Scéilín

Triúr ban óg ag doras na bialainne, ag comhrá. 
Agus é ag dul timpeall orthu labhair bean díobh.
“Cogar, cogar.”
D’amharc sé uirthi. 
Bhí sí slachtmhar go leor, ach folús éigin sna súile, amhail is nach raibh a dhath déanta riamh aici.
Thug sé cluas di.
“An rachfá a luí liom?”
Labhair sí go réidh, amhail is dá mbeadh sí ag fiafraí de cén t-am é.  
Níor lig sé aon iontas air.
“Anois díreach, nó ar ball? Anseo nó in áit níos príobháidí?”

“Anocht. Tar chuig m’árasán. Scríobh sí seoladh ar bhlúirín páipéir as a leabhar nótaí agus chuir isteach ina lámh é. 

Lean sé air, an blúirín ina phóca aige, chaithfeadh sé sa bhruscar é níos déanaí.

Ach bhí an blúirín páipéir ina phóca go fóill agus é ag baint de le dul a luí. 

Ní raibh an t-árasán rófhada óna áras féin. Ghléas sé é féin arís agus amach leis. Ní raibh aon am luaite aici.

Lig sí isteach é agus é ag druidim le meán-oíche. 

Níor chuir sí aon am amú ag comhrá ná níor thagair sí bia ná deoch dó. 

Díreach chun na leapa agus bhain siad díobh. 

Rinne a gcolainneacha na gníomhartha a dhéantar ar ócáidí dá leithéid, gan fabht gan teip.

Ar chríochnú dóibh d’amharc sé ar a haghaidh gheal, lonrach le hallas. Níor mhothaigh sé riamh chomh fada ar shiúl ó dhuine a bhí chomh gar dó.

“Bhí sé sin go deas, ach ní dhéanfaidh mé arís é.”

“Ná mise. Beidh sé mar chuimhne agam agus mé liom féin sa bhfolcadán.”


Chonaic sé ó am go ham í, ach níor bheannaigh siad fiú dá chéile.



Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne