Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide


 

Trí bliana agus leathchéad ó shin, sa bhliain 1970, rinne lánúin cinneadh cúl a thabhairt leis an saol i gCorcaigh agus an turas a dhéanamh ó thuaidh go Tír Chonaill. Thug siad leo a n-ochtar clainne. Bhí an duine ba óige díreach tagtha ar an saol, ach ba é sin an duine den chlann a thuillfeadh aitheantas agus clú - agus a imeodh ón saol seo i bhfad roimh a am.

D’fhéadfaí amharc ar an mbeirt seo mar lánúin choimeádach chráifeach Chaitliceach. Ní raibh lá nár dhúirt siad an paidrín agus ní raibh Domhnach nach mbeadh siad ar na binsí tosaigh ag an Aifreann. Níor cheadaigh siad teilifíseán sa teach agus bhí siad an-chúramach faoi na leabhair agus na foilseacháin eile a thabharfaí isteach sa teach. Staon siad ón ól agus ón tobac agus ó chuid mhór de shólaistí an tsaoil. 

Ach féach orthu ar bhealach eile agus feicfidh tú gur réabhlóidithe iad an bheirt seo, Fionntán Mac Aodha Bhuí as an Muileann Cearr agus Eibhlín Ní Dhrisceoil as Cill Briotáin, mo thuismitheoirí.

Tógadh an bheirt acu le Béarla, ach ina n-óige chuir siad spéis sa Ghaeilge agus in athréimniú na teanga. Chuir siad aithne ar a chéile trí chruinnithe An Réalt, cumann Caitliceach Gaelach a raibh baint aige le Léigiún Mhuire, nuair a bhí Eibhlín ag obair in Oifig an Phoist agus Fionntán ina ailtire óg. Rinne siad cinneadh réabhlóideach nuair a phós siad sa bhliain 1954. 

Thóg an lánúin réabhlóideach a gclann le Gaeilge agus m’athair ag dul ó phost go post.

Sheas an lánúin seo an fód agus iad faoi bhrú ag meon coilínithe oifigigh agus eagraíochtaí an stáit, na scoileanna agus na sagart, nuair a tugadh íde béil dóibh ar an tsráid as Gaeilge a labhairt lena gclann, nuair a dhiúltaigh siad leagan ‘Béarla’ d’ainmneacha na leanaí a chur ar fhoirmeacha. 

Mar ailtire chuaigh Fionntán ag obair le Bord na nOibreacha Poiblí agus le Roinn na Gaeltachta. Bhí cónaí ar an chlann i nGaillimh ar dtús, áit ar rugadh an bheirt is sine. Chaith siad tamall gearr i Maigh Eo (rugadh an 3ú duine den teaghlach i dTuaim agus cónaí orthu i gCathair na Mart) agus i dTír Chonaill (an 4ú duine), seal i gCiarraí (an cúpla a rugadh i dTrá Lí, cailín acu curtha trí sheachtain i ndiaidh a breithe), tamall de bhlianta i gCorcaigh (mac eile), cúpla bliain i nDún Laoghaire (an iníon is óige), agus ceithre bliana eile i gCorcaigh (mar ar rugadh an té is óige, Rónán) sular chinn siad ar fhilleadh ar Thír Chonaill i 1970. 

Cheangail an lánúin réabhlóideach seo naisc le teaghlaigh Ghaelacha eile ar fud na tíre. Dhiúltaigh siad Béarla a labhairt le hoifigigh an Stáit. Is cuimhin lá ar stop Garda ar ghluaisrothar m’athair agus é ag tiomáint abhaile. Chuir m’athair ceist air cad a bhí cearr. Níor fhreagair an Garda é ach thosaigh ag scrúdú boinn na rotha. Labhair Fionntán arís leis, ach ní fhreagródh an Garda a chuid Gaeilge. Thiomáin m’athair ar aghaidh abhaile. Bhí cás cúirt ann am éigin ina dhiaidh sin ach níl aon eolas eile agam faoi. 

Nuair a cheadaigh an Vatacáin an t-aifreann a rá i dteangacha an lae inniu bhí mo mhuintir sáite go domhain sa bhfeachtas le hAifreann i nGaeilge a iarraidh i ngach paróiste. Sa Charraig Dhubh in aice le Dún Laoghaire a bhí cónaí orainn nuair a thosaigh an feachtas sin, agus chuaigh mo mhuintir ó shéipéal go séipéal le bileoga Gaeilge an Aifrinn a scaipeadh ar na binsí. Fuair mé féin agus an chuid eile den chlann níos mó ná ár sáith de thithe pobail agus den Aifreann ar feadh tamaill! 

Rinneadh turas mór as Corcaigh go Béal Feirste le nasc a bhunú leis na teaghlaigh mhisniúla a bhunaigh Pobal Feirste. Ar an mbealach aduaidh stopadh ar an teorainn iad. Labhair an fear custam Béarla, agus dúirt mo mháthair gur sheas an ghruaig ar chúl a chinn nuair a iarraidh ar Gaeilge a labhairt. Tharraing sé gach cás agus mála as an seanChonsul agus thosaigh ag dul tríothu. Ar ais sa charr le mo mhuintir agus thiomáin go Corcaigh gan bagáiste an teaghlaigh. Cuireadh litir fhad ghearáin chuig an Aire Dlí agus Cirt. Tamall de laethanta ina dhiaidh sin tháinig tacsaí chun an tí lenár mbagáiste.

Chuir Fionntán iris bheag chlóscríofa  darbh ainm An Teaghlach ar bun le linn na tréimhse i nDún Laoghaire agus leanadh ar aghaidh leis ar feadh cúpla bliain nuair a d’fhill an teaghlach ar Chorcaigh. Ba bheag an scaipeadh a bhí air, ach chuir sé leis an nasc idir teaghlaigh ar fud na hÉireann. Chuir Pobal Feirste cúpla eagrán de amach fosta.

Chuaigh an lánúin réabhlóideach seo lena gclann lá go Port Láirge, le trealamh craoltóireachta a bhailiú as long. Bhí stáisiún bradach raidió le bunú i gConamara. Mar a tharla fuair lucht Saor Raidió Chonamara tarchuradóir ó fhoinse eile, ach ní dheachaigh trealamh Phort Láirge amú. Dúradh liom gur baineadh leas as le Radio Free Derry a chraoladh le linn Chath Thaobh an Bhogaigh. 

Bhí an lánúin réabhlóideach seo ar thús cadhnaíochta sa bhfeachtas le pobal Gaeltachta a bhunú in aice le cathair Chorcaí. Le Tomás Ó Canainn agus Helen, Séamus agus Máirín Ruiséal, thóg siad tithe in Ard Barra i nGleann Maghair. Ba mhaith na blianta iad sin do na leanaí, bhí siad ábalta a dteanga a labhairt gan scáth lena gcomharsana, agus fánaíocht trí pháirceanna agus trí choillte ar ar bhruach Abhann na Glaise Buí. 

Tugadh an chlann ar thurais chun na Gaeltachta i gCiarraí, i gCléire agus in Árainn Mhór.

Le Tomás Ó Canainn eagraíodh ceolchoirm mhór leis na McPleakes sa dóigh go gcuirfeadh muintir Chorcaí aithne ar cheoltóirí an Tuaisceart agus le meabhrú dóibh gur aon tír amháin muid. Rinneadh turais go Cúil Aodha le bualadh le Seán Ó Riada. Eagraíodh mórshiúlta le cearta a éileamh do na Gaeil, bhí cóisir na Nollag ann do na Teaghlaigh Ghaelacha. Bhí cuairteoirí sa teach, lucht stailc ocrais Misneach in 1966 a d’fhan oíche sa teach ina raibh muid roimh dhul go Gleann Maghair. I nGleann Maghair bhí cruinnithe. Is cuimhin leo díospóireachtaí faoi cheangal na hÉireann leis na Bascaigh, seanchas faoi Chogadh na Saoirse. Mhaígh fear amháin a bhí ar cuairt againn go raibh sé ar an tsráid i mBaile Átha Cliath an lá a maraíodh Cathal Brugha. ‘Tháinig sé amach, gunna i ngach lámh, na truicir á dtarraingt ach gan aon philéar fágtha aige.’ 

Mar a rinne teaghlach nó dhó as Pobal Feirste, chinn Fionntán agus Eibhlín ar dhul a chónaí i nGaeltacht Thír Chonaill. Fuair m’athair post mar oifigeach pleanála le Comhairle Chontae Dhún na nGall agus thiomáin sé gach maidin go Leifear ar feadh na mblianta, agus ar fud an chontae le scrúdú a dhéanamh ar thithe agus ar shuímh agus le comhairle a chur ar dhaoine faoi chead pleanála agus araile.

Tar éis cúpla bliain a chaitheamh i dtithe ar cíos, tógadh an teach i gCois Cláidí, agus ba ansin a tháinig Rónán i gcionn an tsaoil, le ceathrar gasúr de chlann Uí Dhuibhir mar chomharsana béal dorais aige. 



B’iontach an t-am é le bheith i nGaoth Dobhair. Bhí pobal gníomhach ann a chuir talamh ar fáil sa Screabán le monarchan a thógáil. Bhí amharclann faighte ag Aisteoirí Ghaoth Dobhair don phobal, agus ba sna blianta sin i dtús na 1970í a cuireadh feachtas ar bun le pobalscoil a bhunú sa cheantar. Tháinig ceoltóirí óga chun cinn a ndeachaigh a gcáil ar fud an domhain. San Amharclann bhí drámaí agus geamaireachtaí a thug deis don aos óg taithí a fháil ar dhul ar an ardán. Cuireadh Raidió na Gaeltachta ar bun agus bhí ár gcomharsana, agus muintir na Gaeltachta ar fud na tíre, le cloisteáil ar thonnta an aeir. 

Ba leis sin a tógadh an deartháir óg, le Clannad agus Amharclann agus Raidió, i bpobal a bhí ag teacht chun cinn go spleodrach rábach, a athair go minic ar an aer, ag agairt ar son na pobalscoile, ar son comharchumann tithíochta, cearta teanga, tábhacht na pleanála, an comhar creidmheasa. Tháinig Oireachtas na Gaeilge go Gaoth Dobhair agus é ina ghasúr beag in 1977, agus i 1980. Bhain Clannad cáil náisiúnta agus idirnáisiúnta amach sna blianta sin, agus thuill Ceoltóirí Altan agus go leor ceoltóirí eile as an cheantar nó a raibh baint acu le Gaeltacht Thír Chonaill clú in Éirinn agus thar lear. Le cumasc den aisteoireacht, den cheol, agus den chraoltóireacht chuaigh muintir Ghaoth Dobhair agus Ghaeltacht Thír Chonaill amach os comhair an tsaoil, agus an gasúr óg á análú isteach go gliondrach fonnmhar. 

Chuir sé dúil mhillteanach sa cheol reggae, agus ina dhiaidh sin i gceol as gach cearn den domhan. Bhí cion ar leith aige ar Thoraí agus ar thír na mBascach. Bhris Rónán go leor múnlaí leis an chasadh a chuir sé féin ar cheol agus ar chraoltóireacht. Bhí an chuma air nach raibh mórán ómóis aige do dhearcadh saoil a mhuintire, ach murach an dearcadh réabhlóideach a bhí ag a mhuintir ní bheadh an tógáil aige a dhéanfadh Rí na Réabhlóide de. 



Inis Bó Fine, agus Toraí amuigh san fharraige.


Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne