Entradas

Mostrando entradas de 2017

Dá mBeadh Milliún Agam

Imagen
Ceann de na haistí scoile a bhíodh le scríobh againn ó am go ham. 'Dá mBuafainn Milliún Punt/an Crannchur". Is dócha gur theastaigh ó na múinteoirí a fháil amach an raibh an Modh Coinníollach foghlamtha againn. Ach ar ndóigh tá an-chuid againn ag brionglóid i gcónaí agus ticéid á gceannach againn do chrannchuir, rásaí capaill, agus ag cur geall nó dhó ar chluichí, toghcháin agus mar sin de. Tugann sé tamall fantasaíochta dúinn. Cad a dhéanfainn leis na milliúin? An morgáiste a ghlanach, teach nua a cheannach, árasán i bPáras, Tesla, níl aon teorainn lenár mianta. Roinnt de na boic mhóra a bhfuil a gcuid airgid déanta acu, go hionraic nó ar bhealaí eile, is maith leo a gcuid flaithiúlachta a fhógairt le fundúireachtaí agus níl aon amhras ach go ndearna cuid acu leas mór don chúis ba ansa leo, leabharlanna, maoiniú don chath in aghaidh ailse, SEIF agus eile - tar éis dóibh an saibhreas ollmhór a dhéanamh ar dtús agus cánacha a sheachaint ar bhealaí dleathacha agus eile. In

An Seoigheach

Fadó fadó bhí orm aonad faoi litríocht Bhéarla na hÉireann a dhéanamh mar chuid den chúrsa sa Léann Éireannach i gCúil Raithin, leis an ollamh Warner. Bhí orm leabhair le Somerville and Ross, Maria Edgeworth, George Moore, Williamh Carlton agus daoine eile a léamh. Ach níor chuir mé spéis dá laghad in The Real Charlotte, Castle Rackrent, Denis O'Shaughnessy Going to Maynooth, ná i mórán de na leabhair eile a luaigh an t-ollamh ina chuid léachtanna. Ba leor na nótaí léachta do chuid mhaith de na mic léinn, ach bhí ormsa na leabhair a léamh dom féin. Is cinnte go raibh tionchar ag dearcadh mo thuismitheoirí ar mo chuid léitheoireachta. Ní raibh aon mheas acu ar an Angla-Éireannachas. Ach mar gur tógadh mé le Gaeilge sa Ghaeltacht agus san IarGhaeltacht, bhí an cultúr a léiríodh sna leabhair a cuireadh faoinár mbráid aduain, aisteach, coimhthíoch, agus thar aon rud eile, bhí litríocht an naoú haois déag fíor-leadránach. Ba é leabhar Joyce, A Portrait of the Artist as a Young Man,