Entradas

Mostrando entradas de marzo, 2020

Síogaí Beag Linbh

I mbruíon cheart na n-ollamh Na crainn arda ag luascadh, siosarnach trí na géaga agus na duilleoga. Na cosa trom, mar a bhí an mála beag ar a dhroim, mála nach raibh ann ach peann luaidhe nó dhó, duilleoga páipéir, scríbhinní nach gcuirfeadh greim lena bhéal, ualach léinn agus samhlaíochta.  Bhí a fhios aige nárbh fhada uaidh sráidbhaile na croise, ach bhí barraíocht tuirse air, ní fhéadfadh sé an cúpla míle eile sin a shiúl, aghaidh a thabhairt ar na madaí a bheadh scaoilte amach le titim na hoíche. Níorbh aon mhaith dó teach leanna, teas na tine, comhluadar a shamhlú, ní raibh an dé fágtha ann ach ar éigean.  Na crainn arda sin, an chill, seantuamaí chlanna Néill. Bhí a fhios aige cá raibh sé. Bheadh foscadh le fáil ón ghaoth ar a laghad, agus b'fhéidir ón fhearrthainn a bheadh ag stealladh anuas arís go luath.  Ní raibh sé ábalta siúl ní b'fhaide. Lúb ceann dá ghlúine, agus chuir sé lámh amach le taca a bhaint as an bhalla cloiche. Theagmhaigh a mhéara l