Entradas

Mostrando entradas de junio, 2015

"Tá an Ghaeilge ag fáil bháis, tá an Ghaeilge ag fáíl bháis...."

Tuarascáil eile foilsithe faoi mheath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Seanscéal agus meirg air a déarfadh go leor againn.  Bhí m’ athair á chrá féin faoi mheath agus bás na Gaeltachta chomh fada le mo chuimhne. Chaith sé seal le Roinn na Gaeltachta agus le húdaráis áitiúla a raibh ceantair Ghaeltachta faoina gcúram ar feadh na mblianta fada, tríocha bliain agus breis, agus lean sé ar aghaidh lena chuid díospóireachta agus a chuid stocaireachta a fhad is a bhí sin ar a chumas go ceann blianta tar éis dó dul ar phinsean.  Nuair a bhí mé i mo ghasúr beag chuir sé isteach i gcomórtas bréag-éadaí mé, leis an chuid eile den chlann, rolla mór páipéir timpeall orm, “Mair a Ghaeilge agus gheobhaidh tú mise” mar mhana air. Hataí ‘bowler’ ar dhuine no beirt eile againn, ‘An tEl-Ef-Em’, agus manaí eile á n-iompar acu sin, an duine ba shine dínn i bhfalaing Mhuimhneach a fuair muid ar iasacht ó mo mhamó, ‘ Mo Chlann féin do dhíol a Máthair ’ an mana a bhí ar a droiim siúd. Caithfidh sé gurb í si