Entradas

Mostrando entradas de 2021

Bascach a d'fhág a lorg in Ail Finn

Imagen
 Tá sráidbhaile Ail Finn suite timpeall leath bealaigh idir Ros Comáin agus Mainistir na Buaille, baile scoite nach bhfeicfidh tú fiú aon mbóthar mór. D'fhéadfá tiomáint thairis gan é a thabhairt faoi deara ar chor ar bith, murach an cuimhneachán mór ar Chogadh na Saoirse atá le feiceáil ar do dheis agus tú ag tiomáint ó thuaidh. Déantar comóradh go rialta ar na hóglaigh a throid agus a fuair bás i gceantar Ros Comáin timpeall céad bliain ó shin agus ar dhaoine nach iad.  I mo bharúil féin ní haon saothar mór ealaíonta é ach tá sé feiceálach. Níl sé deacair teacht ar íomhánna den saothar dealbhadóireachta ar an ngréasán, anseo mar shampla. I gceann de na ballaí tá an gnáthíomhá den Phiarsach: Tá roinnt eolais le fáil ar Wikipedia an Bhéarla faoin láthair, ach níl aon rud ráite faoin duine nó na daoine a rinneadh an dearadh. Is trí thimpist a tháinig mé ar scéal suimiúil faoi dhuine den bheirt a bhí freagrach, ailtire Bascach a chaith cuid mhaith dá óige i mBaile Ghib na Mí. Ba i