Ag Filleadh ar na Meánaoiseanna

Nuair a bhí mé i mo ghasúr bhíodh páipéir nuachta na hÉireann lán de thuairiscí agus de thuairimíocht faoina raibh ag tarlú sa Bhreatain. Ba léir go raibh lár na cruinne i Londain Shasana dar le lucht ceannais na tíre. In ainneoin na hathbheochana cultúrtha agus intleachtaí a tharla ag deireadh an 19ú haois, ghlac an mhórchuid de na daoine leis na caighdeáin agus na sainmhínithe coilíneacha ar an saol i gcoitinne. Tá an dearcadh sin láidir i gcónaí agus is féidir a rá, creidim féin, go bhfuil an cultúr céanna in Éirinn, mar thír nó mar stát nó mar 'oileán' agus atá san oileán soir uainn. Ach níl sa Bhreatain anois ach coilíneacht de chuid na himpireachta is cumhachtaí a tháinig ann riamh, Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus tá croílár na cumhachta le fada an lá ar an an leathchruinne lastall den Atlantach, ní in aon chathair amháin, mar a bhí croí Impireacht na Breataine, ach i dtrí nó i gceithre ollchathair nó lárionad éagsúil airgeadais, polaitiúil, agus cultúrtha.

Bhíodh polaiteoirí agus lucht gnó agus tráchtairí na hÉireann i gcónaí ag tagairt don dóigh a raibh rudaí níos fearr thall i Sasana, bóithre, oideachas, córas teileafóin - bhí gach rud níos fearr thall agus ba mhór an náire dúinne in Éirinn nach raibh muid ábalta an caighdeán ard céanna a bhaint amach. Chonacthas dom go raibh an rud céanna amhlaidh maidir leis na ceisteanna móra sóisialta, bhí náire ar dhaoine áirithe go raibh aon difear idir an Phoblacht agus an Ríocht, má bhí colscaradh agus ginmhilleadh sa Ríocht Aontaithe ba chóir go mbeadh na dlíthe céanna againne, ní ar mhaithe le cearta daonna nó saoirse pearsanta. Lean an lúitéis seo ar aghaidh mar gheall ar bhalla ollmhór intleachtach an Bhéarla. Is beag duine a rinne tagairt do thíortha beaga san Eoraip a raibh a dteangacha féin acu, a raibh saoirse bainte amach acu ó impireachtaí agus a d'fhulaing gorta agus géarleanúint agus gach drochíde eile a d'fhulaing muintir na hÉireann. Bhí an dream coimeádach a tháinig i gcumhacht tar éis an Éirí Amach, agus atá i gcumhacht ó shin, chomh dírithe sin ar dhomhan an Bhéarla nár thug siad faoi deara go ceann i bhfad go bhféadfaí rudaí a dhéanamh ar bhealach eile, agus go raibh an bua á fháil ag an Danmhairg, an Ísiltír, agus tíortha eile orainn i margadh na Breataine féin, gan an táirmheon a ghabh lenár n-iarrachtaí féin. Bhí na Sasanaigh á leanúint againne, agus na Sasanaigh ar a ndícheall ag sodar i ndiaidh SAM. Ghlac na Sasanaigh leis ar ndóigh gur mar sin ba cheart do rudaí a bheith, ach go raibh tréithe aisteacha ag na hÉireannaigh nár thuig siad. Ní fhéadfaí a bheith ag súil go mbeadh dream fiáin leathchraiceáilte ar nós na nGael ábalta rudaí a dhéanamh i gceart.

Ach mar a deirim, bhí ceannas ag SAM ar Shasana agus an ceannas sin ag leathnú ar fud an domhain. Fiú tar éis 70 bliain tá arm Mheiriceá neadaithe sna tíortha a chaill an dara cogadh domhanda, agus tionchar dá réir ag SAM ar shaoirse pholaitiúil na Gearmáine agus na Seapáine go háirithe. Is le cead agus le comhoibriú Mheiriceá atá airm núicléacha ag an Bhreatain, agus is faoi cheannas Mheiriceá a théann an Bhreatain chun cogaidh chomh minic.


Deir Meiriceánaigh go minic go bhfuil an-éagsúlacht sna Stáit Aontaithe agus nach ceart dúinne san Eoraip iad a mheas amhail is dá mba bhúir aineolacha iad uilig. Labhraítear faoin eite dheis agus an eite chlé, sóisialachas agus liobrálachas agus caipitleachas agus saoirse agus ilghnéitheacht. Conas a bheadh aithne ag daoine eile ar thír chomh mór agus chomh héagsúil? Tá aithne ag an domhan ar Mheiriceá, mar a thugann siad orthu féin, cé go bhfuil Meiriceá mór eile ann, thuaidh agus theas. Táimid ar maos i gcultúr Mheiriceá, tá aithne againn ar mhainicíní, ar cheoltóirí, ar 'réaltaí' teilifíse agus scannán, agus dá réir sin spléachadh againn ar an chultúr a léiríonn na Meiriceánaigh dóibh féin. Ní féidir linn gan aird a thabhairt ar a bhfuil ag tarlú sna Stáit Aontaithe, tír ollmhór ar nós tarbh eilifinte atá fásta suas ina cholainn ach anaibí go fóill ina intleacht, dea-mhéin ann don domhan de ghnáth, ach chomh liobarnach útamálach, mór, sin go bhfuil easair asail á dhéanamh aige ar scála ollmhór dá thimpeallacht, agus is é an domhan uile a thimpeallacht.

Níor chuir torthaí an toghcháin i SAM aon iontas orm, ach is cinnte go bhfuil uafás agus eagla orm. Is pearsanú é an tUachtarán nuathofa ar an eilifint anaibí, ach sa chás seo is eilifint bhuile é ar chuma leis cad a bhriseann sé nó cé a ghortaíonn sé lena mhianta féin a shásamh. Is oth liom a rá gur fada cuid againn den tuairim go bhfuil an claonadh sin go láidir sna Poncáin, cuma liobrálach nó caomhach iad, nach raibh lucht intleachta Mheiriceá féin den tuairim sin blianta ó shin? Le tamall de bhlianta anuas, tá mé féin den tuairim go bhfuil an domhan ag filleadh ar na meánaoiseanna, le seilbh ag mionlach beag bídeach ar shaibhreas an domhain, agus cíos, ús nó dúmháil gearrtha acu ar an chuid eile againn.

Beidh le feiceáil an bhfuil an teacht aniar ionainn leis an daonlathas a shábháil sna blianta beaga atá romhainn. Níl mórán dóchais agam, mar go bhfuil an meon feodach chomh láidir sna tíortha is cumhachtaí agus ag leathnú ar fud na cruinne. ...


Comentarios

  1. Dán beag duit.

    Cultúr an Chaiteora

    Do thoil mhonaraithe féin
    A thug saoráil don údarás
    Do mhian mhonaraithe féin
    A bheathaigh gach corparáid
    Fóillíocht an duine faoi lais
    Ag an scáthlán rómheallacach
    A chuireann mearadh ar d’aigne
    Agus suim ainspianta sa drúis
    Go ndéana tú neamhaird
    Ar anord bán na sochaí
    Tá balbh agus bodhar ort
    Agus is geall le toil do thost

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne