Domhan na Leabhar


Feicim go bhfuil an cheist seo á cíoradh arís eile ar na meáin agus á plé ar an idirlíon, mar a bhí is dócha leis na cianta. Samhlaítear dúinn go raibh daoine óga go háirithe ag léamh i bhfad níos mó fadó, roimh theacht na teilifíse abair, agus go raibh cumas teanga níos fearr acu dá bharr. Creidim gur fíor go raibh i bhfad níos mó á léamh ag daoine sa naoú haois déag agus ar feadh seasca bliain nó mar sin den bhfichiú haois, agus gur tháinig laghdú mór ar  an méid ama a chaith daoine le leabhair, coimicí, irisí, nuachtáin agus ábhar scríofa eile ó shin. Ach is léir chomh maith go bhfuil an t-uafás léitheoireachta á dhéanamh i gcónaí, agus go bhfuil níos mó scríbhneoireachta á dhéanamh ná mar a bhí riamh, mar thoradh ar na ríomhairí póca atá ag na céadta milliún daoine anois, fóin agus táibléid le scáileán ar féidir scríobh go furasta orthu agus a bhfuil scríofa a sheoladh go lucht aitheantas nó a chraobhscaoileadh go dtí an domhan mór fíorúil ar a dtugtar an gréasán nó an t-idirlíon. Is inimircigh sa domhan nua seo ár bhformhór, ach is dúchasaigh na daoine a rugadh le tríocha bliain anuas, agus ní raibh, agus níl, aithne acu ar dhomhan ar bith eile. 

Nuair a bhí mise i mo ghasúr leathchéad bliain ó shin, bhíodh páipéir nó dhó á cheannach ag m’athair gach lá, Scéala Éireann (The Irish Press) de ghnáth agus an páipéar tráthnóna, an Evening Press, nó an Echo nuair a bhí cónaí orainn i gCorcaigh. Niorbh aon rud as an ngnáth é sin, bhíodh páipéar an lae ag beagnach gach duine, gasúir á ndíol ar na sráidreanna, 'Herilypress' á scairteadh acu i mBaile Átha Cliath, 'Echo Echo' i gCorcaigh. Ar an Domhnach ba ghnách le m'athair dhá pháipéar ar a laghad a cheannach ar an mbeallach abhaile ón aifreann, an Sunday Press agus an Independent, agus corrnuachtán toirtiúil Sasanach ar nós an Observer nó an Sunday Times, agus ba bhreá liom féin agus an chuid eile den chlann na hirisí snasta a bhí leis na páipéir Dhomhnaigh a léamh. Bhí an Beano, Dandy, Topper, Beezer agus Our Boys againn ó am go ham, agus an Gael Óg, leathanaigh agus colúin do pháistí sa Phress (An Captaen Mac), scéalta Victor O’Dea Power in Our Boys, laochra Impireacht na Breataine sna greannáin Shasanacha, leaganacha de na mórchlasaicí a spreag mé le tabhairt faoi na leabhair féin, blúirí eolais faoin stair agus an tíreolaíocht, faoi fhionnachtain na heolaíochta, agus a lán eile. Ar ndóigh bhíodh Lucky Luke agus Asterix san Irish TImes, páipéar a cheannaíodh m'athair nuair a bhíodh alt ann i nGaeilge, le Breandán Ó hEithir, Seán Ó Ríordáin, nó scríbhneoirí eile. Ba mhór mo dhúil i Look and Learn mar gheall ar an éagsúlacht ábhair a bhí ann faoi gach rud faoin spéir, agus ar ndóigh bhí an Reader's Digest agus Popular Mechanics ann le hábhar den chineál céanna do dhaoine 'fásta'. Domsa bhí an focal scríofa, agus na léaráidí a ghabh leis go minic, fíorthábhachtach, agus i bhfad níos spéisiúla ná leimhe an tsaoil sa tírín ghruama inar tharla dom teacht ar an saol.  

Agus mé i rang a dó nó a trí sa bhunscoil chuir an máistir Ó Méalóid (Pádraic, a bhí ina léitheoir nuachta ag an am chomh maith) tús le leabharlann sa rang. Iarradh orainn 2d (dhá phingin) an duine a thabhairt isteach agus leathadh leabhair amach ar an urlár agus cead againn ár rogha a phiocadh suas agus a léamh. Bhí sé sin go breá domsa, bhí leabhair sa bhaile agus ar scoil, mo mháthair ag léamh dúinn agus mé ag léamh dom féin. Chuireadh mo mháthair Gaeilge ar leabhair i mBéarla nuair nach raibh leagan Gaeilge ar fáil, muid bailthe timpeall uirthi roimh dhul a luí ceathrar nó cúigear againn ag éisteach le scéalta Grimm - ní raibh cinsireacht déanta ar na scéalta sna leagain Ghaeilge a bhí ar fáil ag an am. Níor chuir mé dúil riamh i scéalta Enid Blyton cé gur léigh mo mháthair cuid acu dúinn, agus ní thuigim cén fáth go bhfuil daoine á gceannach go fóill dá bpáistí nó, uafás na n-uafás, á n-aistriú go Gaeilge le déanaí. Bhí an dearcadh céanna agam ar Dickens, agus ba dheacair dom leabhar ar bith dá chuid a chríochnú, cé gur léigh mé leabhair agus mé i mo ghasúr a bheadh beagnach do-fhulaingthe anois (Rob Roy agus Count Robert of Paris agus saothair eile le Walter Scott, in ainm Chroim).

 Ní bhacainn le dul amach sa chlós, bhí sé níos spéisiúla finscéalta na Gréige, nó eachtraí Réamonn Óg Reics Carló le Cathal Ó Sandair a léamh ag mo dheasc. Bhí an Captaen Spéirling ann freisin, spásphíolóta, agus b’fhearr liom go mór a chuid eachraí siúd ná bleachtaireacht Reics, ach ní raibh an oiread de na leabhair sin ann. Bhí leabhair Chlub Leabhar na Sóisear sa bhaile againn, beart nua um Nollaig agus is ann a bhí Laochra na Machairí (Annraoi Ó Liatháin) a léigh mé in aon lá amháin nuair a bhí mé naoi mbliana d’aois. Bhí An Tine Bheo againn le scéal an Éirí Amach agus i leabhar eile le Micheál Ó hÓdhráin, Ar Son na Treibhe, fuair mé léargas ar impireacht na Róimhe, in Éalú le Tarlach Ó hUid bhí eachtraí na bhFiníní a d’éalaigh ón Astráil go Meiriceá. Anois agus arís bhí orm leabhar a léamh den dara huair mar nach raibh aon rud nua ar fáil, ach de ghnáth bhí rud éigin nua le léamh i gcónaí, seaneagrán ón naoú haois déag de Robinson Crusoe nó a leithéid. Bhí cónaí orainn i dtithe éagsúla, mar gur athraigh m’athair a phost cúpla uair, seal ag obair le Comhairle Contae Chorcaí, i nDún Laoghaire ó 1964 go deireadh 1965, ar ais go Corcaigh ansin mar oifigeach pleanála leis an mBardas ar feadh ceithre bliana. Tháinig mé ar leabhair i ngaráiste an tí i mBeaumont mar ar chuir muid fúinn agus an teach in Ard Barra á thógáil, chomh maith le beart de ghreannáin faoi Billy Bunter agus seanchoimicí eile Sasanacha, chomh maith le Superman, Spidermen agus a leithéidí. Chuir mé dúil in eachtraí Biggles, píolóta a chuaigh ar fud an domhain lena chairde Algy agus Ginger ag troid le cneamhairí éagsúla. Ba sna tíortha aduaine a bhí mo dhúil seachas i laochra na scéalta. Bhí An Deachtóir, An Fáinne Arabach agus An Dealbh Spáinneach (le Deasún Breathnach) léite agam chomh maith, agus leabhair le Eoghan Ó Grádaigh, Máirtín Ó Corrbuí, Criostóir Ó Floinn agus corrscríbhneoir Gaeilge eile, agus de réir a chéile thosaigh mé ar leabhair Shéamuis Uí Ghrianna a léamh tar éis do mo mháthair cuid dá scéalta a léamh os ord dúinn. Bhí Ceachta as Leabhar na Cruinne againn chomh maith,  agus Troscán na mBánta (athair le Niall Tóibín a scríobh). Bhí mo mháthair an-chráifeach agus léigh sí Doiminic Savio dúinn, agus Treasa Bheag. Thug sí beathaisnéis Oilibhéir Pluincéad mar bhronntanas Nollag dom nuair a bhí mé timpeall dhá bhliain déag d’aois, ach níor léigh mé riamh é. Má chloígh mé le gnásanna éigeantacha an chreidimh faoi bhrú ó thuismitheoirí agus múinteoirí, ní raibh fonn ar bith orm leabhar a léamh faoi mhairtírigh. Is dócha go mbeadh scéal an Phluincéadaigh an-spéisiúil i ndáiríre, ach b’fhearr liom léamh faoi shaighdiúirí agus rapairí, ‘Eoghan Rua Ó Néill’ le Seosamh Mac Grianna agus scéalta faoi Éamonn an Chnoic, nó sraith Sheáin Uí Mhulláin faoi na Rianaigh. Bhí dúil mhór agam sna leabhar ‘Sláinte an Domhain’, Sladmhargadh agus ‘Ceann vs Cloigeann’, le Donach de Róiste, scríbhneoir nach bhfaca mé tagairt ar bith dó riamh ó shin. Eitleáin, airm rúnda, spiadóirí, coirpigh diabhalta ollchumhachtacha, ach an bua ag na laochra orthu i gcónaí sa deireadh… 

I rang a ceathair bhí Diarmaid Ó Murchú mar mhúinteoir againn, agus bhíodh sleachta as cuntas Thraolach Mhic Shuibhne ar a bheatha mar óglach á léamh aige dúinn, agus an-chuid cainte aige faoin stair. Bhí seisean ina eagarthóir ar an iris Agus - ‘Léitheoireacht gan Dua gan Dualgas’ a mhana (agus fuair mé amach le déanaí gur thug sé an-chuid cabhrach do Sháirséal agus Dill agus dá scríbhneoirí, é pósta le deirfiúr céile Sheán Uí Éigeartaigh). Thug Pící Loch Garman agus L’Attaque léargas ar éirí amach 1798, agus bhí Eibhlín an Ghleanna, An Tine Bheo agus saothair eile ann faoin Éirí Amach agus Cogadh na Saoirse. Bhí amhráin le fáil i leabhair chomh maith, agus is iomaí rann as Amhránleabhar Ógra Éireann, cnuasach tírghrách dátheangach, a chuir mé de ghlanmheabhair gan brú nó spreagadh ó dhuine ar bith. Bhí Risteárd Ó Murchú againn i rang a cúig agus a sé, é an-tugtha don amhránaíochtm ‘God Save Ireland’ agus a leithéidí sin, ach níor éirigh leis aon nóta ceoil a bhaint asamsa. 



Bhí an dá arm aigne agam agus mé an-óg, go leor Béarla foghlamtha ar scoil agus ar an tsráid le bheith ábalta tabhairt faoin léitheoireacht sa dá theanga, ach is fíor, mar a tharlaíonn do go leor agus iad sna déaga, go raibh léitheoireacht an Bhéarla go mór chun cinn, mar gur i mBéarla den chuid is mó a bhí na nuachtáin, agus na leabhair a mbeadh spéis ag duine óg iontu. Sílim go minic gur cur amú ama é leabhair a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge, mar má tá an dá theanga sin ag duine cén fáth go léifí an t-aistriúchán. Rinne mé iarracht nó dhó ‘Séideán Bruithne’ a léamh, aistriúchán a rinne Seosamh Mac Grianna ar ‘Typhoon’, agus shíl mé go raibh locht éigin orm féin nach raibh mé ábalta aon taitneamh a bhaint as saothar le scríbhneoir chomh cáiliúil le Conrad - ach níor éirigh liom leagan Béarla de leabhar ar bith dá chuid a chríochnú ach oiread, in ainneoin an mholadh uilig a thugtar dó. Bhí dúil mhór agam sa bhficsean eolaíochta agus mé sna déaga agus ar feadh tamaill ina dhiaidh sin, ach ag léamh aistriúchán Phanú ar Foundation Asimov chonacthas dom nach raibh ealaín na scéalaíochta ná carachtair inchreidte ag an eolaí cáiliúil sin ar chor ar bith. Chuaigh mé siar ar chuid de shaothar Arthur C. Clarke chomh maith tamall ó shin, agus mheas mé go raibh stíl scríbhneoireachta leamh gan ealaín aige siúd chomh maith, rud a bhí fíor, le bheith ionraic faoi Chathal Ó Sandair i nGaeilge. Is léir mar sin nach ar son a gcuid stíle ach ar son na heachtraíochta agus na samhlaíochta a bhí mé faoi dhraíocht ag na leabhair agus mé i mo ghasúr. An rud a bhí éagsúil ón saol a bhí timpeall orm. Ní fhéadfainn a shamhlú go mbeadh ábhar leabhair sna rudaí a tharla sa bhaile, ar scoil, nó ar na sráideanna agus mé ag fás suas i gCorcaigh, i mBaile Átha Cliath agus i nGaoth Dobhair. Tharla rudaí spéisiúla thar lear, nó ar phlainéid eile, nó sa stair. Bhí mé chomh sáite sna leabhair nár thug mé faoi deara a lán dá raibh ag tarlú mórthimpeall orm, bhí samhlaíocht agus eachtraí sna leabhair, smaointe sna hirisí agus sna nuachtáin. Níor ghá plé mórán le daoine ar chor ar bith, go deimhin ba am amú é dar liom a bheith le daoine nuair a d’fhéadfainn a bheith in áit ar bith ar chlár na cruinne le leabhar in aghaidh an lae…

Agus spreagadh mé le beagán scríbhneoireachta a dhéanamh chomh maith.... 



Comentarios

  1. Is mise Pedro Ella ó Turku An Fhionlainn. Táim anseo chun an domhan ar fad a fháil amach cén chaoi a bhfuair mé iasacht ar líne, bhí fadhbanna airgeadais agam mar sin rinne mé iarracht iasacht thapa a fháil ar líne ach bhí mé meáite agus shíl mé nach raibh aon rud maith le fáil as idirbhearta ar líne ach tógadh mo amhras go luath chun scíth a ligean nuair a chonaic mé fianaise in aon suíomh amháin faoin gcuideachta iasachta áirithe seo a dheonaigh iasacht di (Cuideachta Iasachta Alden Moore) gur ghabh an fhianaise sin mo aire agus mar sin chuir mé in iúl iad tríd an seoladh ríomhphoist a thaispeáin sí (aldenmooresloanfirm@gmail.com) r ag an tús shíl mé go mbeadh sé fós mar an gcéanna ach ar an taobh eile bhí orm mé féin a chur i bhfeidhm mar gheall ar an iontas ba mhó a bhí agam tar éis dom na riachtanais uile a chomhlíonadh, bhí mé in ann iasacht de 15,000 euro a fháil i mo chuntas bainc. nuair a úsáideann mé Mo ghuthán, nár chreid mé riamh, theith mé chuig an mBanc chun a chinntiú go raibh sé fíor agus mar sin bhí sé. Fuair ​​mé an t-aillín ar an 8ú lá d'Eanáir 2020 le Dia a bheith mar ghlóir. is féidir leat deifir a dhéanamh gan amhras agus dul i dteagmháil leis an gcuideachta iasachta seo ag a seoladh ríomhphoist ag {aldenmooresloanfirm@gmail.com} a bhfuil muinín mhór acu as go tapaidh agus iontaofa.

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne