miércoles, 14 de diciembre de 2016

An Rud a Rinne Hitler leis na Giúdaigh.

Áit éigin ar an Lagán a fuair mé an síob. In aice le Bealach Féich is dóigh liom, mé ar mo bhealach ó dheas. Thart fán bhliain 1977. Fear maol tuaithe ag tiomáint. An comhrá ceart go leor ar feadh tamaill, an aimsir, cá bhfuil do thriail, cad as duit.... Nuair a luaigh mé Gaoth Dobhair d'athraigh sé. Tháinig cuthach air.

'Sin an áit a bhfuil daoine ag troid faoi chearta teanga mar dhea, ag cur isteach ar an aifreann, ag scrios na gcomharthaí bóthair.... An boc sin as Doire, cén t-ainm atá air? Ó Mianáin? An bhfuil a fhios agat cad ba chóir a dhéanamh lena leithéid? An rud a rinne Hitler leis na Giúdaigh!'

Céad slán le Proinias Ó Mianáin a fuair bás i rith an tsamhraidh. Duine síochánta caidreamhach cineálta. Sheas sé agus labhair sé amach faoi na rudaí ar chreid sé iontu. D'fhéadfá a rá gur tharraing sé trioblóid air féin, ach is iad na daoine a dhéanann an gníomh garbh a bhíonn ciontach, ní hiad siúd a labhraíonn amach.

Nuair a bhí an tOireachtas ag tosú i nGaoth Dobhair sa bhliain 1984, chuala muid go raibh sé i ndiaidh bailiú leis go Doire lena bhean agus a chlann. Bhí daoine nach dtabharfadh cead cainte dó.

Tá muintir na hÉireann cineálta, cáirdiúil fáilteach, dar linn féin agus go leor daoine eile. Ach má labhraíonn tú amach, má tá tú éagsúil agus má theastaíonn uait cur fút inár measc agus dath eile ar do chraiceann nó creideamh éagsúil agat, ní fada go dtagann an claonadh faisisteach chun cinn.

Shamhlaigh mé riamh gur duine de lucht leanúna Fhine Gael an tiománaí sin a thug síob dom fadó, ach anois, creidim go bhfuil an mianach céanna ar gach taobh.

No hay comentarios:

Publicar un comentario