Cé air atá an mearbhall?


Íomhá
Le tamall fada de bhlianta, fiú sular thit na bainc as a chéile cúig bliana ó shin, agus go raibh ar shaoránaigh na hEorpa agus an domhain iad a choinneáil beo go saorga le cánacha agus ‘fiacha’ nach nglanfar go brách, bhí an-chuid daoine óga dífhostaithe, agus ag an am céanna bhí brú á chur ar dhaoine a raibh a saol caite ag obair acu fanacht tamall eile chun ualach na bpinsean a laghdú.
Anois tá os cionn leath na ndaoine faoi 25 bliana d’aois gan obair san Aontas Eorpach, nó i gcuid mhaith de. Agus tá na húdaráis i dtíortha éagsúla ag ardú aois an phinsin, sa dóigh go mbeidh orthu siúd a bhfuil daichead bliana nó níos mó caite ag obair acu leanúint ar aghaidh gan seans acu a scíth a ligean go dtí go mbeidh beagnach seachtó bliain slánaithe acu.
Rinne na baincéirí praiseach ceart den gheilleagar, bhunaigh siad botháin chearrbhachais i Londain agus i mBaile Átha Cliath agus ar fud an domhain, ag úsáid cistí pinsin agus infheistíochta na gcéadta milliún oibrí le hiasachtaí ollmhóra a fháil agus a thabhairt amach. Tugadh liúntais chánach agus go leor leor dreasachtaí nó spreagthaí eile do dhaoine le níos mó airgid a chur ina bpinsin, sin nó le hiasachtaí a fháil le maoin a cheannach mar ‘infheistíocht’, le dul ar dhréimire an tsonais agus an tsaibhris.
Fadó fadó, sular athraigh Maggie agus Ronnie an domhan, bhí bainisteoirí bainc coimeádach cúramach agus bhí sé deacair fiú do na daoine a raibh postanna buana le pá maith acu iasachtaí a fháil. Caithfeadh go leor mallachtaí leo agus cuireadh ina leith go raibh srian á chur acu ar fhás na heacnamaíochta, agus laincisí ar dhaoine óga ar theastaigh uathu áit chónaithe a cheannach.  B’éigean dóibh deich faoin gcéad nó níos mó de luach an tí a shábháil agus ní raibh cead acu níos mó ná dhá oiread go leith a dtuarastal bliantúil a fháil ar iasacht. Tháinig athrú ar an athrú. Faoin am a raibh réabhlóid na nuachoimeádach curtha i gcrích bhí iasachtaí 100% nó fiú 105% á mbrú ar dhaoine, cúig oiread a bpá, agus d’fhéadfá cibé tuarastal a d’oir duit a scríobh sa bhfoirm iarratais.
Cuireadh litreacha amach go rialta le daoine a mhealladh le hiasachtaí réamhshocruithe, ba chuma an raibh gá nó úsáid acu don airgead. Bhí sé chomh héasca sin iasachtaí foirgníochta a fháil gur spreagadh na céadta míle duine in Éirinn agus na milliúin ar fud na hEorpa, le teach nó dhó a cheannach dóibh féin agus leathdosaen eile mar ‘infheistíocht’ sa bhaile nó thar lear. Bhí an eacnamaíocht ag fás, tháinig na sluaite ó lár na hEorpa chun na tithe a thógáil, an oiread sin díobh go raibh go leor de na tithe agus de na hárasáin nua  ag teastáil le lóistín a chur ar fáil dóibh ….
Is cuimhin liom ceist a chur ar dhuine nó beirt in Éirinn a bhí chomh gafa sin le maoin mar bhealach le saibhreas a dhéanamh: cad as a thiocfadh na daoine go léir? Cén dóigh ar féidir le cathracha agus bailte beaga na tíre leanúint orthu ag fás mar sin? Bhí an tuath bánaithe cheana féin, ní raibh na milliúin ann mar a bhí sa naoú haois déag. Ach chreid siad go diongbháilte go mbeadh fás de thrí nó ceithre mhilliún ar an daonra agus go raibh an infheistíocht sa bhfoirgníocht ‘chomh sábháilte le hairgead sa bhanc’ ach go raibh sé níos fearr an t-airgead (a bhí ar iasacht ón mbanc) a chaitheamh ar thalamh agus tithe mar go mbeadh luach na maoine ag fás go tréan.
Ag an am céanna thosaigh an rialtas ag brú ar na daoine ullmhú do na blianta díomhaoine a bhí rompu amach trí níos mó dá dtuarastal a chur ar leataobh le haghaidh an phinsin. B’iontach an spreagadh an faoiseamh cánach a bhí ar fáil leis na scéimeanna pinsin, go háirithe do lucht gnó féinfhostaithe. Idir airgead na scéimeanna pinsin agus infheistíochta, agus airgead a ‘cruthaíodh’ le hiasachtaí ó mhórbhainc an domhain bhí carn ollmhór dochreidte le dáileadh amach, agus dáileadh é le fonn agus le flosc. Ní fhéadfaí bainistiú a thabhairt ar obair na mbaincéirí, cearrbhachas neamhshrianta a bhí ann, iad ag maíomh nach bhféadfaí na duaiseanna móra a bhaint gan dul sa seans, ag cur meatachta ina leith siúd nach raibh an dearcadh céanna acu.  Tá mé cinnte go raibh go leor de na baincéirí faoi gheasa ag an púdar geal as Meiriceá Theas agus iad ag ‘obair’ ceithre huaire is fiche sa lá le cur lena gcuid milliún. Níorbh iad na craoltóirí iomráiteacha ná na mainicíní amháin a bhí ag caitheamh drogaí agus iad i mbun a gcuid cúramaí.
Níl ag teastáil uainn faoi láthair mar bhaincéirí ach daoine atá in ann cuntasaíocht chúramach a dhéanamh, aire a thabhairt dár gcuid airgid, daoine ciúine coimeádacha nach gceadóidh dúinn amadáin a dhéanamh dínn féin le hairgead nach linne ná leosan é. Ní mór do na cearrbhaigh a thuiscint, agus glacadh leis, gur féidir leo gach rud a chailliúint i bhfiontar, agus nach dtiocfaidh an stát ná an saoránach ná aon duine ná dream eile i gcabhair orthu. Sin é bunús na tráchtála ó thús ama, dul sa bhfiontar. Tabharfar árachas de réir mar a mheasann cuntasóirí eile priacal an fhiontair, ach ní ceart go mbeadh aon duine ag súil le rathúnas ná bannaí más é a rogha a bheith míchúramach.
Is cosúil go bhfuil dhá chineál baincéireachta ann. Is gá iad a dheighilt óna chéile, sa dóigh go mbeidh a fhios ag daoine cá bhfuil a gcuid airgid ag dul, agus go mbeidh siad in ann a rogha féin a dhéanamh faoi shábháilteacht nó priacal a gcuid infheistíochta. Thar aon rud eile, ní ceart go mbeadh rathúnas stáit ar fáil d’fhiontair phríobháideacha.
Ó dheireadh an 19ú haois bhí pinsean á gcur ar fáil sna tíortha ba mhó a raibh forbairt thionsclaíoch déanta acu, agus leasa sóisialaigh eile de réir mar a bhí ag teastáil ar mhaithe le leas na tíre nó an phobail i gcoitinne. Bhí an stát freagrach as córais sláinte, imdhíonadh ar ghalair, uisce glan a sholáthar do chách, agus lean an fhorbairt ar aghaidh go tréan go háirithe san Eoraip agus i Meiriceá Thuaidh. Glacadh leis go raibh cúpla bliain den só tuillte ag daoine tar éis daichead bliain nó níos mó a chaitheamh ag obair, agus cuireadh airgead ar fáil dó sin, cuireadh fad le saol an ghnáthdhuine agus d’fheabhsaigh sláinte an phobail go mór – agus tharla sé seo go léir sula raibh rialtas ‘sóisialach’ i réim in aon tír, go deimhin ba é an sár-impiriúlaí Bismark a chuir na scéimeanna seo chun cinn más fíor. Tugadh an pinsean do dhaoine ag seachtó bliain d’aois, agus de réir a chéile laghdaíodh aois an phinsin agus fad á chur le saol an duine. Laghdaíodh chomh maith ar líon na laethanta agus na n-uaireanta oibre. Bhí daoine in ann dul ar saoire, bhí am le sparáil acu, d’fheabhsaigh an tsláinte agus cuireadh le fad an tsaoil.
Tháinig Maggie agus Ronnie i gcumhacht agus thosaigh an cúlú, cé gur fógraíodh go glórach agus go minic go raibh saoirse nua ann, go raibh daoine faoi dheireadh in ann éirí saibhir agus ábalta a gcuid saibhris a choinneáil, rogha a dhéanamh de na seirbhísí a bhí ar fáil go príobháideach mar go raibh an t-airgead acu, go mbeadh costas níos ísle ar shláinte agus ar thaisteal, agus mar sin de. Ach cuireadh in iúl go tréan freisin go gcaithfeadh daoine obair le luach a saothair a fháil. B’fhiú do go leor obair go crua, seacht lá na seachtaine, dhá uair déag sa lá, mura raibh uathu ach airgead, agus rinne cuid acu na múrtha (bhí drugaí ag teastáil ó go leor díobh, idir dhleathach agus mhídhleathach, le coinneáil ag obair chomh fada sin, agus bhí siad ar fáil go flúirseach in ainneoin an chogadh in aghaidh na ndrugaí a bhí ar bun go fuilteach costasach sna tíortha bochta ó dheas).
Ach i ndáiríre níorbh iad na gnáthdhaoine a raibh orthu breis oibre a dhéanamh má theastaigh uathu postanna a fháil nó a choinneáil a rinne an saibhreas, ach iad siúd a fuair a lámha ar thaiscí agus ar chistí pinsean na ngnáthdaoine sin agus a chuaigh i mbun cearrbhachais leo, nó lucht an tsaibhris bhuan nach gcailleann riamh. Súdh an saibhreas ón ngnáthdhuine sa domhan saibhir, agus ó beagnach gach duine agus tír ó dheas, isteach i lámha daoine gan ainm gan fhreagracht, a spreag boilsciú i dithíocht agus scaoll agus flosc ceannúcháin ionas go raibh gach duine ag rith cosa in airde le fanacht san áit a raibh siad i 1980 nó le teacht go bun an dréimire infheistíochta mar gur shíl siad go mbeadh siad gan dídean mura gceannódh siad árasáinín nó teach beag suarach ar dheich n-oiread a dtuarastal. Ar ndóigh níor leor an obair bhreise a dhéanamh, níor leor na hardaithe tuarastail, bhí luach na maoine ag ardú róghasta, ach bhí na bancanna ansin ag brú iasachtaí go tréan le sclábhaithe fiacha a dhéanamh as an oiread daoine agus ba fhéidir leo.
Tuigeadh, go háirithe i dtíortha an Bhéarla, nár ghá aon rud a dhéanamh i ndáiríre ach airgead, agus bhí an t-airgead is mó ar fáil as airgead a cheannach agus a dhíol, ba chuma i ndáiríre faoin déantúsaíocht nó faoin táirgíocht, bhí an brabús ba mhó á dhéanamh as na hiasachtaí, iasacht don tógálaí le heastát a thógáil, iasacht do na ceannaitheoirí lena gceannach, iasacht don infheisteoir le scaireanna a cheannach i bhfiontair na dtógálaithe, iasachtaí ina mullach sin le tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i bhfiontair thar lear agus mar sin de. Agus ba é síolteagasc na nuachoimeádaithe nár cheart aon cháin a íoc ar an ‘bhfiontraíocht’ seo uilig. Ach bhí cáin á íoc ag na hoibrithe, agus dleachta nuair a cheannaigh siad na tithe a bhí ródhaor dóibh, ach mar dhreasacht bhí faoiseamh cánach ar fáil le morgáistí a chur orthu, rud a spreag daoine hiasachtaí a bhí thar a n-acmhainn a fháil, agus a chuir tuilleadh gáis i mbolgóid an bhoilscithe a bhí ag tarlú i bhfoirgníocht agus i luach na talún nuair a bhí praghsanna ag titim sna sean-earnálacha eacnamaíocha, go háirithe sa déantúsaíocht a aistríodh go tíortha i gcéin ar mhaithe le brabús a mhéadú agus cáin a sheachaint.
Táimid ag filleadh ar na meánaoiseanna, sealúchas agus saibhreas na tíre agus an domhain ag aicme uilechumhachtach gan srian, duine as céad, an chuid eile ag titim nó tite isteach san aicme eile, daoine gan sealúchas, gan acu ach bochtaineacht nó fiacha. Sclábhaithe.
An dtiocfaidh aon athrú?

Comentarios

  1. Tá Dia duit, Séasúr an Fhéile anseo arís, ba chóir dóibh siúd a bhain leas astu teacht amach agus fianaise a thabhairt dúinn agus ba cheart dóibh siúd nach bhfuil iasacht faighte acu dúinn teagmháil a dhéanamh linn anois.

    Réamhrá Beag fúm féin.
    Is mise Claudia Klein, Gearmánach mé agus is ionadaí dom Spotcap Global Financial Services. Déanaimid gach cineál iasachta ar ráta fóirdheontais de 3%

    An bhfuil Iasacht uait chun do fhiach a chomhdhlúthú roimh dheireadh na bliana?
    An dteastaíonn iasacht uait chun Gnó a chur ar bun nó chun do Ghnólacht a leathnú?
    An bhfuil iasacht uait le haghaidh laethanta saoire?
    An dteastaíonn iasacht uait chun carr nó teach a cheannach?
    An gá duit iasacht a fháil chun Tionscadal nua a thosú nó do thionscadal reatha a chríochnú?

    Cibé cúiseanna a d'fhéadfadh a bheith leis agus airgead de dhíth ort. Seo an réiteach ar do imní airgeadais.
    Ba chóir do pháirtithe leasmhara dul i dteagmháil linn le haghaidh tuilleadh faisnéise trí ríomhphost: | spotcapglobalservices@gmail.com | nó cuir teachtaireacht chugainn ar WhatsApp: +4915758108767 |

    Nuair a thagann sé chun iasachtaí a fháil ar líne, táimid an-iontaofa agus iontaofa, tá sé an-tábhachtach go n-oibreoidh tú leis an gCuideachta Ceart. Cabhróidh muid leat an ráta is fearr a fháil do d'iasacht beag beann ar do chreidmheas! Má tá tú ag féachaint I gcás aon chineál iasachta, is sinne an chuideachta cheart duit teagmháil a dhéanamh léi.

    Téigh i dTeagmháil Linn Inniu Le haghaidh tuilleadh eolais faoin tairiscint iasachta atá againn tríd an ríomhphost seo: | spotcapglobalservices@gmail.com | nó cuir teachtaireacht chugainn ar WhatsApp: +4915758108767 | Freagra a Fháil Ar an toirt.

    ResponderEliminar
  2. Dia duit Mo chara.
    An bhfuil gá práinneach agat le hiasacht ghnó nó le hiasacht phearsanta?
    An bhfuil tú i gcónaí gan airgead tirim toisc gur dhiúltaigh do bhanc nó institiúidí airgeadais eile duit iasacht a fháil mar gheall ar chomhthaobhacht neamhleor, cóimheas fiachais chun ioncaim, scór creidmheasa íseal, ráta úis ard nó aon chúiseanna eile?

    Tuirseach de do staid airgeadais reatha? An bhfuil borradh uait faoi do chúrsaí airgeadais? An bhfuil tú tuirseach de bheith ag dul chuig an mbanc i gcónaí nó ag fanacht le go bhfaighidh do bhanc nó institiúid airgeadais eile faomhadh d’iasacht? Tá réiteach níos fearr tuillte agat.

    Tá Grúpa Creidmheasa Pinnacle anseo le líne chreidmheasa a d'fhéadfadh cabhrú leat do spriocanna airgeadais foriomlána a shaothrú.

    Le Pinnacle Financial Group, is féidir leat iasacht a fháil do díreach 3 faoin gcéad Ráta úis.
    Is féidir leat suas le 10 milliún a fháil ar iasacht.
    Is féidir leat iasacht de do rogha a fháil ar an toirt.
    Is féidir leat idir 1 go 30 bliain a roghnú le haisíoc.
    Faigheann tú iasacht in áit ar bith agus ag am ar bith ar do chompord féin.

    Déanaimid gach cineál seirbhísí iasachta, táimid go tapa, iontaofa, iontaofa agus éasca le faomhadh freisin faoi bhun 24 uair an chloig.

    Déan iarratas ar iasacht inniu; déan teagmháil linn tríd an seoladh ríomhphoist seo chun tuilleadh eolais a fháil faoin tairiscint iasachta atá againn:
    Ríomhphost: pinnaclefinancegroupinc@gmail.com

    Le meas
    Marcus & Millichap
    POF, Pinnacle Financial Group.

    ResponderEliminar
  3. Bhí an-áiteamh orm agus dúirt mé liom nach raibh spéis aige a thuilleadh sa chaidreamh agus gur theastaigh uainn briseadh suas agus go raibh ár bpósadh ag druidim, bhí sé mar a dúirt mé leis gur athraigh sé a thuilleadh agus nach ndéanann sé de ghnáth Is maith liom siúl as láimh a chéile sna páirceanna, ag iarraidh orm féachaint orm agus aon rud eile a fhágann go bhfuil ár gcaidreamh milis. Theastaigh uaim é a logh dom ach bhí sé bodhar ar mo chuid glaonna agus d'aistrigh sé amach as an teach fiú, chuir sé orm cabhair a lorg ó fhoinsí éagsúla. Bhí mé ag brabhsáil an lín nuair a chonaic mé fianaise bhean a dúirt gur chuidigh caster litrithe darbh ainm an Dr. Ajayi léi lena fadhbanna pósta mar go raibh sí ag lorg torthaí na broinne agus go raibh sí ábalta breith a thabhairt caster ar a dtugtar an Dr. Ajayi, anois tá sí féin agus a fear céile ag maireachtáil le chéile go sona sásta. Chuaigh mé i dteagmháil leis an té a rinne an litriú agus scríobh mé ar WhatsApp agus mhínigh mé dom an tsaincheist a chuir sé in iúl dom, dúirt sé liom roinnt rudaí le déanamh a rinne mé agus le mo choinne, chuir glao ar mo chomhghleacaí Seán orm agus d'iarr sé nach raibh a fhios aige cad a bhí ag tarlú. air. , go léir a bhuíochas leis an Dr Ajayi táim pósta anois agus ag súil le mo chéad pháiste. Má tá fadhb chaidrimh agat a dteastaíonn cabhair uait uait, déan teagmháil gasta leis an Dr Ajayi, ar dtús cheap mé go raibh faked air go dtí go ndearna mé iarracht agus d'oibrigh sé dom agus tá a fhios agam go n-oibreoidh sé duitse freisin. Is féidir leat teacht ar an caster litreach trí ríomhphost: drajayi1990@gmail.com nó Whatsapp: +2347084887094

    ResponderEliminar
  4. Dia duit agus Fáilte go dtí Seirbhísí Iasachta Domhanda Spotcap, Claudia Klein is ainm dom. Is iasachtóir mé agus is comhairleoir iasachta mé freisin.

    An bhfuil géarghá agat le treisiú airgeadais? an dteastaíonn iasacht uait chun críocha éagsúla? más freagra dearfach atá agat, tabharfaidh mé comhairle duit dul i dteagmháil le mo ghnólacht trí | spotcapglobalservices@gmail.com | nó cuir teachtaireacht chugainn ar WhatsApp: +4915758108767 | agus iasacht a bheith agat i do chuntas laistigh de 24 uair an chloig toisc go gcuirimid iasacht den scoth ar fáil Seirbhísí ar fud an domhain.

    Tairgimid gach cineál seirbhísí iasachta (Iasacht Phearsanta, Iasacht Ghnó agus go leor eile), cuirimid iasachtaí fadtéarmacha agus iasachtaí gearrthéarmacha ar fáil agus is féidir leat suas le 15 milliún Euro a fháil ar iasacht freisin. Cuideoidh mo chuideachta leat spriocanna éagsúla a bhaint amach le raon leathan táirgí iasachta.

    Tá a fhios againn gur fadhb mhór a bhí i gceist le hiasacht dhlisteanach a fháil I gcás daoine a bhfuil fadhb airgeadais acu agus a bhfuil réiteach ag teastáil uathu, tá sé deacair ar a lán daoine iasacht chothromais a fháil óna mbanc áitiúil nó ó institiúidí airgeadais eile mar gheall ar spéis ard ráta, comhthaobhacht neamhleor, cóimheas idir fiachas agus ioncam, scór creidmheasa íseal nó aon chúiseanna eile

    Níl aon amanna feithimh níos mó nó cuairteanna struis bainc. Tá ár seirbhís ar fáil 24/7 - is féidir leat iasacht a fháil agus d'idirbhearta a chomhlánú aon uair agus cibé áit a bhfuil sé uait

    Soláthraímid seirbhísí iasachta 24 uair an chloig den scoth. Le haghaidh Fiosrúchán / Ceisteanna? - Seol Ríomhphost chuig | spotcapglobalservices@gmail.com | nó cuir teachtaireacht chugainn ar WhatsApp: +4915758108767 | Freagra a Fháil Ar an toirt.

    Ní gá go mbeadh a fhios ag do theaghlach, ag do chairde agus ag do Chomhghleacaithe go bhfuil tú íseal ar airgead tirim, Just a scríobh chugainn agus gheobhaidh tú iasacht.

    Tá do shaoirse airgeadais i do lámha!

    ResponderEliminar
  5. Hey, tá an oiread sin sceitimíní orm go bhfuil mo Phósadh briste curtha ar ais & go bhfuil m’fhear ar ais tar éis dó mé féin agus ár 2 pháiste a fhágáil do bhean eile. Tar éis 8 mbliana pósta, bhí mé féin agus m’fhear i gcairéal amháin nó an ceann eile go dtí gur fhág sé mé sa deireadh agus bhog mé go California le bheith le bean eile. bhraith mé go raibh mo shaol thart agus shíl mo pháistí nach bhfeicfidís a n-athair go deo arís. Rinne mé iarracht a bheith láidir díreach do na páistí ach ní raibh mé in ann na pianta a chuireann crá mo chroí a rialú, bhí mo chroí líonta le brón agus pianta mar bhí mé i ndáiríre i ngrá le m’fhear céile. Gach lá agus oíche smaoiním air agus ba mhaith liom i gcónaí go dtiocfadh sé ar ais chugam, bhí an-imní orm agus bhí cúnamh ag teastáil uaim, mar sin chuardaigh mé cabhair ar líne agus tháinig mé ar shuíomh Gréasáin a mhol gur féidir leis an Dr Mohammed cabhrú le hiar-ais go tapa. . Mar sin, bhraith mé gur chóir dom triail a bhaint as. Rinne mé teagmháil leis agus d’inis sé dom cad ba cheart a dhéanamh agus rinne mé é ansin rinne sé (Geasa grá) dom. 28 uair an chloig ina dhiaidh sin, ghlaoigh m’fhear orm i ndáiríre agus dúirt sé liom go bhfuil sé chomh mór sin uaim agus na páistí, So Amazing !! Mar sin a tháinig sé ar ais an lá céanna, le go leor grá agus áthas, agus ghabh sé a leithscéal as a dhearmad, agus as an bpian a chuir sé orm féin agus ar na páistí. Ansin ón lá sin, bhí ár bPósadh níos láidre anois ná mar a bhí sé roimhe seo, Gach buíochas leis an Dr Mohammed. tá sé chomh cumhachtach agus shocraigh mé mo scéal a roinnt ar an idirlíon go ndéanfaidh an Dr Mohammed caster litrithe fíorchumhachtach a ghuím i gcónaí le maireachtáil fada chun cabhrú lena leanaí in aimsir na dtrioblóidí, má tá tú anseo agus do Ex ar ais uait nó bhog d’fhear céile chuig bean eile, ná bí ag caoineadh níos mó, déan teagmháil leis an caster litrithe cumhachtach seo anois. Seo a theagmháil: Seol ríomhphost chuig: monicaspiritualtemple@gmail.com, is féidir leat glaoch air freisin nó é a chur ar Whats-app: +2348134493948

    ResponderEliminar
  6. An bhfuil iasacht de chineál ar bith uait?
    An dteastaíonn iasacht phráinneach uait chun d’fhiach a chomhdhlúthú?
    An bhfuil carr, gnó nó iasacht uait chun billí a íoc?
    Déan teagmháil linn inniu agus faigh an iasacht a theastaíonn uait don bhliain nua chun saol níos fearr a fháil.
    Déan teagmháil le R-phost: tffinance01@gmail.com
    SONRAÍ BORROWER
    Ainm:
    Aois:
    Inscne:
    Tír:
    Luaigh:
    Seoladh:
    Uimhir teileafón:
    Méid na hiasachta:
    Téarma iasachta:
    Ioncam míosúil:
    Cuspóir na gcistí:
    Méid Riachtanach:
    Fad:
    déan teagmháil le ríomhphost: tffinance01@gmail.com
    whatsapp: +14093591901

    ResponderEliminar
  7. Witam.

    Czy po prostu zostały odrzucone przez Twój bank Ostatnio i nie ma gdzie indziej można uzyskać pożyczkę potrzebujesz, skontaktuj się z nami dzisiaj i pozwala zobaczyć, jak możemy Ci pomóc, tylko uczciwi i prawdziwi ludzie mile widziane do zastosowania, czasami to, czego potrzebujemy jest tylko wokół nas i może skończyć się nie trzeba dostać się do większej długu, aby rozwiązać nasze problemy finansowe, z dobrą radą i rozwiązaniem, które oferujemy można być pewnym, że szukasz wydostać się z tego wąskiego rogu znajdziesz się w tej chwili. Każdy może zapytać o nasze usługi.

    Wypełnij poniższe informacje:

    nazwa:
    wiek:
    adres:
    stan:
    Państwo:
    numer telefonu:
    potrzebna kwota:
    okres kredytowania:
    cel pożyczki:

    Uprzejmie skontaktuj się ze mną jak najszybciej, abyśmy mogli rozpocząć proces kredytowania

    Email(chasebanktransferdesk@gmail.com)
    chasebanktransferdesk@yandex.com

    Z Poważaniem.
    James Ton.

    ResponderEliminar
  8. An dteastaíonn iasacht éigeandála uait chun d’fhiachas a íoc nó iasacht chothromais chun do ghnó a fheabhsú? Ar dhiúltaigh bainc agus gníomhaireachtaí airgeadais eile duit? An bhfuil comhdhlúthú iasachta nó morgáiste uait? Ná hamharc níos faide, mar táimid anseo chun do chuid fadhbanna airgeadais go léir a chur taobh thiar dúinn. Déan teagmháil linn trí ríomhphost: {larrybright424@gmail.com Cuirimid iasachtaí ar fáil do pháirtithe leasmhara ar ráta úis réasúnta 2%. Tá an raon ó 5,000.00 euro go 100,000,000.00 euro.

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne