Entradas

Mostrando entradas de agosto, 2014

Ceol Senegal faoi na Muilte Gaoithe

Imagen
Chaith mé roinnt laethanta ar saoire in Alcazar de San Juan. Chuir an chomhairle baile sraith coirmeacha ceoil, damhsaí srl ar siúl faoi na muilte gaoithe a thuilleann an oiread sin clú don cheantar ó scríobh Cervantes a leabhar mór. I measc na gceoltóirí a ghlac páirt sa 'Festival de Músicas del Mundo" bhí Baye Fall as Senegal. Grian an tsamhraidh ag dul faoi thar machairí móra La Mancha. Seanchairéal a leagadh amach mar amharclann. Soilse á dteilgean ar na carraigeacha agus ar na Muilte lasnairde. De réir a chéile thosaigh an slua beag ag damhsa...