabhraíonn' le daoine páirceáil ar thaobh na sráide. Aréir tharla go raibh orm duine a thabhairt amach ansin. Thaispeáin fear acu spás dom ag an chúinne taobh amuigh de Urgencias. Shíl mé gurbh fhearr €1 a íoc leis ná a bheith i mbaol fíneála.  Agus tar éis na boic seo a fheiceáil le cúpla bliain anuas bhí mé fiosrach fúthu. 'Cad as daoibhse?' arsa mise leis. 'Tá mise as Gána,' ar seisean. 'Ach is as an tSeineagáil, an Nigéir, agus tíortha eile mo chairde.' 'As Gána? Agus conas a tháinig tú chun na Spáinne?' 'I gcurach.' 'I gcurach?' 'Ar bhus, ansin ar churach le hinneal crochta as a chúl. Ar bhus as Gána, trí Burkina Faso, Mailí, agus an Ailgéir agus trasna na farraige.' 'Níl tú anseo go dleathach mar sin? An gcuireann na péas isteach oraibh?' 'Níl aon fhadhb leo mura mbriseann tú an dlí. Tá mise liom féin, ní chuiri...

Fanacht san Aontas Eorpach nó dul ár mbealach féin.

Tá alt ag teachta dála de chuid an Rialtais in Éirinn san Independent inniu (30 DF 2014) ina ndeir sé go bhfuil sé fíorthábhachtach go bhfanfadh an Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach agus gur cheart dá rialtas féin agus do shaoránaigh na Poblachta tathaint go láidir ar ár gcomharsana béal dorais gan an nasc leis an 'Eoraip' a bhriseadh. Is léir go bhfuil fonn ar go leor sa Bhreatain, agus i Sasana go háirithe, neamhspleáchas a fhógairt ó chinntí na Bruiséile agus Frankfurt agus dul a mbealach féin i dtreo an tsaibhris agus a 'gcearta', agus bheadh sé deacair do go leor náisiúntóirí in Éirinn easaontú leo. Is é an fáth is mó go mbeadh polaiteoirí agus lucht gnó na hÉireann i bhfách leis an Bhreatain a choinneáil istigh, go bhfuil táirmheon chomh láidir in Éireannaigh nach féidir leo an saol a shamhlú gan na seanmháistrí. Tá siad dílis don Bhreatain, dá cultúr intleachtúil agus gnó, agus do mháistrí nua na Breataine ar an taobh thall den Atlantach 'a chuireann a...

Críochdheighilt

' Tobar Bhríde é seo' arsa m'athair. Chuir sé méar san uisce agus chuimil ar mo shúile í. 'Deirtear go bhfuil leigheas san uisce do shúile tinne. Ní raibh sé i bhfad ó bhí orm péire gloiní a fháil. Chuaigh muid ar aghaidh, seisear páiste faoi dheich mbliana d'aois sa VW le mo mhuintir. Chonaic muid cloigeann dorcha fir i mbosca gloine i séipéal. Oilibhéar Beannaithe Pluincéad a bhí ann, nó a thaise, easpag a mharaigh na Sasanaigh fadó, mairtíreach. Amach faoin tuath linn arís, ar bhóithre beaga caola. Tar éis tamaill tháinig amhras ar m'athair faoi cá raibh muid. Stop sé an carr agus chuir ceist ar bheirt fhear a raibh droim le claí acu. D'fhreagair siad i mBéarla aduain é. 'Táimid imithe thar teorainn', arsa m'athair le mo mháthair. 'B'fhearr dúinn dul ar ais,' ar sise. 'Cad í an teorainn?' arsa mise. Níor chuala mé trácht riamh ar a leithéid a bheith ann. 'Tá Sasana i réim fós sa taobh ó thuaidh.' Thug ...

Caimiléireacht gan Teorainn.

Imagen
Nach deas an radharc é?  Loch os comhair caisleán Manzanares el Real lasmuigh de Madrid na Spáinne. Ach ar an taobh thall den loch tá príosún Soto de Real agus is ann atá cónaí ar dhuine a bhí cumhachtach cumasach tráth, cisteoir an pháirtí atá i gcumhacht le tamall de bhlianta, ó thit an ghéarchéim eacnamaíochta anuas go trom ar an Spáinn agus tíortha go leor eile. Bhí Luis Bárcenas Gutiérrez  a rugadh sa bhliain 1957, ina chisteoir ar an Partido Popular, páirtí coimeádach a tháinig i gcumhacht tar éis na géarchéime nuair a bhí muintir na tíre bréan de na polaiteoirí a chuir sa 'Crisis' iad. Ba é a bhí i mbun rannóg cuntasaíochta an pháirtí ón mbliain 1990, agus rinneadh Cisteoir de in 2008. Toghadh ina Sheanadóir é in 2004 mar ionadaí do Cantabria, agus d'éirigh sé as a phost mar Chisteoir go sealadach mar gheall ar líomhaintí gurb ionann é agus an coirpeach  "Luis el cabrón" agus go raibh sé ciontach as calaois chánach agus íocaíochtaí mídhl...

Gleann Maighir

Tá Tomás Ó Cannain imithe ar shlí na fírinne. Léachtóir ollscoile, ceoltóir, scríbhneoir, Gael. Bhunaigh sé Buaic Teoranta sna Seascadaí le Fionntán Mac Aodha Bhuí, Séamus Ruiséal le Gaeltacht a bhunú in aice le cathair Chorcaí, agus daoine eile, agus thóg sé féin agus a bhean Helen teach in Ard Barra i 1967. Bhunaigh sé féin agus Matt Cranitch an grúpa Na Filí. Tá dea-chuimhne agam ar na trí bliana a chónaigh muid in Ard Barra. Slán leat go fóill Thomáis, tig leat dul siar ar na cuimhní le m’athair agus mo mháthair a chuaigh chuig an saol eile tamall beag romhat.