Teampall i nDún Lúiche.

Bíonn an chéad radharc againn ar Ghaobh Dobhair anseo. Faoi ghualainn an Aireagail,

feicimid an Loch mór, tithe thíos lena chois, agus ballóga séipéil. Is annamh a smaoinimid ar an teampall sin, níl cuma ró-ársa air agus mealltar ár súile ag áilleacht an locha féin agus muid ag dul trí Dhún Lúiche,


síos thar sean-stáisiún na móna, teach ósta nua na Cúirte mar a bhíodh a theach ag an tiarna talún fadó. 


Ar aghaidh linn go dtí an Bun Beag, radharc anois agus arís ar Abhainn an Chláidí, agus ar an eastát tionsclaíoch ar a dtugtar An Screabán go háitiúil.

Chuaigh m'athair ag obair i Leifear i 1970, tar éis a bheith i gCorcaigh agus in áiteanna eile. Am éigin sular aistrigh an teaghlach as Corcaigh bhí mé leis i dteach Mhary Neidí agus luaigh m'athair an séipéal cois locha. Teampall Protastúnach a bhí ann adúradh leis, ní raibh aon eolas eile acu faoi ach gur tréigeadh é agus gur thit an díon isteach blianta roimhe sin.





Ar ndóigh chuaigh mé trí Dhún Lúiche go minic le beagnach leathchéad bliain anuas, ag smaoineamh corruair ar dhul síos go Gleann (nó Cró)  Nimhe, mar ar thit Balar go hIfreann,  agus go Gleann Domhain. Faoi dheireadh, mar is dual dom, chuaigh mé síos ag amharc ar an seanteampall Protastúnach seo. Má amharcann tú ar an vicipéid níl mórán ráite faoi Dhún Lúiche. Tá beagán níos mó ann sa Fhraincis agus an seanteampall sna pictiúir a ghabhann leis an alt. Luaitear 'ruined church' a bheith ar an taobh thiar den loch sa leagan Béarla, cé gur léir gur ar an taobh thoir den loch atá sé. Luaitear an teampall sa téacs Francach agus deirtear gur loisceadh é le linn Chogadh na Saoirse. Bheadh sé sin an-spéisiúil ar ndóigh dá mbeadh aon fhírinne ann, ach níorbh é sin a tharla ar chor ar bith.

Tá stair an teampaill agus an phobail ar fáil ar leac i nGaeilge agus i mBéarla (b'fhéidir nach raibh ceachtar den dá theanga ag an té a scríobh alt vicipéid na Fraincise).


"Tógadh an eaglais seo ar ordú ó Jane Smith Russell i gcuimhne ar a fear céile, James a fuair bás ar an 2 Meán Fómhair 1848. Bhí James Russell ina thiarna talaimh ar Eastát Dhún Lúiche. Leagadh a chorp sa chré faoi urlár na heaglaise. Coisriceadh an eaglais ar an 1 Meán Fómhair 1853 mar shéipéal cúnta do pharóiste Thulacha Beigile. B'ionann paróiste Thulacha Beigile agus paróistí Ghaoth Dobhair agus Chloich Cheann Fhaola an lae inniu.

Tá ballaí na heaglaise tógthe le marmar geal agus cloch ghorm. Baineadh an marmar as cairéal áitiúil atá anois chóir a bheith ídithe. Is go háitiúil a rinneadh na brící dearga atá timpeall na bhfuinnneog, fosta. Tá iarsmaí den chuibhreann inar dearnadh na brící le feiceáil i ngaireacht d'Oileán Ghráinne nuair atá uiscí an locha íseal.

Tógadh teach dhá stór don Reachtaire sa Ghléib in aice láimhe. Tá an cuibhreann seo, atá in Eastát Dhún Lúiche, faoi chrann anois. Ba é James Henry Bor an t-aon Reachtaire a chónaigh go lánaimseartha sa teach seo. Ba í Jane Russell a d'ainmnigh é ar an 6 Meán Fómhair 1856. D'aistrigh sé go Ráithe Mhuintir Dhomhnaigh sa bhliain 1872. Inniu tá an eaglais faoi chúram na bparóistí aontaithe Gaoth Dobhair, Teampall Cróine agus Carraig Fhinne.


Tá an an Dochtúir Frazer Brady, a fuair bás i mí Mhárta 1877, mar aon lena bhean chéile agus ceathrar as deichniúr clainne a bhí acu curtha faoi shuain in uaigh mhór amháin sa roilig. Fuair a bhean Fanny bás i Mí na Nollag 1900. Ba iníon ise le James agus Jane Russell. Ba a iad na páistí a fuair bás agus atá curtha leo ná Jane Russell a d'éag i mí Feabhra 1851 in aois a 3 mhí, Mary a d'éag i Mí AIbreáin 1860 in aois a 3 mhí, Valentine Pole Griffiths a d'éag i mí Aibreáin 1868 in aois a 4 bliana agus Hugh Woodham a d'éag i mí Eanáir 1876 in aois a 19 bliana.

Cuireadh Richeard Lewis Crankshaw, arbh leis Eastát Dhún Lúiche agus a fuair bás ar an 29 Samhain 1929, sa roilig seo fosta. Tá corp a bhean chéile Nellie, a fuair bás i 1946 ina luí faoi shuain sa roilig ag an teach pobail Caitliceach in aice láimhe agus tá a huaigh ina luí i dtreo na heaglaise seo agus a fear céile.

Nuair a tháinig deireadh le réim an eastáit tháinig meath ar phobal na heaglaise agus b'annamh a bhíodh seirbhisí san eaglais. Chuaigh cóiriú na heaglaise i ndonas le himeacht aimsire agus de thairbhe costaisí arda cothabhála ar an fhoirgneamh. Mar gheall ar ghnóthaí sábháilteachta baineadh na sclátaí agus an díon den eaglais sa bhliain 1955. Cuireadh troscán agus cuid den trealamh chuig eaglaisí eile. Tá an clog anois in Eaglais na hÉireann i gCaisteal i aice le Caisleán na dTuath.
I 1987 chuir an pobal áitiúil bail ar urlár na heaglaise. Sa bhliain 2005 leathchéad bliain i ndiaidh don díon a bheith bainte de, le cuidiú deontais ón Chiste Athmhuinearais agus Síochána, tugadh faoi oibreacha caomhnaithe ar an fhoirgneamh ghalánta agus stairiúil seo. Le cuidiú ó Údarás na Gaeltachta agus FÁS rinneadh cóiriú agus atógáil ar an bhall mórthimpeall na roilige chom maith."

Is léir go ndearna an pobal áitiúil an-chúram den obair athnuachana. Is deas an foirgneamh é agus is mór is fiú an cheardaíocht a chaomhnú.






Is breá mar a luíonn sé isteach lena thimpeallacht, cosúil leis an Teach Pobail Caitliceach atá in aice láimhe:






Nuair a bhí an aimsir go maith, mar a bhíonn de ghnáth nuair a thugaim cuairt ar an cheantar, bhí radharc ar dóigh ann ar an Ghleann.



Comentarios

Entradas populares de este blog

An Seoigheach

Réabhlóidithe agus Rí na Réabhlóide

Buaite nó Caillte - Olltoghchán na Spáinne