Crois i láimh amháin, bábóigín adhmaid sa láimh eile

Thabharfá suntas di agus í ina seasamh sa scuaine don eitleán go Santo Domingo. Bhí sí ard, i bhfad níos airde ná na fir agus na mná Doimineacacha a bhí ar a mbealach abhaile. Agus na cosa fada nochta, neamhchosúil leis na mná eile uilig a raibh brístí ró-theanna géine orthu. Ní raibh sí ag caint le duine ar bith acu oiread sa slua glórach meidhreach, a haghaidh druidte.

Ar an eitleán thóg sí crois amach as a máilín, agus bábóigín adhmaid, agus choinnigh greim dhlúth ar an dá chomhartha de na creidimh atá ag spairn le chéile ar oileán Hispaniola leis na cianta. D'fhan sí socair ar an eitilt as Nua Eabhroc go dtí go raibh muid ag tuirling, agus tháinig an chrois agus an bhábóg amach aris, greim chomh teann aici orthu go sílfeá go mbrisfeadh siad.


Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne