miércoles, 16 de agosto de 2017

Dá mBeadh Milliún Agam

Ceann de na haistí scoile a bhíodh le scríobh againn ó am go ham. 'Dá mBuafainn Milliún Punt/an Crannchur". Is dócha gur theastaigh ó na múinteoirí a fháil amach an raibh an Modh Coinníollach foghlamtha againn.

Ach ar ndóigh tá an-chuid againn ag brionglóid i gcónaí agus ticéid á gceannach againn do chrannchuir, rásaí capaill, agus ag cur geall nó dhó ar chluichí, toghcháin agus mar sin de. Tugann sé tamall fantasaíochta dúinn. Cad a dhéanfainn leis na milliúin? An morgáiste a ghlanach, teach nua a cheannach, árasán i bPáras, Tesla, níl aon teorainn lenár mianta.

Roinnt de na boic mhóra a bhfuil a gcuid airgid déanta acu, go hionraic nó ar bhealaí eile, is maith leo a gcuid flaithiúlachta a fhógairt le fundúireachtaí agus níl aon amhras ach go ndearna cuid acu leas mór don chúis ba ansa leo, leabharlanna, maoiniú don chath in aghaidh ailse, SEIF agus eile - tar éis dóibh an saibhreas ollmhór a dhéanamh ar dtús agus cánacha a sheachaint ar bhealaí dleathacha agus eile.

In Éirinn thug fundúireachtaí neart airgid do na hollscoileanna agus do chúis na síochána, agus amanta bítear ag súil go mbeidh sliocht na nGael i dtíortha thar lear flaithiúil linn i gcónaí in ainneoin gurb í Éire ceann de na tíortha is saibhre ar domhan dar le figiúirí lucht eacnamaíochta agus polaitíochta.

Is dócha gur fhoghlaim na Gaeil ón leatrom a rinneadh orthu nach féidir leo aon rud a dhéanamh ar a son féin, agus gur cheart do dhream éigin eile teacht i gcabhair orainn i gcónaí - braitheann an fhorbairt eacnamaíochta ar chomhlachtaí iasachta atá ag éalú ó chánacha ina dtíortha féin agus ag iarraidh bunáit neamhchostasach i dtír Bhéarla a bheith acu san Aontas Eorpach.

Is cuimhin liom fadó duine óg sa Ghaeltacht á rá liom gur cheart don scríobh faoin easpa áiseanna agus caitheamh aimsire a bhí ag déagóirí sa cheantar, agus bhí na daoine fásta mar an gcéanna. ní dhéanfaí rud ar bith mura mbeadh deontas ar fáil. Is fíor go raibh daoine a thapaigh an deis iad féin le rudaí a chur ar bun, amharclann, comharchumainn, eastát tionsclaíochta, ach is annamh a bhí tacaíocht iomlán an phobail acu. Is amhlaidh gur cuireadh ina leith gur ar a son féin a bhí siad, nó ag iarraidh postanna a chruthú dá gclann, ag lorg poiblíochta.

Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an ualach oibre a leagadh ar choistí deonacha ar fud na tíre, daoine a thug a gcuid ama agus a gcuid fuinnimh gan luach saothair ar bith a fháil. Gan bhuíochas fiú go minic, ach an pobal ag glacadh leis go bhféadfaí leas a bhaint as a gcuid allais gan an chóir a íoc leo. Bás óg a bhí ann do roinnt, seanaois chantalach do roinnt eile, gan fiú a gclann féin buíoch ná bródúil as a ndúthracht.

Agus bíonn ar gach glúin tosú as an nua. Is iontach an rud é go dtarlaíonn sé seo, go bhfuil splanc éigin dóchais nó ceanndánachta sna Gaeil i gcónaí. Ach le gach céim chun tosaigh baineann lucht na cumhachta cor coise asainn le déanamh cinnte gur beag an dul chun cinn a dhéantar.

Táimid ag súil le crannchur an tsaoil a bhuachaint gan stró a chur orainn féin.

Maidir leis na Gaeil, a bhfuil fágtha dínn, tuige nach bhfuil leabhair á gceannach? Tuige a bhfuil sé beagnach dodhéanta múinteoirí a bhfuil Gaeilge acu a fháil le hobair sna Gaelcholáistí? Tuige a mbíonn na hirisí fágtha gan cheannach sa bheagán siopaí agus clubanna ina mbíonn siad ar díol? Tuige nach léitear iad fiú nuair a cheannaitear iad?

Tuige nach bhfuil milliúnaí ar bith ann a chuirfeadh an cúpla céad míle atá ag teastáil ar fáil leis na múinteoirí sin a bhfuil géarghá leo a oiliúint? An bhfágtar aon rud le huacht ag na heagraíochtaí deonacha a bhfuil an oiread sin déanta acu ar bheagán acmhainní agus foirne? Má tharlaíonn a leithéid an bhfuil an mhaoin á cur sa treo ceart?

Bhal, dá mbuafainn an crannchur nach gceannaím ticéid dó riamh, nó dá dtitfeadh an saibhreas ón spéir chugam.... maoiniú do dhianchúrsaí oiliúna do mhúinteoirí na Gaeltachta agus na nGaelcholáistí, feachtas le hábhar foghlamtha den scoth a chur ar fáil, maoiniú le straitéis a bheadh neamhspleách ar pholaiteoirí a leagan amach do na glúinte atá romhainn. Ní bheadh ag teastáil ach cúpla milliún i ndáiríre.... agus bíonn duaiseanna níos mó ná sin ag na crannchuir.

Ach deirtear go gcailleann daoine an cloigeann nuair a thagann lear mór airgid chucu gan choinne. B'fhéidir dá mbeadh 'an t-ádh' orm go gcaithfinn an t-airgead ar rud éigin mar seo:


No hay comentarios:

Publicar un comentario