Caimiléireacht gan Teorainn.



Nach deas an radharc é?
 Loch os comhair caisleán Manzanares el Real lasmuigh de Madrid na Spáinne. Ach ar an taobh thall den loch tá príosún Soto de Real agus is ann atá cónaí ar dhuine a bhí cumhachtach cumasach tráth, cisteoir an pháirtí atá i gcumhacht le tamall de bhlianta, ó thit an ghéarchéim eacnamaíochta anuas go trom ar an Spáinn agus tíortha go leor eile.




Bhí Luis Bárcenas Gutiérrez a rugadh sa bhliain 1957, ina chisteoir ar an Partido Popular, páirtí coimeádach a tháinig i gcumhacht tar éis na géarchéime nuair a bhí muintir na tíre bréan de na polaiteoirí a chuir sa 'Crisis' iad.
Ba é a bhí i mbun rannóg cuntasaíochta an pháirtí ón mbliain 1990, agus rinneadh Cisteoir de in 2008. Toghadh ina Sheanadóir é in 2004 mar ionadaí do Cantabria, agus d'éirigh sé as a phost mar Chisteoir go sealadach mar gheall ar líomhaintí gurb ionann é agus an coirpeach  "Luis el cabrón" agus go raibh sé ciontach as calaois chánach agus íocaíochtaí mídhleathacha. Tugadh cás Gurtel air seo. D'éirigh sé as an Seanad in 2010 agus as a bheith ina Chisteoir ach lean an Páirtí ar aghaidh á íoc....

Díríodh aird air arís i dtús na bliana 2013 nuair a léiríodh go raibh na milliúin aige i gcuntais bainc san Eilbhéis agus d'fhoilsigh na páipéir El País agus El Mundo cáipéisí a léirigh go raibh cuntais rúnda ag an Partido Popular inar coinníodh sonraí faoi íocaíochtaí a rinneadh faoi cheilt le polaiteoirí, bhí, dar leis na líomhaintí, íocaíochtaí mídhleathacha á ndéanamh le polaiteoirí le hairgead a fuarthas go rúnda ó lucht tacaíochta an pháirtí agus ó lucht gnó. Bhain go leor de na daoine flaithiúla seo leis an earnáil tógála (bheadh aithne ag muintir na hÉireann ar an modh tacaíochta seo....), daoine a ghnóthaigh conarthaí luachmhara rialtais.

Foilsíodh grianghraif de na mórleabhair rúnda a bhí scríofa i lámh Bárcenas, ar ndóigh shéan na polaiteoirí go raibh aon rud mícheart déanta acu....Ach thuairisc El Mundo go raibh Bárcenas ag glacadh leis go ndearnadh íocaíochtaí mídhleathacha leis an bPáirtí ach dúirt sé gur leis féin an t-airgead a bhí sna cuntais Eilbhéíseacha. 

Cuireadh sciúradh airgid agus calaois cánach ina leith agus i mí Mheithimh 2013, seoladh Barcenas go príosún Soto el Real. Dúirt an breitheamh nach ligfí saor é mar go raibh baol ann go n-éalódh sé as an tír. Tá sé ina aoi ag an stát ó shin..... 


Tá neart cásanna eile calaoise ag dul go mall trí chúirteanna na Spáinne, agus na scéalta sna nuachtáin ag dul i líonmhaire agus i bhfaide... 

Seans ar bith ann go mbeadh cuid de choiligh mhóra an tíogair cheiltigh á gcur faoi choinneáil am éigin sula mbeidh siad ina seandaoine caite? 

Comentarios

  1. Caolseans. Mar a deir na Gearmánaigh, san áit nach bhfuil ionchúisitheoir níl breitheamh.
    An chóras abhus ró fhite fuaite.

    ResponderEliminar
  2. tá mé óg arís, ag breathnú ar na dathanna i do ghrianghrafanna. Agus ag smaoineamh ar Tejero, a rinne iarracht coup d'etat a chur i bhfeidhm nuair a bhí mé ann, nach iontach an t-athrú atá tagtha ar an tír le 30 bliain anuas. Tá daonlathas ina ghlóir agus ina ghruaim acu sa Spáinn sa lá atá inniu ann. Nach iontach é!

    ResponderEliminar

Publicar un comentario

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne