Entradas

Mostrando entradas de marzo, 2018

Domhan na Leabhar

Imagen
Feicim go bhfuil an cheist seo á cíoradh arís eile ar na meáin agus á plé ar an idirlíon, mar a bhí is dócha leis na cianta. Samhlaítear dúinn go raibh daoine óga go háirithe ag léamh i bhfad níos mó fadó, roimh theacht na teilifíse abair, agus go raibh cumas teanga níos fearr acu dá bharr. Creidim gur fíor go raibh i bhfad níos mó á léamh ag daoine sa naoú haois déag agus ar feadh seasca bliain nó mar sin den bhfichiú haois, agus gur tháinig laghdú mór ar  an méid ama a chaith daoine le leabhair, coimicí, irisí, nuachtáin agus ábhar scríofa eile ó shin. Ach is léir chomh maith go bhfuil an t-uafás léitheoireachta á dhéanamh i gcónaí, agus go bhfuil níos mó scríbhneoireachta á dhéanamh ná mar a bhí riamh, mar thoradh ar na ríomhairí póca atá ag na céadta milliún daoine anois, fóin agus táibléid le scáileán ar féidir scríobh go furasta orthu agus a bhfuil scríofa a sheoladh go lucht aitheantas nó a chraobhscaoileadh go dtí an domhan mór fíorúil ar a dtugtar an gréasán nó an t-idirlío