lunes, 1 de septiembre de 2014

Nótaí Cuimhneacháin

Fionntán Mac Aodha Bhuí 1924 – 2012

Rugadh Fionntán sa Mhuileann Cearr i mí an Mheithimh 1924, an dara duine de thriúr mac. Tógadh é sa bhaile mór, agus fuair sé a chuid meánscolaíochta le Bráithre na Toirbhirte. Rinne sé an Ardteist sa bhliain 1942 faoin ainm Murchadh Fionntán Mac Aodha Bhuí. Níor thaitin an t-ainm a thug a mhuintir air leis, Morgan nó Murchadh agus d’éirigh sé as é a úsáid go hóg.
I measc na gcineálacha caitheamh aimsire a bhí aige agus é ina ghasúr bhí snámh agus tomadóireacht (dúirt sé gur caitheadh isteach sa chanáil é agus é timpeall 9 mbliana d’aois, gurb é sin an modh múinte snámha a bhí ag gasúir a linne. Luaigh sé go mbíodh gach cineál cluiche á n-imirt sa bhaile, an cruicéad féin san áireamh. Baile garastúin ba ea an Muileann Cearr agus d’fhág na reisimintí a lorg.
Luaigh sé sean-saighdiúir a throid sa chéad chogadh domhanda mar dhuine a chuaigh i bhfeidhm air lena scéalta.
Ceantar láidir feirmeoireachta a bhí mórthimpeall ar an bhaile agus rath ar lucht gnó dá réir.
Ba de mhuintir Hayes a mháthair, agus is féidir nasc a fheiceáil sa ghinealas le Casaidigh Fhear Manach ina sinsir siúd.
Nuair a bhí sé cúig bliana déag d’aois rinne sé camchuairt Chonamara ar rothar, ag fanacht i dtithe nó ag campáil – luaigh sé feirmeoir i dtuaisceart Chonamara a thug cuireadh dó an oíche a chaitheamh ina theach beag, ba ann a bhí an tocht leapa ba chompordaí dár chodail sé riamh ann, a dúirt sé.
DSC_0072
Le linn dó a bheith sa mheánscoil chuir Fionntán an-spéis sa Ghaeilge agus sa náisiúntacht, bhí sé ina bhall óg de Chonradh na Gaeilge agus níos déanaí chuaigh sé le Glún na Bua agus le hAiltirí na hAiséirí. Chuaigh sé isteach san LDF agus é an-óg agus é réidh chun an stát óg Éireannach a chosaint ar ionsaí ar bith ar a neodracht – tugadh an FCÁ ar an chuid sin de na fórsaí cosanta ina dhiaidh sin. Níor Saorstátach é áfach agus ghlac sé páirc sna hagóidí a rinneadh nuair a daoradh baill den IRA as an mbaile chun báis i Sasana i 1940.
Rinne sé an Ardteist i 1942.
Bhí an-dóchas aige as Aiséirí ach d’éirigh sé as an eagraíocht sin mar gheall ar an gclaonadh chun deachtóireachta a bhí i mbunaitheoir na gluaiseachta Gearóid Ó Cuinneagáin (níor chuir sin deireadh le cairdeas na beirte – bhíodh an Cuinneagánach ar cuairt, agus bhí díospóireachtaí bríomhara acu faoi chúrsaí polaitiúla agus eacnamaíocha ar feadh na mblianta.
Chuaigh a dheartháireacha isteach san Arm ('Óglaigh na hÉireann') agus dúirt sé cúpla bliain sula bhfuair sé bás gurb oth leis nach raibh sé san Arm chun an tír a chosaint le linn an Chogaidh – is léir go raibh meon láidir tírghrách de chineál sa teaghlach. Slógadh lucht an LDF ó am go ham nuair a chuaigh ráflaí thart go ndéanfadh na Meiriceánaigh nó na Sasanaigh, nó fiú saighdiúirí Cheanada, ionradh aduaidh. Bhí siad réidh le troid le dream ar bith a thiocfadh, a dúirt sé, Gearmánaigh nó aon dream eile.
Bhí sé le rá ag Dónall Ó Lubhlaí, bunaitheoir Chumann na bhFiann, gurb é Fionntán a thug isteach i ngluaiseacht na Gaeilge é sa Mhuileann Cearr.
Fuair sé post beag le páipéar áitiúil, a chéad phost, mar a thug sé air, agus ar feadh na mblianta scríobh sé ailt agus cuntais faoi chúrsaí a raibh spéis ar leith aige iontu, go háirithe pleanáil agus forbairt phobail, athbheochan teanga agus an taisteal.
Thug sé cuairt ar an Róimh agus ar uaigh Aodh Uí Néill, agus thaisteal sé chun na Fraince agus na hEilbhéise. Sna blianta sin bhí an taisteal aeir an-chostasach ach bhíodh lacáistí ar fáil ag daoine a raibh daoine muinteartha leo ag obair le hAer Rianta, mar a raibh an deartháir ba shine a bhí aige.
Rinne sé cúrsa ailtireachta i mBaile Átha Cliath, chaith tamall ar phrintíseacht agus fuair post ar feadh seal i mBord na nOibreacha Poiblí. Lá dá raibh sé ag obair i bPáirc an Fhionnuisce shiúil sé isteach in oifig in Áras an Uachtaráin. Bhí an tUachtarán Ó Ceallaigh istigh i mbun cruinniú leis an Taoiseach de Valera. Bhí siad an-lách leis an bhfear óg, agus bhí an fear óg an-sásta gur Gaeilge a bhí á labhairt acu le chéile agus leis féin!
Bhí an-mheas aige ar Dev ach díomá nach raibh an Taoiseach chomh dílis do na haidhmeanna náisiúnta agus ba chóir dó. Ní ghéillfeadh Fionntán riamh ar phrionsabal, bhí creideamh láidir dobhogtha aige, é dílis go bás don eaglais Chaitliceach. Dó siúd bhí ceangal an-láidir idir an dílseacht sin agus a dhílseacht do thír agus teanga. B’ionann scéal na hÉireann agus stair daoine a throid go cróga in aghaidh ghéarleanúint creidimh, díshealbhú agus bás a dteanga. Theastaigh uaidh muintir na Gaeltachta a fheiceáil i mbun a ngnóthaí féin i gcomharchumainn, ag seasamh lena dteanga, ag cloí lena dtraidisiúin ach ag tabhairt aghaidh go dóchasach ar shaol úr na teicneolaíochta.
spanisharch

Pósadh

Casadh Eibhlín Ní Dhrisceoil as Cill Bhriotáin i gCorcaigh air ag cruinniú de chuid An Réalt, cumann gaelach Léigiún Mhuire, ar an 8 Nollaig 1952 i nGaillimh agus phós siad a chéile laistigh de dhá bhliain. Chuaigh sé ar mhí na meala le hEibhlín go Lourdes agus tuaisceart na Spáinne – thug sé faoi deara an t-easpa saoirse a bhí ansin faoi Franco (‘España no es libre’ a dúirt fear leis). Bhí bá aige leis na Bascaigh, a raibh gaol acu dar leis le muintir na hÉireann. Cé go raibh sé ina Chaitliceach go smior ar feadh a shaoil níor thaitin deachtóireacht de chineál ar bith leis.
img011
Bhí cónaí ar an lánúin i mBearna agus ar an gCaisleán Nua i nGaillimh agus Fionntán ag obair sa chathair. Níorbh fhada go raibh cúram clainne orthu. Bhí aithne acu ar Cholmán Ó hUallacháin OFM faoin am sin, an teangeolaí a bhí ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ar an Institiúid Teangeolaíochta agus i gceannas ar Roinn an Léann É̇ireannaigh i gCúil Raithin. Bhí aithne acu ar Sheán agus Máire Stafford, aisteoirí, i nGaillimh. Dúirt Seán gurb é Fionntán a mhúin an tiomáint dó – ag an am ní raibh le déanamh ach ceadúnas a cheannach, bhí Fionntán ag tiomáint ar fud na tíre ar feadh a shaoil gan triail tiomána a dhéanamh riamh.
Chuaigh Fionntán ag obair i gContae Mhaigh Eo agus ba i gCathair na Mart a bhí cónaí orthu nuair a rugadh an tríú duine den chlann. Níor fhan siad ach tamall gearr i Maigh Eo. Rugadh an ceathrú duine clainne, i Leifear, i gContae Dhún na nGall i 1959 . Chuir Fionntán aithne ar Thoraigh agus ar Ghaoth Dobhair agus go leor eile den chontae, ach laistigh de bhliain bhí cúpla ag Eibhlín i dTrá Lí, mar go raibh cónaí orthu faoin am sin sa Spá i gContae Chiarraí agus ba ansin a chuaigh an chéad duine clainne ar scoil den chéad uair. Níor mhair duine den chúpla, Edel, ach trí sheachtain, d’éag sí ar an 5 Márta agus tá sí curtha i reilig Thrá Lí. Lean an t-athrú postanna agus seolta ar aghaidh, go Corcaigh, Baile an Róistigh agus Beaumont ina dhiaidh sin a chuaigh siad. Chuig an Mhodhscoil i lár na cathrach a cuireadh na leanaí, agus Fionntán ag obair leis an Chomhairle Contae.
Bhí sé an-chairdiúil leis an Athair Tadhg Ó Murchú agus bhí baint aige leis an leacht a tógadh i gCarraig na bhFear mar chomóradh ar fhilí an cheantair sin, tháinig De Valera leis an leacht a oscailt go hoifigiúil i 1962.
Cheannaigh sé teach i mBeaumont agus chuaigh sé thart chuig na comharsana le cead a fháil uathu ‘Bóthar an Ghuagáin’ a thabhairt ar an tsráid – an bhfuil an t-ainm sin ann go fóill? Cuireadh leacht i mballa tosaigh an ghairdín le hainm na sráide. Bhí cónaí ar Roibeard Ó Meára agus a chlann in aice láimhe. Théadh an teaghlach go Cill Bhriotáin go rialta ar cuairt ar mháthair Eibhlín, agus ba mhinic a thiomáin Fionntán go ceantair éagsúla leis an chlann, go Caiseal Mumhan, Guagán Barra, Trá Bolgan agus áiteanna eile. Uaireanta bhíodh teaghlaigh Ghaelacha eile leo. Chuaigh siad go Corca Dhuibhne sa samhradh i 1962 agus 1963, iomparán ar an Beetle agus an mana ‘Múscail do mhisneach a Bhanba’ scríofa air. Dúirt Fionntán uair amháin gurb é an t-iomparán, cineál cófra le cur ar dhíon an Volkswagen, an rud ba úsáidí a thug Gearóid Ó Cuinneagáin don tír, is cosúil go raibh an Cuinneagánach á n-iomportáil.
Rugadh an séú duine clainne i 1962. Chuaigh Fionntán go Ceanada agus na Stáit Aontaithe ar feadh roinnt seachtainí, agus mhair a spéis i Québec ar feadh a shaoil. Scríobh sé an leabhar “Anam Do-chloíte Québec” agus d’fhoilsigh FNT é tamall de bhlianta ina dhiaidh sin.
Queb9
Chaith an teaghlach timpeall dhá bhliain ansin ina gcónaí i ndeisceart Bhaile Átha Cliath, sa Charraig Dhubh agus i bPáirc Bhaile Eoin in aice leis an Naigín. Chuaigh na leanaí chuig Scoil Lorcáin mar a raibh clann Uí Mhóráin agus Uí Chasaide. Bhí Fionntán ag obair le Bardas Dhún Laoghaire ag an am, agus páirteach sa bhfeachtas le haifreann Gaeilge a chur i ngach paróiste, ag scaipeadh bileoga ag aifreanntaí éagsúla lena chlann, agus á mbailiú ag deireadh an aifrinn. Théadh sé go searmanais de chuid Chuallacht Mhuire gan Smál chomh maith.
Rugadh an seachtú duine den chlann i nDún Laoghaire i 1965. Baisteadh í cúpla lá i ndiaidh a breithe i mí Aibreáin gan a máthair i láthair. Bhí Fionntán ag tacú leis an ngrúpa Misneach ag an am, agus chuir sé an-spéis sa bhfeachtas a bhí ag Desmond Fennel ar son ‘Iosrael in Iarchonnacht’. Bhí asé féin agus Eibhlín gníomhach sna Teaghlaigh Ghaelacha, agus bhunaigh sé iris bheag darbh ainm ‘An Teaghlach’ thart fán am sin. Ar feadh an ama bhíodh irisí ar nós Deirdre, Feasta agus an tUltach á gceannach aige, chomh maith leis an Irish Press, an Sunday Press agus na páipéir eile nuair a bhíodh ailt i nGaeilge iontu. Bhíodh isirí cúrsaí reatha á léamh go rialta aige chomh maith, ar nós An tÉireannach Aontaithe/United Irishman, an Capuchin Annual, Irisleabhar Thiobhóid Wolfe Tone agus irisí náisiúnacha eile. Bhí go leor leabhar faoi chogadh na saoirse sa teach, leabhar Dorothy McArdle, The Irish Republic, Trodairí na Treas Briogáide, B’fhiú an Braon Fola,(Leagan Béarla) agus beathaisnéisí Art Uí Ghríofa, Seán Sabhat (Maraíodh Seán Sabhat Aréir) agus eile. Cheannaíodh sé leabhair An Chlub Leabhar, agus bhíodh ábhar do dhaoine óga i gcónaí sa bheart leabhar uathu siúd ag an Nollaig.
D’aistrigh sé chuig Halla na Cathrach i gCorcaigh timpeall tús na bliana 1966 mar a raibh sé ina oifigeach pleanála. Cuireadh an chlann go dtí an Mhodhscoil, Scoil Ghobnait do na cailíní, agus Scoil Bharra do na buachaillí, arís. Cé go raibh máistrí na scoile brúidiúil go leor, bhí siad an-dílis don teanga agus don chultúr Gaelach. Bhí Diarmuid Ó Murchú ina eagarthóir ar an Iris AGUS agus d’eagraigh Risteárd Ó Murchú céilí gach Céadaoin do dhaltaí bunscoile in áras an Chraoibhín, i gcomhar le Séamus Langford agus daoine eile – bhí cáil air mar amhránaí chomh maith.
Tosaíodh ar an bhfiontar Buaic Teoranta le tithe a thógáil do theaghlaigh Gaelacha i nGleann Maighir. Bhí an chéad dá theach tógtha faoi 1967 agus chuaigh Tomás agus Helen Ó Canainnagus a gclann isteach i dteach acu agus clann Mhic Aodha Bhuí sa cheann eile. Níorbh fhada go raibh an tríú teach tógtha do Shéamus agus Máirín Ruiséal. Bhíodh ‘An Teaghlach’ á chlóscríobh agus á chóipeáil in Áras an Chraoibhín de Chonradh na Gaeilge ar feadh cúpla bliain. Théadh an teaghlach ag aifreann i Séipéal Pheadair agus Póil i lár na cathrach i gCorcaigh ar feadh na mblianta ag a naoi ar maidin, agus go minic chuig aifreann eile Gaeilge a bhí ar siúl sa tráthnóna sa Pharóiste Theas.
I 1966 rinneadh ‘an turas mór’. Thiomáin Fionntán leis an teaghlach i sean Ford Consul (£169 a chosain sé) agus le puball nó dhó, go Béal Feirste agus chaith an teaghlach roinnt laethanta i dteach i gCeathrú Aoidh Dhuibh. D’fhan sé i dteagmháil le Gaeilgeoirí Bhéal Feirste agus i measc rudaí eile, cuireadh cúpla eagrán de ‘An Teaghlach’ le chéile ó thuaidh. Tharla eachtra gránna go leor ar an teorainn ar an mbealach ó dheas. Is léir gur spreag labhairt na Gaeilge an fear custaim le hamhras. D’ordaigh sé gach mála sa charr a oscailt. Bhí sé ina raic ar feadh tamaill. Sa deireadh thiomáin Fionntán ar aghaidh. Chuir Fionntán litir chuig an Aire faoin eachra agus tamall ina dhiaidh sin tháinig carr go dtí an teach leis na málaí a bhí fágtha ag an ionad custaim. Ar an mbealach ar ais ó Bhéal Feirste bhí an teaghlach ag campáil le teaghlaigh Gaelacha eile i Rinn Mhic Gormáin, mar a raibh coláiste ag na Proinsiasaigh. Chaith Fionntán agus a chlann tamall in Oileán Chléire i rith an tsamhraidh céanna.
Cuireadh Coiste Práinne na Gaeilge ar bun i gCorcaigh agus bhí léirsiú mór acu i Sráid Phádraig (1968?), bhí cruinniú nó dhó acu le Jack Lynch, a bhí ina Thaoiseach ag an am, agus bhí Fionntán i dteagmháil le daoine ar fud na tíre, go háirithe sa Ghaeltacht le feachtais áirithe a chur ar bun. Thug sé an chlann leis go Port Láirge lá le tarchuradóir raidió a phiocadh suas as long. Bhí sé i gceist raidió bradach Gaeltachta chur ar bun, ach tharla sé gur thug baill nó lucht tacaíochta Shinn Féin tarchuradóir eile isteach agus cuireadh ceann Fhionntáin go Doire nuair a bhris na trioblóidí amach, mar a raibh sé á úsáid ag Radio Free Derry.
I 1968 chuaigh sé chun na hOstaire ar chúrsa a d’eagraigh na Meiriceánaigh agus rinne sé cairdeas le daoine as gach cearn den Eoraip le linn an chúrsa. Thug sé cuairt ar Phrág roimh theacht abhaile, le bualadh le teaghlach chara leis, Karl Baçik a bhí ag obair ag an am i gCorcaigh. Bhí sé an-tógtha le hiarrachtaí na Seiceach le saoirse a bhaint amach ón Rúis, thug sé cuairt ar Phrág sa earrach, thug bean bratach na Rúise dó, á rá nach mbeadh gá aici léi níos mó, ach cuireadh deireadh le réimeas Dubcek roinnt míonna ina dhiaidh sin. Faoi dheireadh thug sé an bhratach don Amharclann i nGaoth Dobhair. N’fheadar ar baineadh úsáid riamh as. D'fhoilsigh an sheanchara Gearóid Ó Cuinneagáin a chuntas ar an turas sin go lár na hEorpa sa leabhar 'Earrach Ostarch[ (Cló Grianréime 1974).
Chomh maith leis sin bhí Fionntán gníomhach i ‘Cairde Chúil Aodha’ agus an-mheas aige ar na hiarrachtaí a bhí ar bun ag Seán Ó Riada sa cheantar.
Chuaigh an chuid is sine den chlann go Clochar na Toirbhirte, agus go dtí an Mhainistir Thuaidh, nuair a bhí an bhunscolaíocht críochnaithe acu.
Le linn an Olltoghcháin i 1969 bhí Fionntán i nGaillimh le beirt dá chlann, ag canbhasáil d’iarrthóir Chumann Cearta Sibhialta na Gaeltachta, Peadar Mac an Iomaire. Chuir sé in iúl do lucht tacaíochta na bpáirtithe a bhí ag geata na scoile sa Seantalamh lá an toghcháin, go raibh sé báúil le páirtí an Lucht Oibre, ach go raibh sé níos tábhachtaí tacú le hiarrthóir Gaeltachta ná vóta a chaitheamh i gCorcaigh. I measc daoine eile a bhí páirteach sa bhfeachtas bhí Nollaig Ó GadhraCaitlín Maude, Aingeal Ní Chonchúir agus Máirtín Ó Cadhain, a thug óráid fhíochmhar dhátheangach sa bhFaiche Mhór, ag tabhairt ‘thicknecked minotaur’ ar George Colley, aire de chuid Fhianna Fáil.
Bhí Fionntán i dteagmháil i gcónaí le Pobal Feirste, agus chuaigh sé go Béal Feirste leis an obair a bhí ar bun le pobal Gaeilge a chruthú sa chathair agus an obair atógála i Sráid Bombay 1970 a bhí faoi stiúir ag Seán agus Séamus Mac Seáin a fheiceáil.
Síorsholas

Gaoth Dobhair

Thart faoin am sin, faoi thionchar Des Fennel (Iosrael In Iarchonnachta) b’fhéidir, tháinig roinnt de na daoine a bhí rannpháirteach sna hiarrachtaí le pobail Ghaeilge a bhunú sna cathracha ar an tuairim gurbh fhearr dóibh a gclann a bhogadh chun na Gaeltachta. Bheartaigh Fionntán ar imeacht as Gleann Maighir go Gaoth Dobhair, díreach tar éis don duine deireanach den chlann teacht ar an saol i gCorcaigh. Fuair sé post le Comhairle Contae Dhún na nGall i Leifear agus thug an teaghlach leis go Gaoth Dobhair i mí Mheán Fómhair 1970. Chuir siad fúthu i dteach de chuid Jimí Diní i gCois Cláidí ar feadh tamaill. Cuireadh an triúr ba shine den chlann ar scoil in Ardscoil Mhuire agus de réir a chéile chuaigh an chuid eile uilig trí Bhunscoil an Bhun Bhig, mar a raibh Seán Mac Fhionnlaoich agus ina dhiaidh sin Diní Mac Fhionnlaoich ina bpríomhoidí. Ba é Dónall Mac Suibhne, sagart, a bhí ina phríomhoide ar Ardscoil Mhuire. Níorbh fhada go raibh Fionntán sáite sa bhfeachtas le pobalscoil a fháil do Ghaoth Dobhair, agus an cheardscoil a nascadh leis an Ardscoil. Bhain an-chuid conspóide le cúrsaí meánscolaíochta agus Fionntán sáite ina lár, ag iarraidh a chinntiú go mbeadh scoil mhaith ghaelach sa phobal, i suíomh oiriúnach. Bhain polaitíocht de gach leibhéal le cúrsaí oideachais sa cheantar. Bhí roinnt de na daoine an-naimhdeach, rud a ghoill ar an teaghlach. I measc na ndaoine a bhí páirteach i bhfeachtais cearta teanga sa phobal bhí Tomás Mac Giolla Bhríde, Máire Mhic Niallais agus a fear céile Seán agus go leor eile.
Mar lánstaonaire ghoill sé ar Fhionntán go raibh formhór na n-imeachtaí sa cheantar ar siúl i dtithe tábhairne agus d’eagraigh sé coirmeacha ceoil i halla Dhobhair agus i gcúpla áit eile le caitheamh aimsire níos ‘sláintiúla’ a chur ar fáil. Chuaigh sé i dteagmháil le daoine ar fud an phobail agus i Rinn na Feirste le ceol agus seanchas a athbheochan. Bhíodh sé ag freastal go minic ar imeachtaí na hAmharclainne, agus scríobh sé corrléirmheas don pháipéar Amárach faoi dhrámaí a bhí san Amharclann (mar chúiteamh do Pheadar Ó Ceallaigh as iasacht tí a thabhairt don teaghlach i samhradh 1972).
DSC_0851
Ba i dteach de chuid Jimí Diní Ó Gallchóir i gCois Cláidí a chuir an teaghlach fúthu ar dtús, chuaigh siad go Machaire Gathlán ar feadh tamaill go teach in aice leis an pháirc peile, teach de chuid Jim Neidí Mac Suibhn, , agus a fhad is a bhí suíomh á lorg agus teach á thógáil chuir siad fúthu in áiteanna éagsúla, teach Pheadair Uí Cheallaigh sa Dubhchoraidh agus seanscoil an Toir ina measc. Faoi dheireadh tógadh teach i gCois Cláidí agus ba é sin an teach deireanach a bhí ina sheilbh. Lean sé ar aghaidh ag tiomáint go Leifear gach maidin agus ar fud an chontae mar oifigeach pleanála go dtí gur éirigh sé as a phost ag aois 60 bliain.
Teach Cois Cláidí
Thug sé an teaghlach go hAlbain i 1972, go hInbhear Nis agus an Garasdan, an Oban agus áiteanna eile. Bhí spéis aige i mbailte nua agus i bhforbairt na tuaithe. Scríobh sé leabhrán don Chomhairle Contae tamall ina dhiaidh sin faoi chuairt eile a rinne sé ar Inse Gall.
Bhí dúil mhór aige sa líníocht agus sa phéintéireacht, agus is iomaí uair a rinne sé pictiúir den Eargal agus radharcanna eile sa cheantar. Dúírt sé go mbíodh aghaidh dhifriúil ar an Eargal gach lá. 
DSC_5195
Cé nach raibh teilifís sa teach go dtí go raibh formhór na clainne tógtha bhí spéis aige i gcónaí i dtaifeadadh fuaime agus físe. Rinne sé scannán faoi Abhainn Chois Cláidí le cúpla duine as Béal Feirste.
DSC_5256
I measc na dtionscadal a raibh baint aige leo bhí Comhar Ghabhla, iarracht le comharchumann pobail a chur ar bun i bparáiste Ghaoth Dobhair. Bhí Muiris agus Séamus Ó Fearraigh, Tomás Ó Monacháin, Dónall de Barra agus daoine eile páirteach san iarracht, ach níor éirigh leo daoine a thabhairt le chéile le tithe a thógáil mar a bhí ar intinn acu. Chabhraigh Fionntán le mná sa cheantar éadaí cniotáilte a dhíol sa phost. Thacaigh sé go láidir le Coiste Áitiúil an Oireachtais a d’eagraigh an fhéile den chéad uair i nGaoth Dobhair sa bhliain 1977, agus le hÉigse Uladh a bhí ar siúl ar feadh na mblianta agus d’eagraíodh sé taispeántais ealaíne don Éigse. Bhí baint aige le bunú an Chomhar Creidmheasa, an chéad chomhar creidmheasa sa tír a chuir bileoga agus foirmeacha ar fáil trí Ghaeilge. Scríobh sé paimphléad i mBéarla ‘Housing Dilemma in Donegal Gaeltacht’ mar chuid dá fheachtas i gcoinne pleananna a bhí ag na húdaráis eastáit tithíochta a thógáil le cois ionad tionsclaíochta an Screabáin. Chabhraigh sé le heagarthóireacht agus dáileadh an pháipéir ‘Gaeltacht’ a bhunaigh an clódóir Proinsias Ó Muireagáin. Chuir sé eagrán nó dhó d’iris dá chuid féin amach faoin ainm ‘Dúchas” chomh maith.
DSC02059
Ghoill sé go mór air nuair a d’úsáid sagairt Béarla sna tithe pobail. Shiúil Fionntán amach as corr-aifreann i Mín Uí Bhaoill agus i nDún Lúiche nuair a léigh sagart coimhthíoch as Béarla é. Bhí roinnt daoine naimhdeach leis féin agus lena chlann dá bharr sin agus mar gheall ar an gcáineadh a dhéanadh sé ar pholaiteoirí agus ar cheannairí poiblí a bhí ag tréigean na Gaeilge dar leis.
DSC_5176
Rinne sé na pleananna do Áras na seandaoine a tógadh in aice le Teach Phobail Dhoirí Beaga.
Bhí sé de shíor ag tathaint ar lucht polaitíochta agus eile teacht le chéile le plean forbartha a dhéanamh don cheantar, d’fhoilsigh sé a chuid moltaí féin agus labhair sé go minic fúthu agus faoi nithe eile ar Raidió na Gaeltachta.
Na Stailceanna Ocrais 1980-81: Bhí sé an-chorraithe faoi chás na bpríosúnach ar an mblaincéad sa Cheis Fhada agus in Ard Mhacha agus thug sé tacaíocht le fonn do na feachtais a eagraíodh le tacú leo. D’éirigh sé as áfach nuair a chonacthas dó nach ar son na bpríosúnach a bhí lucht eagar an fheachtais ach ar son a bpáirtí féin a chur chun cinn i dtoghcháin. D’fhoghlaim sé go luath ina shaol oibre gan muinín a chur i bpolaiteoirí ná géilleadh do bhrú ar bith uathu – bhí sé le rá ag iarchigire de chuid Roinn na Gaeltachta go raibh comhfhreagras in oifigí na Roinne ó na caogadaí ina raibh sé soiléir go raibh Fionntán ag diúltú géilleadh do pholaiteoirí a chuir brú air forbairtí a cheadú dá lucht leanúna féin.
An Feachtas ‘Ar Son na Beatha’ – Thacaigh Fionntán go láidir leis an bhfeachtas reifrinn ‘Ar son na Beatha’ i dtús na 1980í agus chabhraigh sé le bolscaireacht a rinne dreamanna éagsúla i gcoinne an ghinmhilleadh.
Cé go raibh an t-airgead i gcónaí gann, agus ochtar clainne faoin chúram, d’éirigh leis an chlann, nó cuid den chlann, a thabhairt ar thurais ar fud na hÉireann, go hAlbain, go dtí An Bhreatain Bheag, agus An Fhrainc. Rinne sé cúpla turas chomh maith chun na hAfraice, mar a raibh a chara Fionbarra Ó Cuileanán ina shagart i dtuaiscear na Nigéire agus ina dhiaidh sin sa Tansáin. Bhain sé úsáid as a scileanna ailtireachta le séipéal agus ionad sláinte a dhearadh. Chuaigh sé go Iarthar na hAstráile chomh maith ar cuairt chuig a dheartháir Noel, agus chuaigh sé féin agus Eibhlín go Antanarivo nuair a maraíodh deirfiúr le hEibhlín, misinéir, i dtimpiste bóthair.
NoelFiontan
Chuaigh sé féin agus Eibhlín a chónaí in aice lena n-iníon in Aill Finn i gContae Ros Comáin agus is ansin a chaith siad beirt na blianta deireanacha dá saol. Fuair sé bás ar an 9ú Nollaig 2012.  Cuireadh é i reilig na bhForbacha i gCois Fharraige sa pharóiste ina raibh cónaí air féin agus Eibhlín nuair a phós siad i 1954.
DSC_7261

No hay comentarios:

Publicar un comentario